Eugenio Montale

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eugenio Montale
Eugenio Montale.jpg
Italian senator for life (en) Aistrigh

Meitheamh 13, 1967 - Meán Fómhair 12, 1981
Saol
Eolas breitheGenova, 12 Deireadh Fómhair 1896
NáisiúntachtIodáil
Ríocht na hIodáile
Teanga dhúchaisAn Iodáilis
BásMilano, 12 Meán Fómhair 1981
Áit adhlacthaCemetery of San Felice a Ema (en) Aistrigh
Muintir
AthairDomenico Montale
MáthairGiuseppina Ricci
Céile/CéilíDrusilla Tanzi  (Iúil 23, 1962 -  Deireadh Fómhair 20, 1963)
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
TeangachaAn Iodáilis
Gairm
Gairmfile, iriseoir, aistritheoir, polaiteoir, leabharlannaí, scríbhneoir próis, eagarthóir, criticeoir ceoil agus léirmheastóir liteartha
Áit oibreAn Róimh
FostóiríGabinetto Vieusseux (en) Aistrigh  (1929 -  1938)
Saothar iomráiteachOssi di seppia (en) Aistrigh
Le occasioni
La bufera e altro
Satura
Xenia (en) Aistrigh
Farfalla di Dinard
Auto da fé
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí agAn Chéad Chogadh Domhanda
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaItalian Republican Party (en) Aistrigh
Discogs ID689728
EugenioMontaleFirmaCC.JPG
Montale le Drusilla Tanzi agus Gerti Frankl sa bhliain 1928

File agus údar de chuid na hIodáile ba ea Eugenio Montale (a rugadh 12 Deireadh Fómhair 1896 in Genova agus a d'éag 12 Meán Fómhair 1981 in Milano). Bhain sé Duais Nobel na Litríochta amach sa bhliain 1975.

Teatro alla Scala di Milano, 1950idí

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

An duine ab óige de sheisear a bhí ann. Chuaigh sé sna saighdiúirí sa bhliain 1917 agus chaith sé an bhliain dheireanach den Chéad Chogadh Domhanda ag troid sa Tioróil Theas i dtuaisceart na hIodáile.

Ag deireadh an chogaidh, chuir sé faoi in Genova agus músclaíodh a shuim i gcúrsaí litríochta. Chuir sé aithne ar scríbhneoirí agus ar léirmheastóirí na háite agus bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar an nuachtán Primo Tempo.

Cuireadh a chéad leabhar, Ossi di Seppia, i gcló sa bhliain 1925. Thug an nádúr inspioráid dó, agus faoin am seo, scríobh sí go spéisiúil faoi thírdhreach agus atmaisféir Liguria.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhog sé go dtí Flórans mar a raibh an leabharlann Gabinetto Vieusseux faoina chúram.

1964

Briseadh as an bpost sin é sa bhliain 1938 toisc gur dhiúltaigh sé dul sa pháirtí faisisteach. An bhliain dár gcionn d'fhoilsigh Montale an dara leabhar aige, Le Occasioni. Faoin am seo bhí sé ag obair le nuachtán i bhFlórans. Ó 1948 amach, bhí sé le Corriere della Sera in Milano.

Viale amendola, targa eugenio montale, 1982.JPG

Tháinig La Bufera ar an saol sa bhliain 1956, agus Satura sa bhliain 1971.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1925/28 - Ossi di seppia
  • 1938 - Le Occasioni
  • 1943 - Finisterre
  • 1956 - La bufera e altro
  • 1971 - Satura
  • 1973 - Diario del '71 del '72

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

PLANDAÍ — do Eugenio Montale, le Seán Ó Leocháin[1][cuir in eagar | athraigh foinse]

Nach dtabharfá chugam an bláth beag buí? –

tá a fhios agat an ceann,

é agat leis na blianta ar chúl an tí.

Má théann sé i bhfréamh

i mo chréafóg thanaí

tiocfaidh fad ar mo shaol:

a cheann chun na spéire aige,

gan ach scamaill os a chionn

is gan a mhalairt i ndán dó

chomh fada ó bhaile, é lán d’imní,

an séasúr le cur de aige

ag teacht chuige féin

nó ag dul ar neamhní.

Na nithe a bhí doiléir,

tá siad doiléir i gcónaí:

cé gurb olc an comhartha

mar a sheasann sé an fód,

beo ar éigean chomh fada óna thaithí

is gan tógáil a chinn aige

i gceartlár an ghairdín,

mairfidh sé go brách

má éiríonn leis teacht tríd

cé nach féidir linn a rá

go mbeidh sé chomh maith is a bhí,

a aghaidh chun na spéire aige,

é ag dul le báiní.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. PLANDAÍ — do Eugenio Montale, le Seán Ó Leocháin (2014). "Feasta - dán". www.feasta.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-19. Dáta rochtana: 2021-09-12.