André Gide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
André Gide ina shuí. (Ba é Théo van Rysselberghe a chum an pictiúr sa bhliain 1901.)
Síniú André Gide

Scríbhneoir Francach ab ea André Gide (22 Samhain 1869 – 19 Feabhra 1951), nó Paul Guillaume André Gide mar atá a ainm scríte ar a theastas breithe. Do rugadh é i bPáras ar an 22ú lá de Shamhain 1869 agus do fuair sé bás san áit chéanna ar an 19ú lá d'Fheabhra 1951. Ba iad Paul Gide agus Juliette Rondeaux a thuismitheoirí. Do chum sé úrscéalta, gearrscéalta, drámaí agus aistí. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1947. Do chuir an Vatacáin a shaothair ar an Index Librorum Prohibitorum ('Innéacs na Leabhar Toirmiscthe') sa bhliain 1952.