Kuno Meyer
Kuno Meyer | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Hamburg, 20 Nollaig 1858 |
Náisiúntacht | An Ghearmáin |
Bás | Leipzig, 11 Deireadh Fómhair 1919 |
Muintir | |
Siblíní | liosta iomláin |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Leipzig |
Stiúrthóir tráchtais | Ernst Windisch |
Teangacha | An Ghearmáinis na teangacha Ceilteacha An Laidin An tSean-Ghréigis |
Mic léinn | Osborn Joseph Bergin |
Gairm | |
Gairm | teangeolaí, múinteoir ollscoile agus aistritheoir |
Áit oibre | Beirlín |
Fostóirí | Ollscoil Humboldt Bheirlín Ollscoil Learphoill |
Ballraíocht | Acadamh Ríoga na Prúise um Eolaíocht |
Ba scoláire Gearmánach é Kuno Meyer (20 Nollaig, 1858-11 Deireadh Fómhair, 1919), a tharraing clú air féin i réimse na focleolaíochta agus na litríochta Ceiltí. Mhúscail a sheasamh ar son na Gearmáine conspóid ag tús an Chéad Chogadh Domhanda agus é ag taisteal sna Stáit Aontaithe.
Bhunaigh sé ceithre iris arbh é an Léann Ceilteach ab ábhar dóibh,[1] d'fhoilsigh sé a lán téacsanna agus aistriúcháin de sheanscéalta agus scríobh i dtaobh mórán rudaí eile, bunús ainmneacha, seandlíthe agus eile.[2]
Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh i Hamburg sa Ghearmáin é, mar a bhfuair sé oideachas san Gelehrtenschule des Johanneums. Ansin d'fhreastail sé ar Ollscoil Leipzig. Is i Leipzig a d'freastail sé ar léachtaí an Ollaimh Ernst Windisch, rud a rinne sé ón bhliain 1879 ar aghaidh. Fuair sé a Dhochtúireacht i ngeall ar an tráchtais Eine irische Leagan der Alexandersage sa bhliain 1884. Sa bhliain 1895 ghlac sé post mar léachtóir i dteangacha Teotanacha i gColáiste na hOllscoile, Learpholl, coláiste a ndearnadh Ollscoil Learpholl de in 1903.
Lean sé air ag scríobh faoin tSean-Ghaeilge go háirithe agus faoi na theangacha Ceilteacha i gcoitinne, agus d'fhoilsigh téacsleabhair Ghearmáinise. Sa bhliain 1896 bhunaigh sé an iris iomráiteach Zeitschrift für celtische Philologie agus chuir in eagar é i gcomhpháirt le Ludwig Christian Stern. Bhunaigh sé féin agus Whitley Stokes Archiv für celtische Lexicographie in 1898, agus chuir siad trí imleabhar amach idir 1900 agus 1907.[3]
In 1903 chuir sé Scoil an Léinn Ghaelaigh ar bun i mBaile Átha Cliath. In 1904 chuir sé an iris Ériu ar bun, iris a raibh sé ina eagarthóir uirthi. An bhliain chéanna ceapadh é mar Ollamh Todd sna teangacha Ceilteacha in Acadamh Ríoga na hÉireann. In 1911 ceapadh é mar Ollamh na Focleolaíochta Ceiltí in Ollscoil Friedrich Wilhelm i mBeirlín.[4]
Chatalógaigh sé iontrálacha ag scríobhaithe éagsúla i lámhscríbhinn ón 17ú haois a scríobhadh i Lováin agus a caomhnaíodh sa Bhibliothèque Royale sa Bhruiséil.
Nuair an thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda chuaigh sé chun na Stát Aontaithe, ag tabhairt léachtaí in ollscoileanna. Thug sé caint i bhfabhar na Gearmáine do Clan na Gael in 1914 ar Long Island, rud a tharraing fearg sa Bhreatain agus ba chúis le scoilt i measc na nÉireannach.[5]
Gortaíodh é in imbhualadh iarnbhóthair in 1915 agus bhuail sé le Florence Lewis, bean a bhi seacht mbliana is fiche d'aois, agus é ag teacht chuige féin in ospidéal in California. Ba ghearr gur phós siad.[6] Chuaigh Florence chun na Gearmáine in 1916 agus chuaigh seisean ann in 1917. In 1919 bhain Florence agus a hiníon an Eilvéis amach. Fuair Meyer bás in Leipzig.
In 1920 dúirt Dubhghlas de hÍde, a raibh aithne aige ar Meyer, gurbh fhear é siúd arbh fhurasta cion a thabhairt dó agus a raibh cion aige ar Éirinn. Dúirt de hĺde gur chuidigh sé le Conradh na Gaeilge sa díospóireacht faoi mhúineadh na Gaeilge sa Mheánteistiméireacht.[7]
Rogha leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 1885: The Irish Odyssey
- 1892: The Vision of MacConglinne, le Alfred Nutt
- 1894: The Voyage of Bran
- 1896: Early Relations of the Brython and Gael
- 1901: King and Hermit
- 1905: Cáin Adamnáin: An Old Irish Treatise on the Law of Adamnan
- 1911: Selections from Ancient Irish Poetry
- 1912: Sanas Cormaic, an Old Irish Glossary
- 1913: Learning in Ireland in the Fifth Century
- 1914: Über die älteste irische Dichtung
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Best, R. I.. 'Kuno Meyer,' Ériu, Volume 9, 1923, lgh 181–186
- ↑ Titley, Alan. 'King Kuno,' Books Ireland, 162, Cambridge University Press, October 1994, lgh 188–189
- ↑ Ó Lúing, Seán. Kuno Meyer, 1858–1919: A Biography. Geography Publications, 1991, lgh 21, 249. ISBN 0906602173.
- ↑ Ó Lúing, lgh 172–3
- ↑ Ó Lúing, lgh 170-3
- ↑ Ó Lúing, lgh 195, 212
- ↑ Hyde, Douglas. 'Canon Peter O'Leary and Dr. Kuno Meyer,' Studies: An Irish Quarterly Review, Volume 9, Number 34, June 1920, lgh 297–301
- Daoine a rugadh i 1858
- Básanna i 1919
- Scríbhneoirí Gearmánacha
- Teangeolaithe ón nGearmán
- Teangeolaithe Gearmánacha
- Ceiltíoch
- Scoláirí Gaeilge
- Scríbhneoirí neamh-fhicsin Gearmánacha
- Monarcaithe Gearmánacha
- Aistritheoirí ó Ghaeilge
- Aistritheoirí ó Sean-Ghaeilge
- Aistritheoirí Táin Bó Cúailnge
- Aistritheoirí le Gearmáinis
- Lucht acadúil de chuid Ollscoil Learphoill
- Dámh na hOllscoile Humboldt, An Bheirlín