Jump to content

Rabindranath Tagore

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRabindranath Tagore

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(bn) রবীন্দ্রনাথ Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Bealtaine 1861
Calcúta Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Lúnasa 1941
80 bliana d'aois
Calcúta Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachBeangálaigh agus Bráman
ReiligiúnAn Hiondúchas
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity College London
St. Xavier's Collegiate School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBeangáilis
Dath súileDubh
Dathán gruaigeWhite hair (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht
Gairmpéintéir, amhránaí, cumadóir amhrán, liriceoir, stiúrthóir scannán, Nobel Prize winner (en) Aistrigh, trodaí ar son na saoirse, leabhrógaí, scríbhneoir, fealsamh, file, ealaíontóir, cumadóir, scríbhneoir aistí, drámadóir, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraAiste, gearrscéal agus úrscéal
Mac/iníon léinnLakshmiswar Sinha agus Mukul Dey
Ainm cleiteভানুসিংহ Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBeangáilis
UirlisCeol gutha
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMrinalini Devi (1883–1902) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRathindranath Tagore Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDebendranath Tagore
SiblínSwarnakumari Devi, Hemendranath Tagore, Jyotirindranath Tagore, Dwijendranath Tagore, Satyendranath Tagore agus Soudamini Debi
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0007173 iTunes: 3914432 Musicbrainz: 13274b60-181b-431a-b049-b48560c58e2a Discogs: 734450 IMSLP: Category:Tagore,_Rabindranath Find a Grave: 10397981 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir, péintéir agus ceoltóir Indiach a bhí i Rabindranath Tagore. Saolaíodh ar an 7 Bealtaine 1861 é agus fuair sé bás ar an 7 Lúnasa 1941).

Buaiteoir Duais Nobel na Litríochta a bhí ann a bhain cáil dhomhanda amach as feabhas a chuid litríochta, litríocht ina bhfuil a spioradáltacht agus a fhealsúnacht féin i leith an tsaoil go tréan inti.[1] Ba é Tagore an chéad scríbhneoir nárbh as an Eoraip dó a bhain amach Duais Nobel.

Tagore i Londain

Ar aon dul leis an bPiarsach, náisiúnaí, file, agus scríbhneoir a bhí i Tagore. Bhunaigh Tagore scoil i Santiniketan, sa Bheangál in oirthear na hIndia i 1901. ‘Naomh Éanna na hIndia’ a thug Yeats ar an scoil chéanna i 1908, agus é ag tagairt do scoil an Phiarsaigh i Raghnallach a bhog ina dhiaidh sin go Ráth Fearnáin.

1925

Dhírigh Tagore ar thrí chaidreamh a bhí le forbairt ag an bpáiste san oideachas: leis an dúlra nó an nádúr, le daoine eile, agus leis an bhfírinne – nó an "Ard-Fhírinne" mar a thug Tagore uirthi. D’áitigh Tagore gur sórt monarchan a bhí sa chóras oideachais a bhunaigh an Impireacht a bhí tiomanta ar smachtú an dalta agus mhaígh sé nach raibh aon aird ag an gcóras ar an bpáiste mar dhuine ann féin ná ar a chultúr dúchais. Aoibhneas na foghlama a theastaigh uaidh féin a chur chun cinn, agus leag sé béim ar na healaíona agus ar an bhforbairt mhothúchánach.

Ba iad Gitanjali, Gora, agus Ghare-Baire na saothair ba mhó a thuill clú dó.

Bhí dráma le Tagore darbh ainm The Post Office aistrithe ag Yeats ón mBeangáilis.