Bricriu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarBricriu
Cineálgaiscíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht, ba é Bricriu óstach (brughaidh), file agus scabhaire. B'olc sin a scabhaireacht gur dhíbrígh Conchúr mac Neasa é go dtí a theach féin ag Dún Rudhraí (Dún Droma, Contae an Dúin an lae inniu).

Fleadh Bhricreann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Fleadh Bhricreann

D'eagraigh Bricre fleadh tráth do Chonchúr agus laochra na nUladh ag a ghabháltas, ag tógáil seomra bia flaithiúil, sómhar, agus ríchathaoir niamhrach ann, ach dhúíltigh na hUladh dul chuige, agus é droch-chlúiteach. Bhagair Bricre iad a chuir salach ar a chéile, athair in aghaidh mic, máthair in aghaidh iníne, agus in ndeireadh na dála, bean in aghaidh mná, go dtí go mbuaile a chéile iad lena gcuid cíche go n-éirí a gcuid bainne géar.

Ag an bhfleadh, gheall sé an churadhmhír (nó cuid/roinnt an chosantóra) go Cú Chulainn, ansin go Conall Cearnach, ansin go Laoghaire Buach, agus ghabh na trí laoch ar aghaidh in iomaíocht an onóra. Tugadh dúshláin, le Ailill agus Méabh na gConnacht, nó Cú Raoi na Mumhan mar bhreithimh. Bhuaigh Cú Chulainn gach triail, ach níor ghlac le Conall ná Laoghaire an cinneadh.

Sár i bhfad, thug Cú Raoi, curtha as aithne mar fhathach, dúshlán do na trí laoch, a cheann a bhaint de, ach ansin é a cheadaigh, filleadh ar ais agus a gceann a bhaint díobhse. D'éirigh ach le Cú Chulainn sa triail seo, agus bronnadh an churadhmhír air.

Scéalta eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lean Bricre Fergus mac Róich ar deoraíocht go Connachta, tar éis chás Dheirdre. Agus é ina aoi ag Ráth Cruachan, bhí sé ina chúis achrainn idir Fergus agus leannán dá chuid, Fliodhas, agus an Táin Bó Flidais mar bhailchríoch.

San Eachtra Nearai, bhí Bricre ag magadh Fhearghas agus a chumas canta, á chur i gcomparáid le búir bulláin. Bhuail Fearghas é le cúig phíosa fichille, á loite go trom.

Ag deireadh an Táin Bó Cuailgne, fuair Bricriu bás ag Cruachan, tar éis dó dhá tharbh satailt air agus iad ag troid.

Mesca Ulad ...

Loch Bricleann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear go bhfuil ainm an tsráidbhaile, Loch Bricleann in aice le Droichead na Banna, Contae an Dúin, fréamhaithe ó Loch Bricreann, áit a rabih sé ina thaoiseach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]