Leabhar na gCeart

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cnuasach téacsanna Gaelacha na meánaoise is ea Leabhar na gCeart (Sean-Ghaeilge Lebor na Cert), ina bhfuil liostaí de dhíolachán agus cánacha, a raibh íoctha as nó dlite do rí Chaisil (inniu i gContae Thiobraid Árann) agus ríthe eile na hÉireann.

Níl ann sa saothar ach amháin nach mór ach liostaí agus cuntais loma tomhaiste, a chláiríonn an iad cíosanna nó tairiscintí dheonacha atá i gceist; cé mhéad damh, bó, capall, reithe, bean luí, sclábhaí, gaisce, boird fhichill agus coirceog gur cheart bheith ann; agus cé chomh fada ba chóir an rí a riar agus é ar cuairt.[1]

De réir seannóis, foilsíodh an chéad leagan in AD 450, agus an leagan deireanach ag Cormac Ua Cuilleannáin, rí-easpag Chaisil, i 900. Agus an téacs curtha i gcomparáid le stair pholaitiúil na hÉireann, áfach, creideann roinnt scoláirí an lae inniu amhail is Daniel Anthony Binchy, gurb é is dóichí ná gur den 11ú haois é. Caomhnaítear an saothar inniu i Leabhar Bhaile an Mhóta, Leabhar Deathan Leasa Mhóir agus Leabhar Mór Leacáin.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
  • Myles Dillon: Lebor na Cert: The Book of Rights. Irish Texts Society, Baile Átha Cliath, 1962.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 990.