Francis John Byrne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFrancis John Byrne
Beathaisnéis
Breith1934
Shang-hai, Daon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Nollaig 2017
82/83 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúdar, staraí Cuir in eagar ar Wikidata

Staraí Éireannach ba ea Francis John Byrne (1934 – 30 December 2017[1]).

Rugadh é in Shanghai áit a bhí a athair, as Dún Dealgan ó dhúchas, ina chaptaen báid ar an Abhainn Bhuí. D'aslonnaigh Byrne lena mháthair go dtí an Astráil nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach. Tar éis an chogaidh, d'fhill idir a athair, a tháinig slán as imtheorannú, agus a mháthair ar ais go hÉirinn. D'éirigh a athair ina mháistir cuain.

Chuaigh Byrne mar dhalta chuig Coláiste na Carraige Duibhe i gContae Bhaile Átha Cliath. D'fhoghlaim sé ann Laidin agus Sean-Ghréigis, chun chur leis an Sínis a bhí aige óna óige. Ghabh sé céim chéad onóracha amach i LuathStair na hÉireann ag An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Rinne sé pailéagrafaíocht agus Laidin mheánaoiseach sa Ghearmáin, agus i ndiaidh sin then lectured ar teangacha Ceilteacha sa tSualainn. D'fhill sé ar ais go hÉirinn sa bhliain 1964 chun éirí ina ollamh ag UCD.

Is é Irish Kings and High-Kings (1973) an saothar is mó le rá le Byrne. Bhí sé ina chomheagarthóir New History of Ireland (9 imleabhar) foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann. Foilsíodh festschrift ina onóir sa bhliain 1999 faoi stiúir a iar-dhalta, Alfred Smyth.

Chuaigh Byrne ar scor sa bhliain 2000. Fuair sé bás i mí na Nollag, 2017.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Irish Kings and High-Kings. 3ú eagrán athbhreithnithe, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2001. ISBN 978-1-85182-196-9
  • Alfred P. Smyth (eag.), Seanchas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis J. Byrne. Baile Átha Cliath: Four Courts, 1999. ISBN 978-1-85182-489-2

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]