Anbhás Chú Chulainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aided Con Culainn)

I Miotaseolaíocht na nGael, is scéal de chuid na Rúraíochta é Anbhás Chú Chulainn (Sean-Ghaeilge Aided Con Culainn). Tá leagan neamhiomlán caomhnaithe sa Leabhar Laighneach, ach tá leaganacha iomlána le fáil i lámhscríbhinní den 17ú go 19ú haoiseanna.

Bás Chú Chulainns, le Stephen Reid, 1904

Sa leaganacha níos luaite, roinntear an scéal ina dhá leath, Brislech Mór Maige Muirtheimne (Brisleach[1] Mhór Maighe Muirtheimhne) agus Dergruathar Chonaill Chernaig (Deargruathar Chonaill Chearnaigh). Insítear iontu conas a maraíodh Cú Chulainn, dochloíte go nuige sin, tar éis dó a gheis, saighte a bhriseadh,[2] agus conas a bhain a dheartháir altrama, Conall Cearnach, a dhíoltas amach ar na déantóirí coire.

Cloch an Fhir Mhóir ag Ráth Aidí, Contae Lú. Sa bhéaloideas, áit bhás Chú Chulainn is ea é

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith na Tána, mharaigh Cú Chulainn draoi na gConnacht, Calatin, agus a seachtar mac is fiche. I ndiaidh a bháis, thug a bhean chéile seisrín ar an saol, triúr mac agus triúr iníonacha. Chuir Méabh díoltasach le 17 bliain amach iad um theagasc draíochta. Ina dhiaidh na tréimhse seo, chuir sí amach iad le tuilleadh oideachais a fháil le trí bhliain go hAlbain, dhá bhliain chuig na Sacsanaigh, agus fosta go dtí an Bhablóin agus go hIfreann Bholcáin.[3] Agus iad ar ais abhaile agus um dhíoltas a bhaint as bás a n-athar, lig siad ar Chú Chulainn go raibh tiarna éigin tar éis ruathar a dhéanamh ar a bhaile Muirtheimhne, go rachadh sé é a chosaint. In ainneoin rabhaidh na nUladh, ina measc Conchúr mac Neasa, an bandraoi Leabharcham agus fós a carbadóir Láeg mac Riangabra agus a chapall dílis Liath Macha, chuaigh sé ina aonair chun comhraic.

Luigh an triúr iníonacha Chailitine i bhfolach ar an mbealach agus thairg siad feoil rósta chú dó. Sa chéad chás, níorbh fhéidir leis an laoch Cú Chulainn cuireadh ar bith a dhiúltú, ach i dteannta sin, bhí geis air gan feoil chú a ithe. Ní raibh aon dul as aige ach an feoil a ghlacadh agus a gheis a bhriseadh. Agus á gheis briste aige, thit a lámh agus a chos chlé i laige Durch die Annahme des Fleisches wird er an Arm und Bein geschwächt. Sa chath deireadh in éadan a naimhde (san áireamh Erc mac Cairpri, a raibh fonn air díoltas a bhaint as bás a athar, Cairbre Nia Fear), cuireadh iachall air de ghlámh dícheann, a shleá a thógaint dóibh, lena maraíodh Lao, Liath Macha agus sa deireadh é féin. Éag-ghonta, cheangail sé féin de gallán um bás d'fháil ina sheasamh. Chosain a chapall Liath Macha é go bhfuair sé bás, ach ansin sin bhí Lugaid mac Con Roí in ann a cheann a bhaint de. In am trátha, bhain a dheartháir altrama, Conall Cearnach, díoltas as a bhás le linn choimhlinte fuiltí.[4]

Dealbh san AOP[cuir in eagar | athraigh foinse]

I nArd-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath, tá dealbh cré-umha de Chú Chulainn marbh, cruthaithe ag an dealbhóir Oliver Sheppard, chun mairbh Éirí Amach na Cásca, 1916, a chomóradh.

Cú Chulainn san AOP, Baile Átha Cliath

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. brisleach ar teanglann.ie FB
  2. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 830.
  3. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 927 f.
  4. Ingeborg Clarus: Keltische Mythen. Der Mensch und seine Anderswelt, lch. 176 f.