Jump to content

Cathach Cholm Cille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharCathach Cholm Cille

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpsalter (en) Aistrigh agus lámhscríbhinn dhathmhaisithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaLaidin na ndaoine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodhc. 600
Bunábharpár Cuir in eagar ar Wikidata
CodannaBrass Cuir in eagar ar Wikidata

Saltair na nOileán den 6ú haois (roimh 561) is ea Cathach Cholm Cille.[1] Is é an lámhscríbhinn Éireannach is sine atá ar mharthain, agus an dara saltair Laidin na nDaoine is sine ar domhan.[2] Téann cumhdach na saltrach siar go dtí an 11ú haois, athghlanta sna 14ú agus 16ú haoiseanna.

Bhíodh an saltair i seilbh chlann Uí Dhomhnaill, rítheaghlach Thír Chonaill, mar chosantóir catha.[3] Rugadh an Cathach go dtí an mór-roinn i ndiaidh Conradh Luimnigh sa bhliain 1691 agus níor fhill ar ais go dtí 1813. Osclaíodh an cumhdach an bhliain sin, agus fuarthas arís an lámhscríbhinn agus drochbhail uirthi. Rinneadh athchóiriú mór uirthi sa bhliain 1982 nuair a ceanglaíodh arís na leathanaigh ar mharthain agus cuireadh ar párpháipéar iad.[1] Níl ann ámh ach 58 leathanach as 110 ó dhúchas.[1]

Caomhnaítear an lámhscríbhinn inniu i nAcadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ LS 12 R 33) i mBaile Átha Cliath agus an cumhdach i nArd-Mhúsaem na hÉireann.

Lámhscríbhinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fóilió 19r, note the abraded and stained edges caused by impact damage as the pages moved against the cumdach, which was not large enough to hold them flat in place.[4]

Moltar go dtéann an lámhscríbhinn siar go dtí 560–600. Tá 58 fóilió ann atá ar marthain; bheadh 110 fóilió ann go hiomlán. Tá na leathanaigh 27 cm x 19, ar tomhas.[5]

Is beag an maisiú atá ann seachas ar túslitir gach sailm, déanta le líne thiubh dhubh, níos mó ná na téacs eile, maisithe le patrúin trumpa bíse agus guilloché. Go minic tá poncanna ina dtimpeall, le limistéir bhána madair, bándearga agus rua.[6]

Tar éis na dtúslitreacha, tá sraithe litreacha ag éirí níos lú go dtí méid an ghnáththéacs.[7][8]

Scríobhadh an Cathach an scríobhaí amháin, le litreacha cruinne agus seiríf Laidine ar na scríoba ingearacha.[9][1][7]

Tá ann sna leathanaigh atá ar marthain sailm 30 go 105, scríofa as leagan Gaillise den Vulgáid, le rúibric nó ceannscríbhinn léirmhíniúcháin roimh gach ceann acu.

De réir sean-nóis, scríobhadh an leabhar le Colm Cille (bás 597).[10]

Cumhdach an Chathaigh, Ard-Mhúsaem na hÉireann, NMI R2835

Tá ann sa chumhdach na bosca adhmaid dronuilleogach ar insí, clúdaithe le plátaí cré-umha agus órúchán airgid, le feistithe gloine agus criostail. 21.6 cm ar fad, 18.4 cm ar leithead agus 5.3 cm ar doimhne atá ann.[11] Roimhe sin, the is amhlaidh go gcaomhnaítear an lámhscríbhinn i "tíag"[12][13] leathair, cosúil le Breac Maodhóg den 9ú haois.

Rinneadh an cumhdach i dtrí chéim. Tosaíodh an obair i gCeanannas i seilbh Uí Dhomhnaill idir na blianta 1062 agus 1098.[11] Cuireadh repoussé órúcháin nua idir na blianta 1350 agus 1375, le Críost faoi Ghlóir ina shuí, flanked ag radharc céasta ar dheis agus naomh (is léir Colm Cille) ar chlé.[14][15] Deisíodh é sa 16ú haois,[4] agus arís sa bhliain 1723 fair chúram Daniel Uí Dhomhnaill agus é i bPáras.[16]

Clann Mhic Robhartaigh as Baile Mhic Robhartaigh, Contae Dhún na nGall, a bhí ina cosantóir oidhre an chumhdaigh. Maraíodh duine acu sa bhliain 1497 nuair a gabhadh an cumhdach. Caomhnaítear anois é i nArd-Mhúsaem na hÉireann.[4]

Taobhphainéil

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Taobh gearr
Taobh fada íochtair

Ar na taobhanna fada, tá maisiúcháin ainmhí tradisiúnta chomh maith le gréasa teibí. Ar na taobhanna gearra, tá patrúin níos galánta faoi thionchar an stíl Ringerike d'ealaín Lochlannach.[4]

Inscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ar an gcumhdach roinnt inscríbhinní, cé go bhfuil dochar déanta ar na litreacha anseo is ansiúd, tá mí-litrithe agus giorrúcháin ann, agus rinneadh athruithe níos déanaí.[17] Tá ann síniú a ghabha óir, Sitric Mac Meic Aeda, a deir go ndearna sé an cumhdach faoi ord Dhomhnaill Mhic Robartaigh (bás 1094) "comharba Cheanannais”,[18] agus é faoi choimisiún Chathbairr Uí Dhomhnaill.[19][5]

Oroit do Chathbarr Ua Domnaill lasindernad in cumtaohsa 7 do Sittriuc Mac Meic Aeda dorigne 7 do Domnall Mac Robartaig comarba Cenansa lasindernad
Oráid do Cathbharr Ó Domhnaill a ndearnadh an cumhdachsa agus do Shitric Mac Mhic Aodha a rinne agus do Dhomhnall Mac Robartaigh, comharba Cheanannais, a ndearnadh.[20]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtrach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 O'Neill (2014), lch. 12
  2. McNamara, Martin (2000). "The Psalms in the Early Irish Church". Continuum International Publishing Group. 
  3. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named St80
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Mullarkey (2021)
  5. 5.0 5.1 "The Cathach / The Psalter of St Columba Curtha i gcartlann 2016-04-11 ar an Wayback Machine", Acadamh Ríoga na hÉireann
  6. Henry (1965), lch. 61
  7. 7.0 7.1 Herity; Breen (2002), lch. 7
  8. De Hamel (1986), p. 20
  9. Herity; Breen (2002), lch. 5
  10. Herity; Breen (2002), lch. 1
  11. 11.0 11.1 Joynt (1917), lch. 186
  12. Michelli (1996), lch. 8
  13. tíag, tiachóg, geois, ar eDIL
  14. Wallace; Ó Floinn (2002), ll. 233, 269
  15. Stokes (2011), lch. 79
  16. Joynt (1917), lch. 187
  17. Michelli (1996), lch. 12
  18. Michelli (1996), lch. 14
  19. Michelli (1996), lch. 10
  20. Herity; Breen (2002), lch. 10