Leabhar Buí Leacáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Scríobhadh Leabhar Buí Leacáin i ndeireadh an 14ú haois. Caomhnaítear í anois mar TCD MS 1318 (olim H 2.16). Cnuasach de chodanna é a scríobh scríobhaithe difriúla agus a cuireadh le chéile ina dhiaidh sin. Bhí scoil filíochta ag Clann Mhic Fhir Bhisigh i dTír Fhiachrach Muaidhe (i gContae Shligigh), agus is cosúil go raibh ceann de na codanna i seilbh duine den mhuintir sin tráth. Scríobh Giolla Íosa mac Dhonnchadha Mhóir Mhic Fhir Bhisigh ceann eile timpeall na bliana 1392 d’Ó Dubhda Ua bhFiachrach. Bhí Leabhar Buí Leacáin ar na scríbhinní a bhailigh an scoláire Breatnach Edward Lhuyd.[1]

Ábhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an lámhscríbhinn scríofa ar veilleam agus tá 344 colún inti. Bhí na chéad 289 colún scríofa faoin mbliain 1391 agus an chuid eile faoin mbliain 1401.

Tá an mhórchuid den Rúraíocht inti agus cuid de Táin Bó Cúailnge. Cnuasach de dhá leagan ar a laghad is ea é siúd, rud is léir ó na heachtraithe dúblacha agus na tagairtí atá déanta do leaganacha eile. An téacs iomlán atá ann anois tá sé déanta de Táin Bó Cúailnge i Leabhar Buí Leacáin agus leagan neamhiomlán eile i Leabhar na hUidhre. Níl aon leagan de Oidheadh Fhearghusa Mhic Róich is síne ná an ceann i Leabhar Buí Leacáin. Tá codanna de Táin Bó Flidhais, scéal a bhaineann le hIorras i gContae MhaighEo, ann freisin.

Tá ábhar eile ann, mar atá leagan déanach de Iomramh Máel Dúin, díolaim tréanna, agus an tráchtas céanna ar ogham is atá le fáil i Leabhar Bhaile an Mhóta. Chomh maith leis sin tá Suidiugud Tellaich Temra ann agus scéal de chuid bheatha Phádraig ann faoi Thrífhulangaí Trí-eochair (Trefuilngid Tre-eochair), fathach a chuala faoi chrochadh Chríost roimh aon duine eile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Edward Lhuyd an leabhar ó Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh timpeall Mhárta 1700 ag an bPáirc sa Spidéal nó ó Dháithí Óg Ó Dubhda ag Muine Chonalláin i gContae Shligigh an bhliain chéanna. Bheadh an leabhar faighte acu siúd ón Dubhaltach Mac Fhirbhisigh, éigeas ar chum agus ar chaomhnaigh a mhuintir an leabhar. Cheangail Lhuyd seacht lámhscríbhinn déag le chéile agus thug sé Leabhar Buí Leacáin orthu.

Scríobh Giolla Íosa Mór Mac Fhirbhisigh cuid de na lámhscríbhinní idir c.1398 and c.1417, agus ina measc tá roinnt de na téacsanna is tábhachtaí de ré na Sean-Ghaeilge agus de ré na Meán-Ghaeilge. Orthu sin tá an t-aon eagrán amháin de Táin Bó Cúailnge atá beaglach iomlán. Taispeánann dhá cholafan ó lámh Ghiolla Íosa gur scríobhadh iad sa bhliain 1392, cé go mb’fhéidir nár críochnaíodh an saothar go ceann cúpla bliain ina dhiaidh sin.[2]

Fuair Giolla Íosa cabhair ó mhac léinn leis, Murchadh Ó Cuindlis. Scríobh sé siúd lámhscríbhinn bhreá i rith 1398-99 atá ina cuid de Leabhar Buí Leacáin anois. Tomás Cam Mac Firbhisigh, mac Ghiolla Íosa, a scríobh Aided Nath Í, Togail Bruidne Dá Derga, Táin Bó Fraích, Longes mac nUislenn, Dá Brón Flatha Nime agus Mesca Ulad. Tá blúire den saothar scríofa ag Solamh Ó Droma, duine den triúr scríobhaithe a scríobh Leabhar Bhaile an Mhóta.

Tá sé maíte ag an Ollamh Tomás Ó Concheanainn gur tháinig cuid mhaith den ábhar i Leabhar Buí Leacáin ó Leabhar Ghleann Dá Locha agus ón Leabhar Laighneach.

Thóg Lhuyd an teideal ó nóta a rinne Ciothruadh Mac Fhirbhisigh: [Leab]ar an Buide Leacain anim an leabhair so; mise Cirruaidh mac Taidg Ruaidh.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Caerwyn Williams, J.E. agus Ní Mhuiríosa, Máirín (1979). Traidisiún Liteartha na nGael. An Clóchomhar.
  • Ó Muraíle, Nollaig (1996). The Celebrated Antiquary, Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600–1671): His Lineage, Life and Learning, lgh 16 and 23. Maigh Nuad: An Sagart.
  • Ó Concheanainn, Tomás, ‘The manuscript tradition of two Middle Irish Leinster tales,’ Celtica xviii (1986), lgh 13–33.
  • Ó Concheanainn, Tomás, ‘A personal reference by Giolla Íosa Mór Mac Fhirbhisigh,’ Celticia xviii (1986), lch 34.
  • Ó Concheanainn, Tomás, ‘The YBL fragment of Táin Bó Flidais,’ Celtica xiiii (1980), lgh 56–57.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa, lch 106.
  2. Féach Ó Muraíle.