Naoise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Noisiu)
Jump to navigation Jump to search

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, nia Conchúir mhic Neasa rí na Uladh, agus leannán Dheirdre ab ea Naoise (Sean-Ghaeilge Naisi, NoíseNoisiu) mac Uisnigh. Tá sé luaite go háirithe sna scéalta Loingeas mhic Uisleann agus/ nó Oidheadh Chlainne Uisnigh.

Sa scéal úd, is leannán Naoise í Dheirdre, bean fhíorálainn a raibh dúil ag Conchúr inti. De bharr san, ba ghá do na leannáin, i dteannta le beirt dheartháireacha Naoise, dul ar deoraíocht go hAlbain.

I ndeireadh na dála, chuir Conchúr ina luí orthu filleadh abhaile. Tharla roinnt míthapa as a chéile dóibh ar an slí, san áireamh geis curtha ar a gcosantóir Fhearghas mac Róich, athair Dheirdre. Thugadar an chluas bhodhar do thuartha Dheirdre a tháinig faoin tairngreacht, agus i dteannta le feillbheart Chonchúir, d'iompaigh an scéal chun tubaiste.

Is é buaicphointe an scéil ná cath ag tigh na Craoibhe Deirge i nEamhain Mhacha. Básaíodh mic Uisnigh, ina measc Naoise agus a dheartháireacha Ainle agus Ardán, le buille amháin ó Mháine Lámhdhearg, mac rí na hIorua (nó le hÉogan mac Durthacht, ag brath ar fhoinse).

De bharr na n-eachtraí seo, bhí sé ina achrann dearg idir Ulaidh agus Connachta, cuireadh Conchúr agus a chlann as oidhreacht theideal Rí Uladh, agus scriosadh Eamhain Mhacha.

Loingeas agus Oidheadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear scéal Naoise agus Deirdre mar réamhscéal don Táin Bó Cúailnge, sa chuid ar a dtugtar scaití mar theideal Loingeas mac UisnighOidheadh Chlainne Uisnigh. Tá an achoimre seo a leanas bunaithe ar Whitley Stokes agus O'Flanagan, foilsithe in Teimpléad:Harv.

Deoraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a rugadh Deirdre, thug Cathbhadh, draoi, a hainm di, agus thuar sé go mbeadh sí ina cúis achrainn. Lena cluin sin, mharódh na tiarnaí i láthair í, ach chuir an rí Conchúr cosc orthu. Shocraigh sé go dtógfadh í ina haonar le Leabharcham mar bhuime, agus go bpósfadh sé í agus í in aois. D'fhás sí ina cailín álainn.

Lá sneachta éigin, chonaic sé lao a bhí maraithe ag a hathair altrama, ar a thuirling fiach dubh chun fuil an ainmhí a ól. Dúirt sí gur bhreá léi a leithéid d'fhear - gruaig dubh, leicne dearga agus craiceann chuig ban le sneachta aige. Dúirt Leabharcham léi go raibh i ndáiríre a leithéid, Naoise mac Uisnigh, mic Conaill Cláiringnig mic Ruadhraí Mhóir. D'iarr sí go labhraí sí leis faoi rún, agus bhuail Naoise léi. D'fhógair sí a grá dó, agus d'iarr sí go n- éalóidís le chéile. Thoiligh Naoise, cé go raibh sé mall á dhéanamh, le tréan eagla roimh Chonchúr.

Chuaigh Naoise agus Deirdre go hAlbain, i dteannta lena bheirt dheartháireacha Ainle agus Ardán, agus céad gaiscíoch is caoga. Chuaigh sé i mbun seirbhíse íoctha le rí na hAlban. Chuala an rí faoi áilleacht Dheirdre, agus bhí dúil aige inti. Tar éis a lán cathanna in aghaidh an rí, d'fhág Naoise agus a chlann an mhórthír go hoileán san fharraige.

Bhí Conchúr ag fleadh lá lena mhuintir, ach d'fhiafraigh sé díobh an raibh aon rud de dhíth orthu. Thug siad mar fhreagra nach raibh ach amháin caill a ngaol Naoise, Ainle, agus Ardán de bharr Dheirdre. Lena chluin seo, bheartaigh Conchúr ar toscaire síochána a chur chuig Naoise. Bhí geis ar Naoise ámh gan filleadh go hÉirinn ach le Cú Chulainn, Conall Cearnach, nó Fearghus Mac Róich. Roghnaigh Conchúr Fearghas chun é a athfháil.

Chuaigh Fearghas go dtí Loch Eite san Albain, agus d'aimsigh sé botháin seilge Naoise agus a dheartháireacha, ach duine ná deoraí nó fhaca sé ann. Chuaigh Fearghas go dtí an cuan agus ghlaoigh sé amach. Dúirt Naoise gur chuala sé guth Gaelach, agus d'inis Deirdre de bhréag gur ghuth Albach a chuala sí. Scairt Fearghas amach arís, agus arís. An tríú huair, bhí Naoise cinnte gurbh Fhearghas a bhí ann, agus d' iar sé ar Ardán dul buaileadh leis.

D'admhaigh Deirdre gur cheilt sí an fhírinne de bharr fís a raibh aici an oíche roimhe sin, inar tháinig trí éan ó Eamhain Mhacha le mil ina ngoba, ach a d'fhill le fuil. Thuig sí dá bharr gur tháinig an teachtaire le geallúint bréige síochána. In ainneoin sin, thug siad fáilte ó chroí roimh Fhearghas, a thug an cuireadh dóibh filleadh go hUlaidh. D'inis na deoraithe gur bhraith a mbaile uatha, ach fós níor mhian le Deirdre dul. Geall Fearghas go gcosnódh sé iad, agus thoiligh Naoise filleadh abhaile.

Anbhás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar a shlí abhaile, tháinig siad go dún Bhorraigh mhic Annte. Thug Borrach fáilte rompu, agus thug sé cuireadh fleidhe dóibh (mar a threoraigh Conchúr dó a dhéanamh), agus chuir sé Fearghas faoi gheis gan imeacht sula raibh deireadh léi. Shocraigh Fearghas, corraithe ar dtús, fanacht ag an fleadh arts a bheirt mhac a chur amach leis na mic Uisnigh ar ais chuig Eamhain Mhacha.

D'fhág na deoraithe dún Bhorraigh. Thug Deirdre comhairle do Naoise fanacht ar Inis Chuilinn,[n 1] ach labhair mic Fhearghasa, Iollann Fionn agus Buinne Rua, ina coinne. Chuaigh siad ansin go dtí Fionnchairn na Foraire ar Sliabh Fuaid, ach thit Deirdre siar, agus thit a codladh uirthi. Chad Naoise art ais, agus tháinig sé chuici ag mhúscailt tar éis taibhrimh. Dúirt sí le Naoise go bhfaca sí i bhfís é féin, Iollann gan a cheann, agus Buinne as láthair. Chuaigh an buíon ansin go hArd na Saileach.[n 2] Bhí fís eile ag Deirdre, inar chonnaic sí néal fola thar chinn Naoise, Ainle agus Ardáin. Thug sí comhairle dóibh go dté siad go Dún Dealgan agus fanacht ann go dtaga Fearghas leo, nó Cú Chulainn a iarraidh mar thionlacan, ach ní raibh imní ar na deartháireacha.

Chuaigh siad go hEamhain Mhacha díreach. Thuar Deirdre conas a mbeadh a fhios acu am mbeadh naimhdeas ag Conchúr leo. Dá dtugfadh sé cuireadh dóibh ina a theach isteach, bheidís slán, ach dá dtugfadh cuireadh dóibh i dtigh na Craoibhe Rua isteach, gan Conchúr ina dteannta, bheadh olc rompu.

I nEamhain Mhacha, chnag siad ar dhoras Conchúir, ach chur sé go dtí teach na Craoibhe Rua iad. Mhol Deirdre go bhfága siad, ach rachadh na fir ar eagla go measfaí faiteach iad. Chuaigh i dteach na Craoibhe Rua isteach, agus cuireadh ar an mbord dóibh go leor bia agus dí. D'ith agus d'ól a muintir agus d'éirigh súgach, ach ní íosfadh mic Uisnigh. D'iarr Naoise clár fichille Chonchúir (an Cennchaem, ceann caomh). Le linn an chluiche, d'fhiafraigh Conchúr ar chomh hálainn ab ea Deirdre agus a bhí, agus fosta chuir sé buime Dheirdre, Lebharcham chun fiosrú. Tháinig sise ar ais chuige agus dúirt gur shean ghránna ab ea Deirdre anois.

Chuir Conchúr faoi dhó teachtairí amach chun cuma Dheirdre a fhiosrú, ach insíodh dó an t-eolas céanna. Labhair sé le Tréandorn ansin, "an bhfuil a fhios agat," ar sé "cé a mharaigh m' athair agus trúir deartháireacha?" D'fhreagair Tréandorn gur Naoise a bhí an té a mharaigh. Chuir Conchúr amach é chun tuairisc a thabhairt ar chuma Dheirdre. Chonacthas é agus é ag cúlchoimeád trí fhuinneog an tí, agus chaith Naoise fear fichill leis gur chaill sé súil. D'fhill sé ar Chonchúr agus d'inis sé do " Tá an bhean is áille ar dhomhan ann, agus bheadh Naoise ina rí an domhain dá bhfanfadh sí leis." Bhí Conchúr ar buille ansin agus d'ordaigh sé ionsaí ar thigh na Craoibhe Rua.

I rith an chatha, mharaigh Buinne roinnt mhaith de ghaiscígh Chonchúir, agus d'fhiafraigh Conchúr a phraghas de. Mealladh é le talamh agus thréig sé a chomrádaithe. Tháinig Iollann ansin chun chomhraic, agus mharaigh seisean roinnt mhaith de ghaiscígh Chonchúir. Murab ionann is a dheartháir, ní nglacfadh seisean breab. D'iarr Conchúr ar a mhac féin, Fiacha troid leis. Thug Conchúr a airm féin d'Fiacha, ach in ainneoin sin, chloígh Iollann é.

Bhúir sciath Chonchúir agus an té á beartú in anacair. Chuala Conall Cearnach mac Amergin í agus tháinig sé. Thóg sé a sleá Cúlghlas leis agus throid sé Iollann. Éag-ghonta, dúirt Iollann lena chéile chomhraic gurbh ag cosaint Naoise a bhí sé. Lena chluin sin, bhí brón ar Chonall, agus mharaigh sé Fiacha in éiric. Glaoigh Iollann ar Naoise teacht chun comhraic, agus d'éag sé.

Chosain Ardán teach na Craoibhe Rua ar an gcéad oíche, Ainle an oíche dar gcionn, agus Naoise ar an tríú hoíche. D'éalaigh siad ansin de léimt thar bhallaí Eamhna, Deirdre ceilte ina measc. D'ordaigh Conchúr a dhraoi Cathbhadh draíocht a chur ar na héalaithe, ag rá nach ndéanfadh olc orthu. Mhúscail Cathbhadh tuile uisce chun an t-éalú a chosc. D'iarr Conchúr ansin go marófaí Naoise, ach ní dhéanfadh duine dosna hUlaidh é. Ach bhí Maine Lámhdearg as an Iorua,[n 3] a mharaigh Naoise a athair agus a dheartháireacha, díocasach a cheann a bhaint de.

Dúirt Ardán, an té is óige, go mbásaí sé ar dtús, ach thairg Ainle é féin. Thug Naoise do Mhaine a chlaíomh ar leith, ar thug Manannán mac Lir dó, agus mharaigh Maine an triúr acu le buille amháin. Phóg Deirdre a fear chéile marbh, d'ól a chuid fola, agus chaoin sí le fada. Chaith sí féin in uaigh Naoise isteach agus fuair sí bás.[n 4]

Chuir Cathbhadh mallacht ar Eamhain Mhacha de bharr an oilc a tharla an lá úd, agus dúirt nach mbeadh an áit ag Conchúr nó a sliocht arís choíche. An lá dar gcionn, tháinig Fearghas agus chonaic an anachain, agus chuaigh le Cormac Cond Longas agus Dubthach Dóeltenga i mbun comhraic in éadan Chonchúir, scrios Eamhain Mhacha agus mharaigh mná Conchúir. D'iarr Fearghas cabhair ó Ailill agus Méabh na gConnacht. Rinneadh ruathar ar nó milleadh cuid mhaith na nUladh, agus lean cogaíocht le roinnt blianta.

Cultúr an lae inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Naoise le fáil i roinnt léirithe éagsúla den scéal Dheirdre agus mhic Uisnigh, san áireamh Deirdre (1907] le W.B. Yeats. Le haghaidh tuilleadh tagairtí, féach Deirdre.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. I roinnt lámhscríbhinní, is Reachlainn é seo, fonóta in Teimpléad:Harv
  2. Ard na Saileach, Ard Macha anois, fonóta in Teimpléad:Harv
  3. I bhfoinsí eile, Éogan mac Durthacht, fonóta Teimpléad:Harv
  4. I bhfoinsí eile, ...