Whitley Stokes
Whitley Stokes | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, Feabhra 28, 1830 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | Londain, Aibreán 13, 1909 |
Muintir | |
Páistí |
liosta iomláin
|
Siblíní |
liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm | saineolaí dlí, focleolaí, dlíodóir agus teangeolaí |
Duais |
liosta iomláin
|
Ballraíocht | An tAcadamh Briotanach |
Ba dhlíodóir Éireannach agus scoláire sa Léann Ceilteach é Whitley Stokes (28 Feabhra 1830 - 13 Aibreán 1909).
An Léann Ceilteach[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá clú agus cáil ar Whitley Stokes go háirithe mar scoláire sa léann Ceilteach. D'oibrigh sé sa réimse seo san India agus i Sasana. Rinne sé staidéar ar théacsanna Gaeilge, Briotáinise agus Coirnise. Chuir sé spéis sa nGaeilge go príomha mar fhoinse ábhar le haghaidh focleolaíochta comparáidí. Cé gur fhoghlaim sé Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge, ní bhfuair sé blas ceart na Gaeilge riamh agus ní raibh an Nua-Ghaeilge ar a thoil aige ach an oiread.[1] Bíodh gur cailleadh é breis agus céad bliain ó shin, is fear léinn tábhachtach é sa Léann Ceilteach go fóill.[1] D'fhoilsigh sé níos mó ná 15,000 leathanach sa Léann Ceilteach agus níor tháinig eagráin níos fearr in ionad a eagrán féin ina lán cásanna, fiú tar éis na tréimhse fada seo.[1] Ba chomhfhreagraí agus dhlúthchara dá chuid é Kuno Meyer ón mbliain 1881 ar aghaidh. Bhunaigh an bheirt acu an iris Archiv für celtische Lexicographie agus ba chomheagarthóir é maille le hErnst Windisch ar an sraith darb ainm Irische Texte[1]
Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Three Irish Glossaries (1862)
- Gwreans an Bys: the Creation of the World Aistriúchán ar dhráma Coirnise de chuid William Jordan ón mbliain 1611 (1864)
- Three Middle-Irish Homilies (1877)
- Old Irish Glosses at Merzburg and Carlsruhe (1887)
- Irische Texte foilsithe ag Leipzig (1880-1900), ina comheagarthóir in éindí le hErnst Windisch
- The Anglo-Indian Codes (1887).
- Lives of Saints from the Book of Lismore (1890) aistritheoir
- Urkeltischer Sprachschatz (1894) maille le hAdalbert Bezzenberger
- Thesaurus Palaeohibernicus (1901–03) in éindí le John Strachan
Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Life, Works, Criticisms & Notes, EIRData, retrieved 23 May 2007
- Stokes bibliography at University College Cork's CELT project
- Irish Texts edited, some translated, by Whitley Stokes, CELT project, retrieved 23 May 2007
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |