Leabhar Cloinne Maoil Ruanaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leabhar Cloinne Maoil Ruanaidh is ea teideal a thug Nollaig Ó Muraíle ar cnuasach ginealach, caomhnaithe anois mar an ceathrú cuid, agus an chuid is suntasaí, den lámhscríbhinn ARÉ LS 539 [D i 3].

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar fóilió 43r, tá colafan a deir:

A mBaile Mec Aodagain aniu Damhsa, Phillip Ua Duiginain.

Agus ag bun fhóilió 78v tá fo-nóta mar a leanas:

Ni bfuaras nisa mho do sheanchas Eirionn acht a mheid do sgriobhamar bhar ndiagh. Leor so an uair-si an seachmadh la do Dhecember, 1644. Mathgamhain O Duibhgeannain.
Ní bhfuair mé níos mó do sheanchas Éireann ach an mhéid a scríobhamar thuas. Leor seo an uaitse an seachtú lá do Nollaig, 1644. Mathún Ó Duibhgeannáin

Le fianaise mar a leithéid, an bhliain 1642 ina measc, creideann Ó Muraíle gur scríobhadh an téacs ag scoil dlí Mhic Aodhagáin i mBaile Mhic Aogáin, Contae Thiobraid Árann, roimh dheireadh na bliana 1644.

Tá ann fosta rudaí sa bhreis agus ceartúcháin le Dubhaltach Mac Firbhisigh, go háirithe sna ginealaigh Uí Dhubhda. Is le Clann Uí Dhuibhgeannáin an saothar, áfach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]