Leabhar Uí Mhaine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Leabhar Ua Maine)

Cnuasach ginealaigh Gaelach is ea Leabhar Uí Mhaine, aitheanta chomh maith mar Leabhar Uí Dhubhagáin, agus as Béarla The Book of Hy-Many.[1] Caomhnaítear an lámhscríbhinn in Acadamh Ríoga na hÉireann, le cód seilf MS D ii 1. Scríobhadh é idir na blianta c. 1392–94.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glaodh Leabhar Uí Dubhagáin ar an lámhscríbhinn ar dtús, as Seán Mór Ó Dubhagáin, bás 1372, de chlann cáiliúil staraithe agus ceoltóirí as Oirthear na Gaillimhe. Bhí aitheanta uirthi níos deireanaí mar Leabhar Uí Cheallaigh, scríofa ar son Mhuirceartaigh Uí Cheallaigh (bás 1407), Easpag Chluain Fearta (1378–93) agus Ardeaspag Tuama (1393–1407). Bhí sí i seilbh na clainne úd go dtí 1757, nuair a díoladh í le William Betham. Sa bhliain 1814, dhíol Betham an lámhscríbhinn le Richard Grenville, agus dá bhliain 1883, bronnadh í ar Acadamh Ríoga na hÉireann, air a caomhnaítear anois í.

Scríobhadh an leabhar ag deichniúir scríobhaithe, ochtar díobh gan ainm, idir na blianta 1392-1394. Ba é Ádhamh Cúisín (fl. c. 1400) an príomhscríobhaí, agus Faolán Mac an Ghabhann na Scéal (bás 1423) an t-aon scríobhaí eile a bhfuil aithne air as a ainm

Ábhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is leabhar párpháipéir ollmhór é, 44 cm x 27 cm, scríofa as Meán-Ghaeilge. Dúirt duine dá scríobhaí faoina ábhar gur bolg an tsolathair atá ann. Faightear ann sraith dinnseanchais aoi, an Banseanchas, Sanas Cormaic, Leabhar na gCeart, cuid de Leabhar Gabhála na hÉireann, dánta, agus ginealaigh.

Caitear sciar maith den leabhar le bunúis agus ginealaigh chlann Uí Cheallaigh as Uí Maine, tugadh chun dáta ádh am a thiomsaithe. I dteannta sin, tá ceathrúna ag tabhairt ómóis don réimeas fada agus rath i gcónaí de chlann Uí Dhiarmada (.i., sliocht Dhiarmada Mhic an Bháird), agus ag moladh chlann Mhic an Bháird ina gcáilíocht mar thaoisigh Chinéal Reachta Soghán as lár-thoir Chontae na Gaillimhe.

Ábhar ar iarraidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scaradh daichead fóilió ad am lámhscríbhinn agus cailleadh iad, cé gur caomhnaítear trí fhóilió 17–19 in Egerton 90.[2] Rinneadh catalóg d' ábhar na lámhscríbhinne sa seachtú haois déag fad is a bhí sí i seilbh Sir James Ware agus roimh cailleadh na bhfóilió úd, a chuir in iúl go raibh inti tráth téacsanna amhail is Leabhar Gabhála na hÉireann agus Agallamh na Seanórach.

Tharraing Dubhaltach Mac Firbhisigh ar chuid den ábhar caillte agus Leabhar na nGinealach á scríobh aige i nGaillimh sa bhlianta 1649-1650. I measc téacsanna a ghlac sé, tá Seanchas Síl Ír, agus b'fhéidir Clann Ollamhan Uaisle Eamhna. Tharraing sé ar ábhar freisin agus Coimre na nGinealach á scríobh sa bhliain in early to mid-1666. Thug Nollaig Ó Muraíle faoi ndeara gur an-dhílis iad trascríbhinní Mhic Fhirbhisgh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • The topographical poems of John O’Duhbhangain and Giolla na Naomh O’Huidrin, eag. agus aistr. Béarla, nótaí atá réamhrá, le John O'Donovan, Irish Archaeological and Celtic Society, Baile Átha Cliath, 1862
  • The Book of Uí Maine, le réamhrá agus innéacs le R. A. Stewart Macalister, macasamhlach collachló, Baile Átha Cliath, 1941
  • Catalogue of Irish manuscripts in the Royal Irish Academy, Baile Átha Cliath, 1943, Facs. 26: 3314-35.
  • The Book of Uí Mhaine, R.A. Breatnach, in Great books of Ireland, Léachtaí Thomas Davis, Baile Átha Cliath, 1967
  • The Celebrated Antiquary, Nollaig Ó Muraíle, Maigh Nuad, 1996
  • The Great Book of Irish Genealogies, Dubhaltach Mac Firbhisigh (eag. Nollaig Ó Muraíle), De Burca, Baile Átha Cliath, 2003-2004
  • The Ó Cellaigh Rulers of Uí Maine - A Genealogical Fragment, c.1400, (Cuid 1), Nollaig Ó Muraíle, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, ll. 32–77, imleabhar 60, 2008
  • Compilations of lore and legend: Leabhar na hUidhre and the Books of Uí Mhaine, Ballymote, Lecan and Fermoy, John Carey, in: Bernadette Cunningham agus Siobhán Fitzpatrick (eag.), Treasures …, Baile Átha Cliath, 2009, ll. 17–31.
  • The Book of Uí Maine, formerly the Book of Ó Dubhagáin: Scripts and Structure, William O'Sullivan, Éigse, ll. 151–66, imleabhar 23, 1989.
  • Catalogue of Irish Manuscripts in the British Museum, imleabhar 2, Robin Flower, Londain, 1926.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Feictear freisin Leabhar Ua Maine
  2. Lua iomlán: Londain, British Library, MS Egerton 90