W. B. Yeats
File Éireannach ab ea William Butler Yeats (13 Iúil 1865 - 28 Eanáir 1939). Ba phríomhphearsa é san athbheochan litríochta in Éirinn i dtús na fichiú haoise. Ba iad Yeats, an Bantiarna Gregory agus Edward Martyn na cinn feadhna ar athbheochan litríochta na hÉireann agus bhunaigh siad, agus roinnt eile, Amharclann na Mainistreach. Ba cheannaire é ar an Amharclann ag an tús.
Sa bhliain 1923, bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Yeats.
Sinsir
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Jervis Yeats, saighdiúir de chuid na nUilliamaíteach; agus níos déanaí péintéir, a fuair bás sa bhliain 1712, a athair.[1][2]
- Phós garmhac Jervis agus sin-seanathair William, Benjamin Yeats, bean ó mhuintir le talamh i gcontae Chill Dara sa bhliain 1773. Ba de shliocht chéad iarlaí Ormond í Mary Butler. I ndiaidh gur phós siad, choimeád siad an t-ainm Butler sa chlann.
- Rinne athair Yeats, John Butler Yeats (1839 -1922)[3][4], staidéar ar an dlí, agus níos déanaí ar an ealaín ag Heatherley School of Fine Art[5] Londain.
- Tháinig máthair Yeats ó theaghlach rachmasach i Sligeach. Bhí comhlacht trádála ag a muintir.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Saolaíodh William Butler Yeats i nDumhach Thrá i gContae Baile Átha Cliath[6]. Ach tamiall ina dhiaidh, bhog an teaghlach go Teach Pollexfen i Merville, Sligeach le bheith níos cóngaraí le muintir a mháthair.
Chaith Yeats a laethanta saoire i gContae Shligigh. Níos déanaí d’fhéach Yeats ar Shligeach mar ionad spioradálta dó. Fós óg, bhí ard-spéis ag Yeats i bhfinscéalta na hÉireann. Tá sé seo le feiceáil sa chéad tréimhse dá n-obair, a lean go deireadh an naoú haoise déag.[6]
Sa bhliain 1867, bhog an teaghlach go Sasana.
Ar an 26 Eanáir 1877, thosaigh Yeats ag freastal ar Godolphin School,[7] agus d’fhan sé ann ar feadh ceithre bliana. Tugann tuairisc scoile le fios dúinn nach raibh ach meángrádanna a fháil aige. Ní raibh sé go maith ag an litriú[8] ach bhí sé den chéad scoth sa Laidin. Bhí fadhbanna aige sa Mhata agus sna teangacha eile ach is dócha gur chúis leis a bhodhracht tun[9] é sin. Bhí suim agus spéis aige sa Bhitheolaíocht agus sa Zó-Eolaíocht freisin.
I 1879, bhog an teaghlach go Bedford Park, Londain ar léasa dhá bhliain (8 Woodstock Road).[10]
D'fhill na Yeats go BÁC i 1880, ar dtús i Harold's Cross[11] agus níos déanaí, i mBinn Éadair. D'fhreastail Yeats ar Erasmus Smith High School.[12]. Bhí stiúideo a athair in aice láimhe leis agus bhí aithne á chur aige ar ealaíontóirí agus scríbhneoirí na cathrach ann.
I rith 1885, bhunaigh Yeats an 'Dublin Hermetic Order'. Reáchtáladh an chéad cruinniú ar an 16 Meitheamh le Yeats mar chathaoirleach.[13][14][15]
Bhog an clann ar ais go Londain sa bhliain 1887. D’fhreastail Yeats ar Metropolitan School of Art (anois National College of Art and Design, Sráid San Tomás. I mí Márta 1888, bhog an chlann go 3 Blenheim Road i mBedford Park.[16] Ní raibh ach £50 le híoc mar chostais cíos in aghaidh na bliana.
Rinne sé staidéar ar an fhilíocht i rith a hóige agus bhí sé faoi dhraíocht ag miotaseolaíocht na nGael agus an briotais. Tá na topaicí seo le feiceáil go soiléir ina luath-saothair.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
File Óg
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh Yeats ag scríobh nuair a raibh sé seacht mbliana déag d’aois. Sa bhliain 1885, d'fhoilsigh an ‘Dublin University Review’ an chéad dán a scríobh Yeats agus aiste, ‘The Poetry of Sir Samuel Ferguson’. Idir 1884 agus 1886,
Foilsíodh a chéad bailiúchán saothair i 1889. Ó 1900, bhí dántaí Yeats níos fisiciúil agus réadúil. Shéan sé a chreideamh tarchéimnitheach ach gafa le aghaidh fidil fisiciúil agus spioradálta, chomh maith lena teoiricí féilitiúla ar an saol.
Scríobh an critic Charles Johnson go raibh sé “utterly unIrish” agus ba chosúil gur tháinig sé as “ a vast murmway gloom of dreams”[17]. Chas Yeats níos déanaí, ar an mbéaloideas, Miotaseolaíócht na hÉireann agus scríbhneoireacht William Blake. Thug sé ómós dó ag rá go raibh sé mar cheann dos na "great artificers of God who uttered great truths to a little clan".[18] Sa bhliain 1891, d'fhoilsigh Yeats, John Sherman agus ‘Dhoya,’ scéal agus úrscéal.
Is féidir an tionchar a bhí ag Oscar Wilde ar Yeats[19] a fheiceáil ina dTeoiric Aestéiticiúil [1] go mórmhór sna drámaí stáitse. Is féidir an Teoiric Masca le Wilde a fheiceáil go díreach sa drama, ‘The Player Queen’[20] agus tugann Salomé [2]- saothar leis an ainm céanna le Wilde,- teimpléad dúinn ar na haithraithe a rinne Yeats, go háirithe sna drámaí a scríobhadh sé níos déanaí, ‘On Baile’s Strand’ (1904), ‘Deirdre’ (1907) agus a drámaíocht damhsa ‘The King of the Great Clock Tower' (1934).[21]
Theastaigh ó Yeats an obair a phléadh a dhéanamh mar thopaic den mhiotaseolaíocht, ag glaoigh ‘Tragic Generation’ air ina beathaisnéis,[22] agus d’fhoilsigh sé dhá duanaire de obair na Rhymers; an céad cheann in 1892 agus an dara cheann in 1894.
D’oibrigh sé ar an chéad eagrán iomlán de obair William Blake le Edwin Ellis agus sa phróiseas thanadar trasna ar dán dearmadta, “vala, or, the Four Zoas’.[23]
I mí na Márta 1890, ghlac Yeats ballraíocht sa Hermetic Order of the Golden Dawn. Bhunaigh sé, in éineacht le Ernest Rhys[24], The Rhymers Club,- grúpa de filí Londain a bhualadh suas lena chéile go minic i dtábhairne Sráid na Toinne le haithris a dhéanamh.
Bhí suim ag Yeats sa mhitheolaíocht, Spioradáltacht [3] agus san astralaíocht dá shaol ar fad. Rinne sé dian-staidéar ar an ábhar i rith a shaol agus bhí sé mar bhall den grúpa taighde paranórmalta, ‘The Ghost Club' i 1911. Tháinig an spéis seo ón tionchar a bhí ag scríbhneoireacht Emanuel Swedensburg[25] ar an ábhar seo. I 1892, scríobh sé
"If I had not made magic my constant study I could not have written a single word of my Blake book, nor would The Countess Kathleen ever have come to exist. The mystical life is the centre of all that I do and all that I think and all that I write."[26][27][28][29][30]
Maud Gonne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1889, chas Yeats le Maud Gonne, banoidhre, 23 bliain d’aois agus í mar Náisiúnaigh Éireannach díocasach, díograiseach. Bhí sí 18 mí níos óige ná Yeats agus dúirt sí gur bhuail sí leis agus é ina "paint-stained art student”[31]. Bhí meas ag Gonne ar obair ‘The Island of Statues’ le Yeats.
D’admháil sé,- ”it seems to me that she [Gonne] brought into my life those days—for as yet I saw only what lay upon the surface—the middle of the tint, a sound as of a Burmese gong, an over-powering tumult that had yet many pleasant secondary notes." [32]
Sa bhliain 1891, thug Yeats cuairt ar Gonne agus mhol sé pósadh. Dhiúltaigh Gonne. Dúirt sé níos déanaí "the troubling of my life began"[33]. Mhol sé pósadh trí huaire eile in 1899, 1900 agus 1901 ach dhiúltaigh Gonne é gach uair. Faoi anacair, phós Gonne an Náisiúnaí Éireannach John MacBride.[34] An t-aon caidreamh eile a bhí aige ná le Olivia Shakespear a bhuail sé le in 1894 agus scaradar in 1897.
Bhí sé míshásta nuair a phós Gonne[35]. Chomh maith leis sin, d'éirigh Gonne ina Caitliceach.
Ach níor eirigh go maith le pósadh Gonne. Bhí Yeats an-sásta leis seo mar thosaigh sí ag tabhairt cuairt air i Londain. Rugadh mac le Gonne, Seán MacBride sa bhliain 1904. Ach bheartaigh a fear céile deireadh a chur leis an bpósadh. Níor aontaigh na cúirteanna leis an gcolscaradh dlithúil ach ligeadh dóibh briseadh suas lena chéile le caomhnóireacht an linbh ag Gonne.[36]
Cuireadh deireadh le cairdeas Gonne agus Yeats arís i bPáras 1908. I mí Eanáir 1909, bhí Gonne ag scríobh litreacha go Yeats ag moladh an bhuntáiste a thugtar d’ealaíontóirí a chuireann bac ar an ghnéas.[37]
Níos mó ná fiche bhliain ina dhiaidh, thug Yeats trácht ar na litreacha sa dán "A Man Young and Old":[38]
“My arms are like the twisted thor
And yet there beauty lay;
The first of all the tribe lay there
And did such pleasure take;
She who had brought great Hector down
And put all Troy to wreck.” [39]
Pósadh le Georgie Hyde Lees
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoin mbliain 1916, bhí Yeats 51 bliain d'aois agus ba mhian go mór leis pósadh le go mbeadh oidhre aige. Chuir sé an ceiliúr pósta deireanach ar Maud Gonne i Samhradh na bliana 1916. Dar leis, ba bhean chéile neamhoiriúnach í ar chúiseanna áirithe: bhí sí róghníomhnach sa pholaitíocht réabhlóideach le fada; bhain roinnt tubaistí pearsanta di sna blianta beaga roimhe sin, lena n-áirítear í a bheith gafa le clóraform agus a pósadh trioblóideach le John MacBride, Réabhlóidí Éireannach ar chuir Fórsaí na mBreataine chun báis é toisc gur ghlac sé páirt san Éirí Amach 1916.
Dar le R.F. Foster, an cúis leis an gceiliúr pósta deireanach seo ná gur mhothaigh Yeats go raibh sé de dhualgas air í a phósadh agus nach raibh cúrsaí grá i gceist chomh mór sin i ndáiríre. Chuir Yeats an ceiliúr pósta uirthi go lagspreosach agus bhí coinníollacha leis. Bhí sé ag tnúth le go ndiúltódh sí an ceiliúr pósta agus ba mhian leis go ndiúltódh sí é chomh maith. Dar le Foster, nuair a d'iarr sé ar Maud é a phósadh agus nuair a dhiúltaigh sí, b’fhíorthapa a dhírigh sé a chuid smaointe i dtreo a hiníne.
Ba í Iseult Gonne an dara páiste a bhí ag Maud agus Lucien Millevoye, agus ag an am sin, bhí Iseult 21 bliain d’aois. Saol dona go leor a bhí aici go dtí seo; bhí a tuismitheoirí ag iarraidh go dtabharfadh sí áit a deartháir, deartháir nár mhair le fada, agus ba shin an fáth ar saolaíodh Iseult.
Cuireadh i láthair í mar neacht uchtaithe a máthar ar feadh na chéad bhlianta dá saol. Rinne a leasathair í a ainteagmháil nuair a bhí sí 11 bhliain d’aois. Níos faide anonn, d’oibrigh sí le hÓglaigh na hÉireann chun gunnaí a sholáthar. Nuair a bhí sí 15 bliana d’aois chuir sí ceiliúr pósta ar Yeats. Cúpla mí i ndiaidh don fhile ceiliúr pósta a chur ar Maud, chuir sé ceiliúr pósta ar Iseult ach dhiúltaigh sí.
I Meán Fómhair na bliana sin, chuir Yeats ceiliúr pósta ar George (Georgie) Hyde-Lees (1892–1968) a bhí 24 bliain d’aois agus ar chas sé léi i gcomhluadar a raibh suim acu i gcúrsaí diamhra. Mhol a cairde di gan glacadh le ceiliúr pósta Yeats “George..you can't. He must be dead” [2]. Dá ainneoin sin, ghlac Hyde-Lees leis agus pósadh an bheirt an ar an 20ú Deireadh Fómhair. D’éirigh leis an bpósadh in ainneoin go raibh an difríocht aoise ann agus in ainneoin go raibh aiféala agus doilíos ar Yeats agus iad ar mhí na meala. Rugadh beirt pháistí dóibh, Anne agus Michael. Bhí caidreamh rómánsúla ag Yeats le mná eile níos faide anonn sa saol agus b’fhéidir go raibh caidrimh sheachphósta aige freisin. Dá ainneoin sin, scríobh George chuig a fear céile ag rá go ndéanfadh daoine caint maidir lena chaidrimh sheachphósta nuair a bheadh sé marbh ach nach ndéarfadh sise rud ar bith mar go gcuimhneodh sí cé chomh bródúil agus a bhíodh sé.
Le linn bhlianta tosaigh a phósta, bhíodh uathscríbhneoireacht ar siúl ag an mbeirt. Is é a bhí i gceist leis seo ná go ndéanadh George teagmháil le spioraid agus le treoraithe éagsúla ar thug siad lucht teagaisc “intructors” orthu.[40] Chuir na spioraid córas casta rúndiamhair de charachtair agus de stair in iúl dóibh. Rinne siad forbairt ar an gcóras seo le linn tástálacha a bhain le cúinsí an támhnéil agus le léiriú céimeanna, cón agus morghuairneán. Chaith Yeats a lán ama i mbun an t-ábhar seo a réiteach le go bhfoilseofaí é mar A Vision (1925). Sa bhliain 1924, scríobh sé le T. Werner, a fhoilsitheoir, agus d'admhaigh sé: “I dare say I delude myself in thinking this book my book of books.”[41]
Amharclann na Mainistreacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 1989, thosaigh Lady Gregory, Edward Martyn agus George Moore, The Irish LIterary Theatre le Dramaíocht Éireannach[42] a chur i láthair. S’í idéal an amharclann ná go gcuirfí níos mó béime ar,-
"The ascendancy of the playwright rather than the actor-manager à l'anglais."[43][44] a tháinig ón amharclann avant-garde Fraincise. Scríóbh Yeats léiriú an grúpa a deir, "We hope to find in Ireland an uncorrupted & imaginative audience trained to listen by its passion for oratory ... & that freedom to experiment which is not found in the theatres of England, & without which no new movement in art or literature can succeed."[45]
Níor mhair an comhchoiteann ar feadh ach dhá bhliain. Níor tháinig ráth air.
Bhunaíodar ‘The Irish National Theatre Society’, fuaireadar talamh i mBÁC ar an 27ú mí na Nollag 1904 agus d’osclaíodar Amharclann na Mainistreacha, Cuireadh drama le Yeats ‘Cathleen Ni Houlihan’ agus drama le Lady Gregory, ‘Spreading the News’ ar siúl ar an gcéad oíche. D’obair Yeats leo dá shaol ar fad mar drámadóir agus mar bhall den ghrúpa.
Bhuail Yeats leis an bhfile Meiriceánach Ezra Pound sa bhliain 1913. Thaistil Pound go Londain chun an fear níos sine a fheiceáil i measc rudaí eile. Mheas sé gurbh é Yeats “the only poet worthy of serious study”. Idir 1913 agus 1916, bhí an bheirt fhear ag cur fúthu in Stone Cottage in Ashdown Forest, ina raibh Pound ainmnithe mar rúnaí ag Yeats. Ní raibh tús maith leis an gcaidreamh nuair a shocraigh Pound véarsaíocht de chuid Yeats ─ ar a raibh athruithe neamhúdaraithe déanta aige ─ a fhoilsiú san iris Poetry. Léiríonn na hathruithe sin déistin Pound maidir le prosóid Victeoiriach. Bhí tionchar níos indírí ag an scoláireacht a bhain leis na drámaí Seapánacha Noh. Fuair Pound an scoláireacht úd ó bhaintreach Ernest Fenollosa agus chuir an scoláireacht sampla den dráma uasaicmeach ar fáil do Yeats, dráma a bhí beartaithe aige a scríobh. Ba é At the Hawk’s Well an chéad dráma a ghlac sampla Noh, agus dheachtaigh sé an chéad dréacht do Pound in Eanáir na bliana 1916.
Sa bhliain 1902, chabhraigh sé leis an mbunú, Dun Emer Press, le obair na ndaoine a bhí bainteach leis an Athbheochan a fhoilsiú. Cuala Press a ghlaoch air i 1904-1964; táirgeadh 70 teideal, 48 dóibh leabhra ó Yeats é féin.[46][47][48]
Rinne Yeats athmheasúnú ar a dhán ‘Easter 1916’, “all changed, changed changed utterly / A terrible beauty is born”, a scríobh sé maidir le teacht chun cinn ar Ghluaiseacht Reabhlóid na Náisiúnaigh.
Theip ar Yeats fiúntais na ceannairí a aithint ón Éirí Amach de bharr a mheon ar an gcúlra nádúrtha agus ar an saol a bhí ag na fír
Bhí caidreamh maith ag Yeats le Lady Gregory agus a áit bhaile, 'Coole Park’ i gContae na Gaillimhe. Thugadh sé cuairt di go minic agus d'fhanadh sé ann. Áit lárnach ab ea é do dhaoine a thug tascaíocht don athbheochan litríocht agus traidisiúnta cultúrtha na hÉireann. Scríobh sé an dán, "The Wild Swans at Coole" ann sa bhliain 1916-1917.[50]
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Náisiúnaí Éireannach ab ea Yeats. Bhí sé ina bhall den Irish Republican Brotherhood[51]
Rinne Yeats seirbhís mar Sheanadóir ar feadh dhá thréimhse.[52][53]
Duais Nobel na Litríochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh sé Duais Nobel na Litríochta i 1923. agus ba é an chéad Éireannach a bhuaigh an duais.
Bhronnadh air "for his always inspired poetry, which in a highly artistic form gives expression to the spirit of a whole nation"[54]. Bhí sé eolach ar an luach siombalach do bhuachaint duine Éireannach chomh luath le neamhspleáchas an tír a bhaint amach agus theastaigh uaidh é seo a chur in iúl gach uair is féidir. Ina fhreagraí ar litreacha comhghairdeas, deir sé "I consider that this honour has come to me less as an individual than as a representative of Irish literature, it is part of Europe's welcome to the Free State.”[55]
D’úsáid sé an léacht a bhí aige ag an Royal Academy of Sweden, le é fhéin a chur i láthair mar iompróir caighdeánach de náisiúntacht na hÉireann agus neamhspleáchas cultúrtha na hÉireann. Deir sé, "The theatres of Dublin were empty buildings hired by the English traveling companies, and we wanted Irish plays and Irish players. When we thought of these plays we thought of everything that was romantic and poetical, because the nationalism we had called up—the nationalism every generation had called up in moments of discouragement—was romantic and poetical."[56]
Tháinig méadú ar líon na ndíolacháin ar a leabhra agus theastaigh ó a fhoilsitheoirí ‘Macmillan’, é seo a caipitliú. Don chéad uair riamh, bhí airgead aige agus bhí sé ábalta a fiacha a aisíoc agus fiacha a athair a aisíoc freisin.[57]
Meánaois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear gur scríobh sé a chuid saothair is fearr i ndiaidh gur bhuaigh sé an duais Nobel, i measc na saothair sin tá The Tower (1928) agus The Winding Stair and Other Poems (1933).
Ó thús 1925, bhí sláinte Yeats cobhsuithe agus chríochnaigh sé an chuid is mó dá scríbhneoireacht do, ‘A Vision’ (1925 a deir an dáta ach taibhsigh siad sa bhliain 1926 é, nuair a bheagnach thosaigh Yeats á athscríóbh le haghaidh leagan a dó). Ceapach é mar Seanadóir sa bhliain 1922 don chéad Seanad Eireann agus ceapadh arís é do théarma eile i 1925.[58] Go luath ina buainseilbh, bhí díospóireacht ar an gcolscaradh ar a dúirt sé gur fadhb go phríomhúil í an achrann idir an éiteas Eaglais Chaitliceach Rómhánach atá ag teacht chun cinn agus an Chinsealacht Mionlach Phrotastúnach.[59]
Nuair a dhiúltaigh an Eaglais Chaitliceach glan athbhreithniú a dhéanamh ar a seasamh i gcoinne an cholscartha, dhearbhaigh an Irish Times go gcruthódh aon bheart a chuirfeadh bac dlíthiúil ar cholscaradh deighilt mhór idir Caitlicigh agus Protastúnaigh agus go ndéanfadh sé críochdheighilt na tíre a chriostalú dá bharr.
Mar fhreagra, thug Yeats sraith óráidí inar chuir sé in aghaidh uaillmhianta an rialtais agus na cléire, uaillmhianta a bhí “quixotically impressive”[26] dar leis. Dar leis, chuirfeadh a mbearta Feachtais na Spáinne Meánaoisí i gcuimhne do dhuine. Dúirt sé: "Marriage is not to us a Sacrament, but, upon the other hand, the love of a man and woman, and the inseparable physical desire, are sacred. This conviction has come to us through ancient philosophy and modern literature, and it seems to us a most sacrilegious thing to persuade two people who hate each other...to live together, and it is to us no remedy to permit them to part if neither can re-marry.” [31]
Cuireadh síos ar an bplé a tharla ina dhiaidh sin mar cheann de bhuaicphointí poiblí Yeats agus, ó thaobh idé-eolaíochta de, thosaigh Yeats ag bogadh ó iolrachas i dtreo na hEaglaise. D'éirigh a chuid cainte ní ba ghéire; Rinne Yeats cur síos ar Peter Finlay, sagart de chuid na nÍosánach, mar fhear a bhí thar a bheith drochbhéasach ar fad. Dúirt sé, agus aiféala air, “It is one of the glories of the Church in which I was born that we have put our Bishops in their place in discussions requiring legislation”. Le linn an ama a chaith sé sa Seanad, thug Yeats rabhadh eile dá chomhghleacaithe: “If you show that this country, southern Ireland, is going to be governed by Roman Catholic ideas and by Catholic ideas alone, you will never get the North...You will put a wedge in the midst of this nation.” Is maith is cuimhin le daoine an abairt seo a dúirt sé maidir lena chomh-phrotastúnaigh Éireannacha : “we are no petty people.”[60]
Tá an chuma ar an scéal gur éirigh Yeats báúil arís leis an gcóras uasaicmeach ag deireadh a shaoil. Tharla seo i ndiaidh Chliseadh Wall Street agus i ndiaidh An Spealta Mhóir go háirithe. Mar thoradh orthu siúd, bhí roinnt daoine in amhras maidir le cumas an daonlathais dul i ngleic le géardúsláin gheilleagracha. I ndiaidh dheireadh An Chéad Chogadh Domhanda, d’éirigh sé amhrasach maidir le héifeachtacht rialtais dhaonlathaigh. Cheap sé go dtiocfadh athchóiriú polaitiúil trí rialú ollsmachtach san Eoraip. Mar thoradh ar an mbaint a bhí aige níos déanaí le Pound, tarraingíodh a aird ar Benito Mussolini. Léirigh sé ar roinnt ócáidí go raibh meas aige ar Mussolini. Scríobh sé trí amhrán máirseála − nár úsáideadh riamh − do Léinte Gorma Éireannacha Ghinearáil Eoin Duffy. Nuair a thug Pablo Neruda cuireadh dó cuairt a thabhairt ar Mhaidrid sa bhliain 1937 áfach, d’fhreagair Yeats le litir ag tacú leis an bPoblacht i gcoinne an Fhaisisteachais, agus thug sé droim láimhe don Fhaisisteachas i mblianta deiridh a shaoil.[61]
I ndiaidh dó a bheith aige i 1934 nuair a bhí sé 69 bliain d’aois bhí níos mó fuinnimh aige. Ba léir óna chuid filíochta agus óna dhlúthchaidrimh le mná níos óige ná é, go raibh an tsláinte níos fearr aige. Dos na cúig bliana deireanacha dá shaol, tháinig Yeats air fuinneamh nua follasach ina fhilíocht agus ina gcaidreamh pearsanta le mná óga.[62] Le linn é seo, bhí baint ag Yeats le roinnt caidreamh rómánsúla, le cuid mhór daoine: an file/aisteoir Margot Ruddock agus an úrscéalaí/iriseoir agus gnéasaí radacach Ethel Mannin[63][64]. D’oir an eachtraíocht earótaic d'fhuinneamh cruthaitheach Yeats, mar a d’oir riamh, agus in ainneoin go raibh sé ag dul in aois agus go raibh an tsláinte ag teip air bhí sé fós ina scríbhneoir ilghníomhach. I litir sa bhliain 1935, dúirt Yeats: “I find my present weakness made worse by the strange second puberty the operation has given me, the ferment that has come upon my imagination. If I write poetry it will be unlike anything I have done”.[65] I 1936, ghlac sé leis an bpost mar eagarthóir ar an Oxford Book of Modern Verse, 1892–1935.[4]
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Yeats bás i Hotel Ideal Ségour, Menton, An Fhrainc, ar an 28ú Eanáir 1939, 73 bliain d'aois aige. Adhlacadh é tar éis sochraid discréideach agus príobháideach ag Roquebrune-Cap-Martin. Rinneadh iarrachtaí ag Roquebrue le rogha a theaghlach, Yeats a bhogadh ar ais go hÉireann, a athscaoileadh mar nach raibh siad cinnte ar a bhféiniúlacht. Rinneadh a chorp a dhíadhlaic agus a bhogadh go ossuary é.[65]
Bhíodh Yeats agus George ag plé ar a bháis go minic agus bhí sé mar mhiansainráite ag Yeats go gcuirfí faoi thalamh é go tapa sa Fhrainc gan fuaidreamh ar bith. De réir George, na focail díreach a bhí ráite ná, “If I die bury me up there [at Roquebrune] and then in a year's time when the newspapers have forgotten me, dig me up and plant me in Sligo."[66]
I Mean Fómhair 1958, bhogadh chorp le Yeats go St. Columas Church, Droim Chliabh, Sligeach ar an mbád corvette, Le Macha,[60] Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann.[67] Tógadh a feartlaoi ós na líonta deireanacha de ‘Under Ben Bulben”[68] ceann dá dánta deireanacha.
Stíl
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meastar go bhfuil Yeats ar cheann de na príomh filí Béarla sa 20ú haois. Bhí sé ina bhfile siombailí, ag úsáid íomhánna agus struchtúr siombalach tríd is tríd a ghairm bheatha. Roghnaigh sé focail agus chuir sé le chéile iad ionas go bhfeadfadh siad i dteannta le brí áirithe, smaointe teibí a d’fhéadfadh a bheith níos suantasaí agus athshondach. Is gnách gurb iad an úsáid a bhain sé as siombailí[69] rud éigin fisiceach atá mar an rud í féin chomh maith leis an moladh ar chailíocht eile b’fhéidir neamhábhartha nó tréithe gan am.[70]
Go neamhchosúil le filí eile nua-aimseartha a bhain trial as an tsaorvearsaíocht, bhí maistreacht bainte amach ag Yeats sna foirmeacha traidisiúnta.[71]
Tá obair litríochta le Yeats,[72] a raibh scríofa níos déanaí an-phearsanta ar fad, le trácht ann dá mhac agus dá iníon[73] sna fiche bhliain deireanacha, chomh maith le meabhrú ar a thaithí ag fás d’aois[74] sa dán, ‘The Circus Animals' Desertion’,
“Now that my ladder's gone
I must lie down where all the ladders start
In the foul rag and bone shop of the heart.”
Tá tionchar an nua-aoiseachais ar a shaothar le sonrú ar an tslí ar thréig sé friotal fileata gnásúil a luathshaothair ar mhaithe le teanga níos géire agus le cur chuige níos dírí chun a chuid téamaí a chur in iúl. Is teanga agus cur chuige iad seo atá le sonrú níos mó ar fhilíocht agus ar dhrámaí dá chuid le linn a lárthréimhse. Cuimsítear na himleabhair seo a leanas sa tréimhse sin: In the Seven Woods, Responsibilities agus The Green Helmet.
Le linn 1929, d’fhan sé ag Thoor Ballylee den uair dheireanach, gar don Ghort i gContae na Gaillimhe (áit a raibh teach samhraidh ag Yeats ó 1919). Chaith sé an chuid is mó dá shaol ina dhiaidh sin ina chónaí thar sáile, ach mar sin féin, léasaigh sé Teach Riversdale i Ráth Fearnáin, bruachbhaile i mBaile Átha Cliath, i 1932. Scríobh sé go rafar i mblianta deiridh a shaoil agus d’fhoilsigh sé filíocht, drámaí agus prós. Sa bhliain 1938, d’fhreastail sé ar Amharclann na Mainistreach den uair dheireanach chun céad léiriú a dhráma Purgatory a fheiceáil. Foilsíodh a Autobiographies of William Butler Yeats an bhliain chéanna.
Bhain luathfhilíocht Yeats go mór le miotaseolaíocht agus le béaloideas na hÉireann ach ba mhó a bhain a shaothar ní ba dhéanaí le saincheisteanna nua-aoiseacha agus tháinig athrú ollmhór ar a stíl. Is féidir a shaothar a roinnt i dtrí thréimhse ghinearálta. Tá fíorthon réamh-Rafaeilíteach le sonrú ar a chuid luathdhánta. Tá siad ornáideach ar bhealach féin-chomhfhiosach agus, in amanna, de réir léirmheastóirí neamhbháúla, is dánta craptha iad. Ba dánta eipice a bhí á scríobh ag Yeats nuair a thosaigh sé ar dtús, dánta mar “The Isle of Statues” agus “The Wanderings of Oisin”. I ndiaidh dó “The Wanderings of Oisin” a chríochnú ní dhearna sé iarracht dán fada eile a chumadh. Is liricí iad a chuid luathdhánta eile ar théamaí an ghrá nó ar ábhair mhistiúla agus rúndiamhra. Le linn a lárthréimhse, thréig Yeats nádúr réamh-Rafaeilíteach a luathshaothair agus rinne sé iarracht stíl Landor a ghlacadh chuige féin agus a bheith ag trácht ar an tsochaí go híorónta ina chuid scríbneoireachta. Dfhéadfadh léirmheastóirí a dtaitníonn saothar a lárthréimhse leo a rá gur saothar é a bhfuil rithimí lúbacha agus láidre ann, saothar a bhfuil an nua-aoiseachas le sonrú go géar air uaireanta. Ceapann léirmheastóiri eile áfach, gur dánta laga neamhshuimiúla iad na dánta seo ó thaobh cumhacht samhlaíochta de. Fuair Yeats inspreagadh samhlaíochta nua dá shaothar níos déanaí ón gcóras mistiúil a bhí sé á dhéanamh amach aige dó féin faoi thionchar an spioradáltachais. I mbealaí éagsúla, is ag filleadh ar fhís a shaothair ní ba luaithe atá Yeats san fhilíocht seo. Déantar an deighilt idir fear an chlaímh a bhfuil a intinn gafa le cúrsaí an tsaoil, agus an fear spioradálta diaganta, téama “The Wanderings of Oisin”, a mhacasamhlú in “A Dialogue Between Self and Soul”.[27]
Maíonn léirmheastóirí áirithe go léirítear an targhabháil ón 19ú haois go nua-aoiseachas an 20ú haois i bhfílíocht Yeats mar a léirítear i bpéintéireacht Pablo Picasso. Ceistíonn léirmheastóirí eile an raibh mórán cosúlachta idir saothar Yeats níos déanaí agus nua-aoisithe leithéidí Ezra Pound agus T.S. Eliot i ndáiríre. Mheas nua-aoisithe gur chaoineadh i leith mheath shibhialtacht na hEorpa de nádúr Eliot é an dán cáiliúil sin “The Second Coming”. Léirigh léirmheastóirí ní ba dhéanaí, áfach, gur dán é seo atá bunaithe ar theoiricí mistiúla apacailipteacha Yeats agus, dá bharr sin, go léiríonn an dán intinn atá faoi thionchar na 1890idí. Thosaigh a chnuasaigh filíochta is tábhachtaí le The Green Helmet (1910) agus Responsibilities (1914). Maidir le híomháineachas, ba ghonta agus ba chumhachtaí a d’éirigh filíocht Yeats de réir mar a chuaigh sé in aois. Tá roinnt de na híomhánna is cumhachtaí i bhfilíocht an 20ú haois sna dánta The Tower (1928), The Winding Stairs (1929), agus New Poems (1938); admhaítear i gcoitinne gurb iad na dánta in Last Poems ar na cinn is fearr a scríobh sé riamh.
Bhí an-suim ag Yeats i gcúrsaí mistiúla, is é sin i gcreidiúintí Diasúnachta Hiondúigh agus i gcúrsaí diamhaire agus bhí an t-ábhar seo mar phríomhbhonn ag a chuid filíochta déanaí. Tá léirmheastóirí áirithe in amhras faoi inchreidteacht intleachtúil na filíochta seo. Chun meitifisic shaothair dhéanacha Yeats a thuiscint is gá iad a léamh i gcomhthéacs a chórais de bhunphrionsabail rúndiamhra atá in A Vision (1925).
Tá an dán “The Second Coming”, dán a scríobh sé in 1920, ar an bhfoinse íomhánna is cumhachtaí faoin bhfichiú haois.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Dealbh Yeats i mBaile Sligeach, leis an dealbhóir Rowan Gillespie (1984). Tógadh é taobh amuigh de Bhainc Uladh ag cúinne Sráid Stiabhna agus Bóthar Markievecs. Dúirt Yeats go raibh An Pálás Ríoga i Stocólm cosúil le Banc Uladh i Sligeach.[75]
- Trasna an abhann, tá foirgneamh cuimhneacháin Yeats, agus tá Cumann Yeats Shligigh. lonnihe ann.[76]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cleeve, Brian (1972). W. B. Yeats and the Designing of Ireland's Coinage. New York: Dolmen Press. ISBN 0-85105-221-5
- Doody, Noreen (2018). The Influence of Oscar Wilde on W. B. Yeats: "An Echo of Someone Else's Music". Palgrave Macmillan. ISBN 978-3-319-89547-5.
- Ellmann, Richard (1948). Yeats: The Man and the Masks. New York: Macmillan.
- Foster, R. F. (1997). W. B. Yeats: A Life, Vol. I: The Apprentice Mage. Oxford University Press. ISBN 0-19-288085-3
- Foster, R. F. (2003). W. B. Yeats: A Life, Vol. II: The Arch-Poet 1915–1939. Oxford University Press. ISBN 0-19-818465-4
- Hone, Joseph (1943). W. B. Yeats, 1865–1939. New York: Macmillan Publishers. OCLC 35607726
- Jordan Anthony J. (1997). Willie Yeats & The Gonne-MacBrides. Westport Books ISBN 0-9524447-1-2
- Jordan, Anthony J. (2000). The Yeats Gonne MacBride Triangle. Westport Books ISBN 0-9524447-4-7
- Jordan, Anthony J. (2003). W. B. Yeats: Vain, Glorious, Lout – A Maker of Modern Ireland. Westport Books. ISBN 0-9524447-2-0
- Jordan, Anthony J. (2013). Arthur Griffith with James Joyce & WB Yeats – Liberating Ireland Westport Books. ISBN 978-0-9576229-0-6.
- O'Neill, Michael (2003). Routledge Literary Sourcebook on the Poems of W. B. Yeats. Routledge. ISBN 0-415-23475-1.
- Ryan, Philip B. (1998). The Lost Theatres of Dublin. Wiltshire: The Badger Press. ISBN 0-9526076-1-1
- Yeats, W. B. (1994). The Collected Poems of W. B. Yeats. Wordsworth Poetry Library. ISBN 1-85326-454-7.
Léitheoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Igoe, Vivien (1994). A Literary Guide to Dublin. Methuen Publishing. ISBN 0-413-69120-9
- Longenbach, James (1988). Stone Cottage: Pound, Yeats, and Modernism. Oxford University Press. ISBN 0-19-506662-6
- Yeats, W. B. (1900). "The Philosophy of Shelley's Poetry", in Essays and Introductions, 1961. New York: Macmillan Publishers. OCLC 362823
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Meáin a bhaineann le William Butler Yeats ag Wikimedia Commons
- Obair atá scríofa ag nó faoi William Butler Yeats ag Wikisource
- Taispeántas Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Yeats: The Life and Works of William Butler Yeats Curtha i gcartlann 2007-02-03 ar an Wayback Machine
- Saothar le W. B. Yeats ag Project Gutenberg
- William Butler Yeats: Próifíl agus Dánta ag Poets.org
- Comhfhreagras Yeats' agus taifid chartlainne eile Curtha i gcartlann 2016-08-18 ar an Wayback Machine ag Southern Illinois University Carbondale, Special Collections Research Center
- Taifeadtaí de 24 léacht a thug [Donald https://en.wikipedia.org/wiki/Donald Davie Donald Davie] ag Stanford i 1975 faoi W. B. Yeats
- Bailiúchán Boston College de pháipéir teaghlaigh Yeats ag John J. Burns Library, Boston College
- Yeats and Mysticism, BBC Raidió 4 plé le Roy Foster, Warwick Gould agus Brenda Maddox (In Our Time, 31 January 2002)
- Yeats and Irish Politics, BBC Raidió 4 plé le Roy Foster, Fran Brearton & Warwick Gould (In Our Time, Apr. 17, 2008)
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Filíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1886 - Mosada
- 1889 - The Wanderings of Oisin and Other Poems
- 1891 - John Sherman and Dhoya
- 1892 - The Countess Kathleen and Various Legends and Lyrics
- 1894 - The Land of Heart's Desire
- 1895 - Poems
- 1897 - The Secret Rose
- 1899 - The Wind Among the Reeds
- 1900 - The Shadowy Waters
- 1902 - Cathleen Ní Houlihan
- 1903 - In the Seven Woods
- 1910 - The Green Helmet and Other Poems
- 1912 - The Cutting of an Agate
- 1913 - Poems Written in Discouragement
- 1914 - Responsibilities
- 1917 - The Wild Swans at Coole
- 1921 - Michael Robartes and the Dancer
- 1921 - Four Plays for Dancers
- 1924 - The Cat and the Moon
- 1927 - October Blast
- 1928 - The Tower
- 1929 - The Winding Stair
- 1933 - The Winding Stair and Other Poems
- 1934 - Collected Plays
- 1935 - A Full Moon in March
- 1938 - New Poems
Saothair eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1888 - Fairy and Folk Tales of the Irish Peasantry
- 1891 - Representative Irish Tales
- 1892 - Irish Faerie Tales
- 1893 - The Celtic Twilight
- 1907 - Discoveries
- 1903 - Ideas of Good and Evil
- 1916 - Reveries Over Childhood and Youth
- 1918 - Per Amica Silentia Lunae
- 1921 - Four Years
- 1925 - A Vision
- 1926 - Estrangement
- 1926 - Autobiographies
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ A. Norman Jeffares (1996). "Man of Action". W. B. Yeats: 108–138. New York: Palgrave Macmillan US.
- ↑ 2.0 2.1 "A Yeats dictionary: persons and places in the poetry of William Butler Yeats" (1999-01-01). Choice Reviews Online 36 (05): 36–2477-36-2477. doi: . ISSN 0009-4978.
- ↑ Limerick Chronicle, (13 August 1763). "".
- ↑ [Phelan]. "Meredith-J-Wiltfong-CO - User Trees - Genealogy.com". www.genealogy.com lch, 174. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ "Ricorso: Digital materials for the study and appreciation of Anglo-Irish Literature". www.ricorso.net. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ 6.0 6.1 Obituary. "W. B. Yeats Dead". The New York Times, 30 January 1939. Retrieved on 21 May 2007. Wireless to THE NEW YORK TIMES Times Studio (1939-01-30). "W.B. YEATS DEAD; FAMOUS IRISH POET; Winner of the Nobel Prize for Literature in 1923 Is Stricken in France NOTED TOO AS PLAYWRIGHT Hailed by Masefield in 1935 as 'Greatest Living Poet'-- An Abbey Theatre Founder Wrote Poems, Esays, and Plays Went to School in London Active in Abbey Theatre Crowded Years Recalled ABBEY THEATRE CLOSES Will Remain Inactive for a Week as Tribute to Yeats" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2019-02-11.
- ↑ Hone (1943). "" (lch 28).
- ↑ Foster (1997). "" (lch, 25).
- ↑ Sessa, Anne Dzamba. (1979). "Richard Wagner and the English". Rutherford [N.J.]: Fairleigh Dickinson University Press. OCLC 4037607.
- ↑ "Yeats in Bedford Park". www.chiswickw4.com. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Jordan (2003). "" (lch, 119).
- ↑ Hone (1943). "" (lch 33).
- ↑ Claire V. Nally (2006-2). "Leo Africanus As Irishman?: National Identity Formation in W. B. Yeats's A Vision" (as en). Irish Studies Review 14 (1): 57–67. doi: . ISSN 0967-0882.
- ↑ Foster (1997). "": lch, 103.
- ↑ Elizabeth Cullingford (1983). "How Jacques Molay Got Up the Tower: Yeats and the Irish Civil War". ELH 50 (4): 763. doi: . ISSN 0013-8304.
- ↑ [Davies] (19ú Deireadh Fómhair, 2018 & 8ú Aibreán, 2013). "The Attraction of Bedford Park" (en-US). web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-19. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Tom Paulin (Iúil 2007). "The Poems of William Blake". Taylor & Francis, 2004. doi: . Curtha i gcartlann 2015-06-29 ar an Wayback Machine
- ↑ Doody, Noreen, author.. "The influence of Oscar Wilde on W.B. Yeats : "an echo of someone else's music"" (lch, 10-12). OCLC 1028605568.
- ↑ Doody, Noreen, author.. "The influence of Oscar Wilde on W.B. Yeats : "an echo of someone else's music"" (lch, 116-123). OCLC 1028605568.
- ↑ Doody, Noreen, author.. "The influence of Oscar Wilde on W.B. Yeats : "an echo of someone else's music"" (lch, 207-280). OCLC 1028605568.
- ↑ Hone (1943). "" (lch, 83).
- ↑ "RPO -- William Blake : The Four Zoas". web.archive.org. Department of English, University of Toronto, 2005. 3 June 2007. (2007-06-14). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-06-14. Dáta rochtana: 2019-02-12. Dáta rochtana: https://rpo.library.utoronto.ca/poem/169.html.
- ↑ "FZ Online Variorum Edition". web.archive.org (2011-09-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-09-26. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Alford, Norman. (1997). "The Rhymers' Club : poets of the tragic generation". Macmillan. OCLC 59665734.
- ↑ Burke, Martin J (7 Meán Fómhair, 2005). https://en.wikipedia.org/wiki/Columbia_University:+"Daidra from Philadelphia: Thomas Holley, Chivers and The Sons of Usna". Columbia University. Dáta rochtana: 5 July 2007.
- ↑ 26.0 26.1 Ellmann (1948). "": lch, 97.
- ↑ 27.0 27.1 "Sample Chapter for Auden, W.H.; Mendelson, E., ed.: The Complete Works of W.H. Auden: Prose, Volume II, 1939-1948.". web.archive.org (2007-06-10). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-06-10. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Foster (1997). "": lch, 82-85.
- ↑ Russell K. Alspach (1946-10). "The Use by Yeats and Other Irish Writers of the Folklore of Patrick Kennedy". The Journal of American Folklore 59 (234): 404. doi: . ISSN 0021-8715.
- ↑ Warwick Gould (2004-09-23). "Gyles, Margaret Alethea [known as Althea Gyles (1868–1949), artist and poet]". Oxford University Press.
- ↑ 31.0 31.1 Foster (1997). "": lch, 57.
- ↑ Foster (1997). "": lch, 86-87.
- ↑ Christopher Cahill (2003-12-01). "Second Puberty" (en-US). The Atlantic. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Ó Corráin, Donnchadh; 2 July 2007 at the Wayback Machine". University College Cork. Retrieved on 15 July 2007. (2007-07-02). "Multitext - William Butler Yeats". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-07-02. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Jordan (2003 agus 1997). "": lch, 139-153 agus lch, 83-88.
- ↑ Jordan (2000). "": lch, 13-141.
- ↑ Foster (1997). "": lch. 394.
- ↑ Malins; Purkis (1994). "": lch, 124.
- ↑ Neil Corcoran (2012-10-25). "Modern Irish Poetry and The Visual Arts: Yeats to Heaney". Oxford Handbooks Online. doi: .
- ↑ Foster (1997). "" (lch, 24).
- ↑ 41.0 41.1 "Yeats, William Butler" (2011-10-31). Benezit Dictionary of Artists. Oxford University Press.
- ↑ Foster (2003). "": lch, 486-662.
- ↑ Foster (1997). "": lch, 183.
- ↑ Téacs atáirgeadh ó dhréacht lámhscríofa Yeats é féin.. "".
- ↑ Foster (1997). "": lch,184.
- ↑ [Trinity College Dublin] (Feabhra 12, 2004). "Irish Genius': The Yeats Family and The Cuala Press". www.tcd.ie. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Monroe, Harriet (1913.). "Poetry". Poetry: lch, 123. (Chicago) Modern Poetry Association..
- ↑ "Sands - The Influence of Japanese Noh Plays on William Butler Yeats". writing.colostate.edu. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Foster (2003). "": lch, 59-66.
- ↑ Alex. MacBain, Gregory (1904). "Gods and Fighting Men". The Celtic Review 1 (1): 87. doi: . ISSN 1755-6066.
- ↑ "Sanford Sternlicht revisits ‘Modern Irish Drama’" (en-US). SU News. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ "Roy Foster: Yeats emerged as poet of Irish Revolution, despite past political beliefs : 4/01". news.stanford.edu. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-05-08. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Ellmann (1948). "" (lch, 244).
- ↑ "The Nobel Prize in Literature 1923" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Foster (2003). "": lch, 246-247.
- ↑ Michael Valdez Moses from the February 2001 issue-view article in the Digital Edition (2001-02-01). "The Poet As Politician" (en). Reason.com. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Foster (2003). "": lch, 246-247.
- ↑ Foster (2003). "": lch, 228-239.
- ↑ Foster (2003). "": lch, 293.
- ↑ 60.0 60.1 Foster (2003). "": lch, 651.
- ↑ Foster (2003). "": lch, 468.
- ↑ Wyndham, Diana. (2012). "Norman Haire and the study of sex". Sydney: Sydney University Press. OCLC 795702307.
- ↑ "The National Library of Ireland - The Life and Works of William Butler Yeats - Online Exhibition". www.nli.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-12-12. Dáta rochtana: 2019-02-13.
- ↑ Foster (2003). "": lch, 504, 510-511.
- ↑ 65.0 65.1 Letter to Dorothy Wellesley, 17 Meitheamh 1935, Richard Ellmann (1985-05-09). "Yeats’s Second Puberty" (en). Dáta rochtana: 2019-02-12.The New York REview of Books 9 Bealtaine, 1985
- ↑ Jordan (2003). "": lch, 114.
- ↑ Foster (2003). "": lch, 656.
- ↑ Jordan (2003). "": lch, 115.
- ↑ "WB Yeats" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Ulanov, Barry (1961). "Makers of the modern theater: Ibsen [a.o.]". McGraw-Hill. OCLC 470184991.
- ↑ "Twentieth-Century Literary Criticism Series - Gale". www.cengage.com. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Richard Finneran (1997). "Yeats". Ann Arbor, MI: University of Michigan Press.
- ↑ Young Suck Rhee (2004-12-31). "James Longenbach, Stone Cottage: Pound, Yeats & Modernism. (Oxford: Oxford UP, 1988)". The Yeats Journal of Korea 22: 215–218. doi: . ISSN 1226-4946.
- ↑ "Yeats and the logic of formalism" (2006-09-01). Choice Reviews Online 44 (01): 44–0154-44-0154. doi: . ISSN 0009-4978.
- ↑ "Sligo: W.B. Yeats Statue" (en-US). A Trip to Ireland (2014-07-08). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-05-03. Dáta rochtana: 2019-02-12.
- ↑ Grosvenor E. Powell (1981-04). "Yeats's Second "Vision": Berkeley, Coleridge, and the Correspondence with Sturge Moore". The Modern Language Review 76 (2): 273. doi: . ISSN 0026-7937.
- Glanadh na Vicipéide
- Irish writer navigational boxes
- Dramatist and playwright navigational boxes
- Poet navigational boxes
- Ireland templates
- Poetry navigational boxes
- Nobel Prize templates
- Nobel Prize in Literature
- Literature award navigational boxes
- Seanad Éireann navigational boxes
- Daoine a rugadh i 1865
- Básanna i 1939
- Baill Sheanad Éireann
- Buaiteoirí Dhuais Nobel na Litríochta
- Daoine as Baile Átha Cliath
- Drámadóirí Éireannacha
- Filí na hÉireann
- Fir
- Polaiteoirí neamhspleácha na hÉireann
- Protastúnaigh Éireannacha