Ard-Mhúsaem na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaArd-Mhúsaem na hÉireann
National Museum of Ireland.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
 53°20′25″N 6°15′17″W / 53.3403°N 6.2547°W / 53.3403; -6.2547
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
BaileBaile Átha Cliath Edit the value on Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú Lúnasa 14, 1877
Eile

Suíomh gréasáin museum.ie Edit the value on Wikidata
Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht
bróiste Roscrea (9ú haois) - ar taispeántas in Ard-Mhúsaem na hÉireann (c).

Is iarsmalann é Ard-Mhúsaem na hÉireann atá suite in Éirinn.[1] Coinníonn Ard-Mhúsaem na hÉireann a mbailiúcháin ar iontaobhas don náisiún. Tá freagracht ar leith orthu as cultúr ábhartha saibhir na hÉireann agus a pobal agus as stair nádúrtha ár n-oileáin.

Tá ceithre bhrainse de chuid an mhúseaim i mBaile Átha Cliath agus ceann amháin lonnaithe i Maigh Eo. Tá saorchead isteach sa mhúsaem.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Ard-Mhúsaem na hÉireann ar an bhfód le hachtú The Dublin Science and Art Museum Act, 1877.[2] Bunaíodh an 'Músaem Eolaíochta agus Ealaíne, Baile Átha Cliath' ar an 14 Lúnasa 1877 faoi acht Parlaiminte.

Mar thoradh air seo, aistríodh foirgnimh agus bailiúcháin Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (R.D.S.) go dtí úinéireacht an stáit. Cuireadh tuilleadh leo seo nuair a aistríodh bailiúcháin shuntasacha eile ó institiúidí ar nós Acadamh Ríoga na hÉireann agus Coláiste na Tríonóide. 'Músaem Eolaíochta agus Ealaíne Bhaile Átha Cliath' an t-ainm a bhíodh air. D'fhás na bailiúcháin agus fuarthas ábhar tríd iad a cheannach, ó thabhartas poiblí agus ó sciaranna de bhailiúcháin shuntasacha a fuair an stát agus a scaip na músaeim i Londain.

Dhear Thomas Newenham Deane sna 1880idí an foirgneamh ar Shráid Chill Dara agus baineadh úsáid as chun an ceardaíocht nua-aoiseach na hÉireann, na Breataine agus na Mór-Roinne a thaispeáint sa tógáil.[3] Ar 29 Lúnasa 1890, osclaíodh an iarsmalann agus an leabharlann nua ar Shráid Chill Dara, le seó agus le ceiliúradh nach bhfacthas roimhe.[4]

Le rannpháirtíocht an stáit i reáchtáil an Mhúsaeim bhí maoiniú rialta ann agus bhí nasc le músaeim stáit eile i Londain agus i nDún Éideann a bhí mar thairbhe mhór.

Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath

Tugadh Ard-Mhúsaem na hÉireann air go luath san fhichiú haois.[2]

Tar éis bhunú an tSaorstáit in 1922, roghnaíodh seanfhoirgnimh an RDS de Theach Laighean (a aistríodh chuig úinéireacht an stáit in éineacht le bailiúcháin na hinstitiúide sin in 1877) mar ionad na parlaiminte nua (Dáil).[5] Bhí gá le spás a aimsiú d'fhoireann an Mhúsaeim a bhíodh i dTeach Laighean roimhe seo agus glacadh seilbh ar ghailearaithe taispeántais éagsúla i Sráid Chill Dara don aidhm seo.

Sa bhliain 2005, bunaíodh Ard-Mhúsaem na hÉireann mar ghníomhaireacht fhéinrialaitheach leathstáit faoina Bhord féin.

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúig cinn de shuíomhanna músaeim astu féin atá in Ard-Mhúsaem na hÉireann sa lá atá inniu ann:

Tá sé mar phríomhfhreagracht ar an Músaem ag an leibhéal náisiúnta a chinntiú go ndéanfar nithe ar scáthán iad ar oidhreacht na hÉireann a choimeád slán. I ndáiríre, is éard atá i gceist leis seo bailiúcháin nithe den sórt sin a chnuasach agus iad a choimeád slán go buan. Is iad na taispeántais an bealach is mó a mbíonn teacht ag an bpobal ar na bailiúcháin.[2]

Bíonn nithe ar fáil freisin chun gur féidir le baill foirne an Mhúsaeim nó taighdeoirí staidéar a dhéanamh orthu agus tarlaíonn sé go gcuirtear torthaí an taighde sin ar fáil i bhfoilseacháin, sna meáin chumarsáide nó i bpáipéir acadúla.[2]

Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin
Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad seo a leanas na seirbhísí a chuirtear ar fáil astu féin i nGaeilge:[2]

  • Plean urláir gach suímh sna bróisiúir do na cuairteoirí
  • Na treoirleabhair le haghaidh gach aon cheann de na ceithre shuíomh
  • Freagraítear an comhfhreagras sa teanga a bhí sa chéad chomhfhreagras
  • Roinnt bileog faoi Fhionnachtana agus faoi Ghníomhaíochtaí

srl.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téigh chuig an Ard-Mhúsaem ar líne  i gcomhair tuilleadh faisnéise.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. museum.ie. "Ard-Mhúsaem na hÉireann ar líne" (ga). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2021-07-11.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 coimisineir.ie (2003). "Acht na dTeangacha Oifigiula, 2003; Scéim Teanga 2017-2020". Dáta rochtana: 2021.
  3. "Pop-ups and trails to mark 125 years of NMI" (in en) (2015-08-20). 
  4. "History today" (en-GB). www.irishartsreview.com. Dáta rochtana: 2021-08-30.
  5. "Stair an Mhúsaeim | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (en). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2021-08-31.


Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra Ard-Mhúsaem na hÉireann
Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe
Seandálaíocht Na hEalaíona Maisiúla agus Stair Músaem Shaol na Tuaithe Stair an Dúlra
(Sráid Chill Dara, BAC2) (Dún Uí Choileáin, BAC7) (Caisleán an Bharraigh) (Sráid Mhuirfean, BAC2)