Nelly Sachs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Nelly Sachs (10 Nollaig 1891 - 12 Meitheamh 1970), sa bhliain 1966.

Scríbhneoir, drámadóir agus file Gearmánach-Sualannach ab ea Nelly Sachs (1891 - 1970), nó Leonie Sachs de réir a hainm breithe. Do rugadh í ar an 10ú lá de mhí na Nollag i mBeirlín na Gearmáine agus do fuair sí bás ar an 12ú lá de Bhealtaine i Stócólm na Sualainne.

Do bhí an-tionchar ag an Dara Cogadh Domhanda ar shaothair Sachs. Giúdach ab ea í agus do chaith sí dul ar deoraíocht lena máthair sa bhliain 1940 mar gheall ar san. Is é Eli: Ein Mysterienspiel vom Leiden Israels (1950) an dráma is iomráití dá cuid. Do moladh Duais Nobel na Litríochta di, agus don scríbhneoir Eabhrach Shmuel Yosef Agnon (Eabhrais: ‏שמואל יוסף עגנון), sa bhliain 1966.