Francis Ledwidge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFrancis Ledwidge

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Francis Edward Ledwidge
Beathaisnéis
Breith19 Lúnasa 1887
Baile Shláine Cuir in eagar ar Wikidata
Bás31 Iúil 1917
29 bliana d'aois
Boezinge, An Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaArtillery Wood Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda

IMDB: nm8766038 Musicbrainz: 95db97f4-de15-4e5e-95b4-fb3c39ecbc47 Discogs: 2019492 Find a Grave: 8752333 Cuir in eagar ar Wikidata

File iomráiteach Éireannach, saighdiúir agus náibhí, ab ea Francis Ledwidge (19 Lúnasa 1887 - 31 Iúil 1917). Rugadh i gcontae na é agus maraíodh é sa chéad chogadh domhanda.

Saol agus Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Duine de theaghlach mór beo bocht ab ea é, ach meas acu riamh ar an léann. D'éag a athair agus gan ach cúig bliana slánaithe ag Ledwidge. Lean sé lena chuid oideachais agus é ag obair leis chun é féin a chothú.

thart ar 1914

Thosaigh sé ag cumadh dánta agus luí sé isteach leis an bhfilíocht go díograiseach. Foilsíodh cuid mhaith dánta leis, faoin am seo, i nuachtáin áitiúla. Thug Lord Dunsany pátrúnacht dó ó 1912 ar aghaidh agus chuir sé a leabharlann ar fáil dó, chomh maith le cuid mhaith áiseanna eile. Thug seisean cabhair dó a chéad chnuasach filíochta, Songs of the Fields, a chur in eagar agus i gcló.

An Chéad Chogadh Domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba náisiúnaí Éireannach daingean é. Mar bhall de na Irish Volunteers, chuaigh Ledwidge isteach in Arm Shasana chun troid sa chéad chogadh domhanda ar son tíortha beaga, mar dhea. Tháinig sé slán ón sléacht i nGallipoli, agus d'éirigh sé tinn i sléibhte na Seirbia ansin, áit ar chum sé neart filíochta.

Bhí sé cráite tar éis Éirí Amach na Cásca. Briseadh as an arm é, óir nár fhill sé in am óna chuid saoire agus as a bheith ólta faoi éide freisin.

Tar éis tamall gearr, cuireadh ar ais chuig an gcogadh é. Ar an 31 Iúil 1917, agus é ag ól tae lena chomrádaí, ar thaobh an bhóthair in aice le Pilkem, gar do Ypres, maraíodh é de bharr pléasc sliogáin.

A Shaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor foilsíodh ach cnuasach amháin filíochta leis i rith a shaoil ach cuireadh neart filíochta leis i gcló i nuachtáin áitiúla. Foilsíodh dhá cnuasach filíochta eile leis, Songs of Peace agus Last Songs, tar éis dó bás a fháil.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]