Françoise Henry

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Scoláire ealaíne agus seandálaí ab ea Françoise Henry (16 Meitheamh 190210 Feabhra 1982). Bhunaigh sí Roinn Stair Phéintéireacht na hEorpa sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) agus í ag teagasc inti sa bhliain 1965. D'fhan sí i gceannas ar an roinn go ndeachaigh sí ar scor sa bhliain 1974.

Luathshaol agus oideachas[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Henry i bPáras ar an 16 Meitheamh 1902, agus tógadh í in Limousin. Ise an t-aon pháiste ag Jeanne Henry (née Clément) agus René Henry, leas-chef de cabinet d'uachtarán Teach na dTeachtaí sa Fhrainc, ollamh san L'École des Sciences Politiques, agus scríbhneoir. Thréig a hathair an chlann agus í óg, áfach. Fealsamh agus scríbhneoir faoi na healaíona ab ea seanathair amháin, Charles Clément (1821 – 1887). Tháinig sí faoina thionchar ag déanamh cuairteanna ar a seanmháthair, in aice Pháras. [1]

D'fhreastail Henry ar ranganna in Lycée Molière i bPáras 1914–1920, agus ina dhiaidh sin bhain sí céimeanna amach ón École du Louvre sa bhliain 1925 agus ón Sorbonne. Agus í sa Sorbonne, d'fhreastail Henry ar léachtanna de chuid Salomon Reinach, Robert Rey, agus Henri Hubert. D'oibrigh sí mar chúntóir do Hubert san Musée des Antiquités Nationales, agus rinneadh ball den fhoireann ann sa bhliain 1927. Mar cheann de na téiseanna a rinne sí, rinne sí suirbhé iomlán de adhlacthaí réamhstaire san Côte d'Or. Chuaigh duine dá múinteoirí, Henri Focillon, i mbun a comhairlithe san am sin.[1]

Gairmré[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tháinig sí go hÉireann den chéad uair sa bhliain 1926 agus í ag cur tús le téis faoi snoíodóireacht Éireannach na Meánaoise don École du Louvre. As sin amach, ba ábhar suime di staidéar séadchomharthaí Éireannacha luatha, suim faoi leith aici in Ardchrosa Áth Eine. Nuair a d'fhill sí go Páras, mhol Focillon di leanúint de staidéar na snoíodóireachta Eíreannaí. Bronnadh dochtúireacht san ábhar céanna uirthi sa bhliain 1932. D'fhoilsigh sí La sculpture irlandaise pendant les douze premiers siècles de l'ère chrétienne sa bhliain 1933, le tiomnú do Focillon. hAithníodh an leabhar sin mar an príomhshaothar tagairte ar an ábhar ar an toirt. [1] Ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin, chuir scoláireachtaí ó Chónaidhm na mBan Ollscoile ar a cumas di taisteal agus staidéar a dhéanamh. Thug sí aghaidh ar Éirinn go minic, ach chuaigh sí go hAlbain agus go cuid den Lochlainn freisin. Bhí sé de bhuntáiste aice a bheith i measc na scoláirí a bhí páirteach in athbheochan an léinn Cheiltigh. Bhí cónaí uirthi in Trinity Hall nuair a bhí i mBaile Átha Cliath.[1]

D'iobrigh Henry in UCD ó 1932 go 1974.[2] Ceapadh í do roinn na Fraincise ag an tús. Foilsíodh príomhshaothar léi Irish art in the early Christian period sa bhliain 1940, ábhar nár bhac éinne nach mór leis ó Margaret Stokes sna 1800idí. Cuireann an leabhar síos ar ealaín na hÉireann ón réamhstair go dtí an 12ú haois, dealbhóireacht, lámhscríbhinní, agus miotalóireacht san áireamh. Cuireadh le téacs an leabhair sna 1960idí, trí imleabhar ar fad, á fhoilsiú i bhFraincis ar dtús, agus ansin i mBéarla.

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí baint aici in aistriú rudaí ó mhúsaeim san Fhrainc agus i Londain agus í ina rúnaí don choimisiún um chaomhnú saothar ealaíne san Eoraip. Ní ba dhéanaí le linn an chogaidh, d'oibrigh sí i monarcha chogaidh i Sasana agus ansin (ag tosnú sa bhliain 1944) mar thiománaí otharchairr san Fhrainc. As ucht a saothair seo bronnadh gradam Léigiún an Onóra uirthi sa bhliain 1947.[1]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 "Dictionary of Irish Biography" (2009). Cambridge: Cambridge University Press. 
  2. "Henry, Françoise".

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]