Leabhar Ghinealaigh Uí Chléirigh
Scríobhadh Leabhar Ghinealaigh Uí Chléirigh ag Cú Choigcríche Ó Cléirigh, duine desna Ceithre Máistrí, a tógadh sna 1650í go Baile Chruaich, Contae Mhaigh Eo, "faoi chosaint Ruairí mhic Maghnasa Uí Dhomhnaill, a maraíodh ag An mBinn Bhorb, 1646."
Tar éis a bháis sa bhliain 1664, d'fhág sé le huacht a leabhair agus a lámhscríbhinní ag a mhic, Diarmaid agus Seán. Sa bhliain 1817, bhogSeán Ó Cléirigh (de shliocht diarmada), go Baile Átha Cliath, ag tógaint leis a lámhscríbhinní de Leabhar Gabhála na hÉireann, Leabhar Ghinealaigh Uí Chléirigh, Beatha Aodha Rua Uí Dhomhnaill agus na dánta ginealaigh le Seán Mór Ó Dubhagáin (bás 1372) agus Giolla na Naomh Ó hUidhrín (bás 1420), scríofa uile ag Cú Choigcríche.
Tar éis tréimhsí gearra i seilbh Patrick Lynch (bás 1817) a agus Patrick Vincent FitzPatrick, díoltóir leabhar, Sráid Chéipil, Cheannaigh an scríbhneoir Éadbhard Ó Raghallaigh (bás Lúnasa 1830) an Leabhar Ghinealaigh. Cheannaigh Acadamh Ríoga na hÉireann é i Mí na Samhna 1829, áit a bhfuil siad anois faoin uimhir catalóige LS 23 D 17. D'eagraigh agus d'fhoilsigh Seamus Pender é sa bhliain 1951.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar na nGinealach
- Seanchas Fear Alban
- Leabhar Cloinne Maoil Ruanaidh
- An Leabhar Muimhneach
- Leabhar Mór Leacáin
- Foras Feasa ar Éirinn
- Annála na gCeithre Máistrí
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Analecta Hibernica, ui. 18, eag. Seamus Pender, 1951.