Cló na nOileán
| Cineál | handwriting style (en) |
|---|---|
| Teangacha | Hiberno-Latin (en) |
| Bunaithe ar | leath-uingeach agus later Roman cursive (en) |
Córas Callagrafaíochta meánaoisí is ea Cló na nOileán, as Éirinn ó dhúchas, a scaip go Sasana agus mór-roinn na hEorpach faoi thionchar Chríostaíochta Ceiltí. Úsáideadh é thar lear i mainistreacha amhail is Bobbio agus Fulda. Tá an cheangal idir é agus Ealaín na nOileán, go háirithe lámhscríbhinní dathmhaisithe. Bhí tionchar mór aige ar ortagrafaíocht na Gaeilge agus clónna Gaelacha an lae inniu.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Forbraíodh na scripteanna sa 7ú haois, agus úsáideadh iad chomh déanach agus an 19ú haois, cé go raibh a bhuaicphointe idir na blianta 600 agus 850. Féach mar shampla, Amra Choluim Chille, scríofa c. AD 600.
Is leagan ar leith den aibítir Laidineach é Cló na nOileán, bunaithe ar stíl peannaireachta na sean-lámhscríbhinní.[1] Leis an nGaeilge is mó a shamhlaítear an stíl inniu, ach le fírinne, tá sí an-chosúil leis an mionpheannaireacht a chleachtaítí i Mór-roinn na hEorpa i laethanta Shéarlais Mhóir. Mar shampla, cuireadh an chéad fhoclóir Laidine-Gearmáinise, an tAbrogans, ar pár i litreacha atá an-chosúil leis an gcló Gaelach.
Laistigh den chóras, bhí an-chuid clónna ilchineálacha, úsáidte le haghaidh feidhmeanna éagsúla, mar shampla, téacsanna non-scriptural, litreacha, taifid cuntasaíochta, nótaí srl.[2]
Dealramh
[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear go coitianta i gCló na nOileán túslitreacha móra agus poncanna dearga thart timpeall orthu. Go minic ansin, éiríonn níos lú na litreacha a leanas go dtí an ghnáth mhéid. Is saintréith na nOileán é seo, agus feictear a tionchar ar an mór-roinn.
Scríobhtar litreacha le héirithigh (b, d, h, l, srl.) le barra triantánach nó dingchruthacha. Is an-leathan iad na boghanna de litreacha amhail is b, d agus p. Tá ann sa chló an-chuid nasclitreacha agus giorrúcháin nó noda ar leith, i dteannta le hiasachtaí ó nótaí Tiro.
Tá cúig chéim na nOileán aitheanta ag scoláirí, in ord íslitheach foirmiúlachta:[3]
- leath-uingeach, nó "mórscript Éireannach": ach amháin le haghaidh rúibricí agus a leithéid tar éis na 9ú haoise.[4]
- hybrid minuscule: the most formal of the minuscules, came to be used for formal church books when use of the "Irish majuscule" diminished.[4]
- mionscript tacair
- mionscript reatha
- mionscript tapa[5]
Tá sé molta go raibh dhá chéim forbartha ann. Sa dara chéim, feictear tionchar na scripte leath-uingí Rómhánaí, forbartha ag ag Monkwearmouth-Jarrow agus léirithe ag na Soiscéil Lindisfarne.[6]
Úsáid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baineadh úsáid as Cló na nOileán le haghaidh idir saothair chreidimh as Laidin agus i dteanga an phobail. I measc eiseamláirí, tá leanas:
- Leabhar Cheanannais
- Cathach Cholm Cille
- an Ambrosiana Orosius
- an Durham Gospel Fragment
- Leabhar Dharú
- na Soiscéil Durham
- na Soiscéil Echternach
- na Soiscéil Lindisfarne
- na Soiscéil Lichfield
- Leabhar Soiscéil Naomh Gall
- Leabhar Ard Mhacha.
Tá tionchar chloí na nOileán le feiceáil i bhforbairt na mionscripte Cairilínsí.
Tá an et (agus) le Tiro, ⁊, le feiceáil go forleathan sa script, agus scaití i gclónna Gaelacha an lae inniu atá bunaithe ar Chló na nOileán.
Unicode
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl ach cúpla litir na nOileán ionchódaithe sa chóras Unicode, le feiceáil thíos. Ní thaispeántar ach most fonts will only display U+1D79 (ᵹ) ag an gcuid is mó de chlónna. Tá trí clónna saor in aisce ann a thacaíonn gach litir, .i. Junicode, Montagel agus Quivira. I dteannta sin, tacaíonn Gentium agus Charis SIL litreacha aibítre (U+A77x agus U+A78x).
Sa mholadh Unicode 2006 le haghaidh an chló Ghaelaigh, dúirt Michael Everson gur gá ASCII a úsáid de ghnáth agus go ndéanfadh an cló an malartú ba chuí.[7]
| Litreacha na nOileán in Unicode[unicode_chart_insular 1][unicode_chart_insular 2] | ||||||||||||||||
| 0 | 1 | 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 | 9 | A | B | C | D | E | F | |
| U+1ACx | ◌ᫌ | ◌ᫍ | ◌ᫎ | |||||||||||||
| U+1D7x | ᵹ | |||||||||||||||
| U+1DDx | ◌ᷘ | |||||||||||||||
| U+204x | ⁊ | |||||||||||||||
| U+2E5x | ⹒ | |||||||||||||||
| U+A77x | Ꝺ | ꝺ | Ꝼ | ꝼ | Ᵹ | Ꝿ | ꝿ | |||||||||
| U+A78x | Ꞃ | ꞃ | Ꞅ | ꞅ | Ꞇ | ꞇ | ||||||||||
| U+A7Dx | Ꟑ | ꟑ | ||||||||||||||
Notes
| ||||||||||||||||
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- O'Neill, Timothy. The Irish Hand: Scribes and Their Manuscripts From the Earliest Times. Corcaigh: Cork University Press, 2014. ISBN 978-1-7820-5092-6
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Pfeffer Mediæval, mionscript na nOileán mar Chló Unicode (ó cheart, mionscript Chairilínseach le leaganacha malartacha)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Gnéithe dár nDúchas - The Irish Language, Máirtín Ó Murchú, Bord_na_Gaeilge (1985). ISBN 0-906404-20-7
- ↑ Brown, Michelle P., Manuscripts from the Anglo-Saxon Age, lch. 13, 2007, British Library, ISBN 978-0-7123-0680-5
- ↑ Julian Brown
- 1 2 Saunders, Corinne (2010). "A Companion to Medieval Poetry". John Wiley & Sons.
- ↑ "The Wiley-Blackwell Encyclopedia of Anglo-Saxon England" (2013). John Wiley & Sons.: Entry "Script, Anglo-Saxon"
- ↑ Brown, Thomas Julian (1993). "A Palaeographer's View: Selected Writings of Julian Brown". Londain: Harvey Miller Publishers.
- ↑ Everson, Michael (2006-08-06). "N3122: Proposal to add Latin letters and a Greek symbol to the UCS". ISO/IEC JTC1/SC2/WG2. Dáta rochtana: 2016-11-22.