Brendan Kennelly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBrendan Kennelly
Beathaisnéis
Breith1936
Béal Átha Longfoirt, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Deireadh Fómhair 2021
84/85 bliana d'aois
Lios Tuathail, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leeds
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, aistritheoir, úrscéalaí, file Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

IMDB: nm4997781 Musicbrainz: 8bb920c3-2b8d-4639-9be3-15790c161b67 Discogs: 2360428 Cuir in eagar ar Wikidata

File agus ollamh as Contae Chiarraí ba ea Brendan Kennelly (17 Aibreán 193617 Deireadh Fómhair 2021).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Kennelly i mBéal Átha Longfoirt i gCiarraí i 1936 agus gur fhoghlaim sé ón traidisiún láidir filíochta a bhí sa bhaile agus i gCiarraí Thuaidh trí chéile.[1] Bhí teach tábhairne i lár an bhaile ag athair Kennelly agus gur “as na bailéid a chloiseadh sé ann” a d’fhás filíocht Kennelly.

Bhí suim ag Kennelly i gcúrsaí peile agus go gcumfadh sé  dán nó amhrán aon uair go ndéanfadh foireann Bhéal Átha Longfoirt nó foireann Chiarraí gaisce ar pháirc na himeartha.[1] Peileadóir cumasach a bhí i Kennelly freisin agus é mar chuid d’fhoireann mhionúir Chiarraí a chaill cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Átha Cliath i 1953.

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Scoláire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Arts Building, TCD

Chaith Kennelly na blianta 1961-2016 mar scoláire sinsearach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Ollamh le Nua-Litríocht i Scoil an Bhéarla a bhí ann. Fear so-ranna cuideachtúil ab ea é a roinneadh a chuid eolais leis an bpobal i gcló agus ar na meáin chraolta.[2]

D'fhill Kennelly ar a bhaile dúcháis, Béal Átha Longfoirt, in Oireacht Uí Chonchúir sa bhliain 2016. Tháinig galar Alzheimer air agus cailleadh é inné in ionad altranais i Lios Tuathail, Co Chiarraí, mar a raibh cónaí air le dhá bhliain.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá bailiúchán saothar ollmhór fágtha ag Kennelly. Foilíodh os cionn 30 cnuasach filíochta leis i gcaitheamh na mblianta agus bronnadh an draoi gradam air.

Tá filíocht Kennelly lán le mionsonraí agus le huigeacht na beatha, a cuid neamhréitigh agus a tráthanna ceiliúrtha, lena n-áirítear taithí thráthúil na peile agus na polaitíochta.[3] Sna drámaí agus sna dánta a ndeachaigh an domhan clasaiceach i ngleic leo, bhí sé mar aidhm ag Kennelly saolta inmheánacha na bpearsana ón miotaseolaíocht agus ón stair a cheistiú agus a gcéasadh a cheangal le braistint an chaillteanais a mhair go dtí an chuimhne agus an taithí chomhaimseartha.  Rinne sé ceiliúradh freisin ar ghreann na diabhlaíochta sa chaidreamh collaí agus sa ghnéasúlacht le carachtair mar Maloney in ‘Up and At It’.

Ba chumadóir bailéad a bhí ann chomh maith, a d’agair seancheird na bailéadaíochta agus a chuir léi lena bhuanna fileata ar leith.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'aistrigh Kennelly dánta as Gaeilge, mar shampla "A Drinking Cup" (1970) agus "Mary" (1987). Foilsíodh cnúsach níos déanaí, "Love of Ireland: Poems from the Irish" (1989).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "‘File, fathach, fealsúnaí agus fear léinn’ – ómós tugtha do Brendan Kennelly agus é ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-19.
  2. Nuacht RTÉ (2021-10-18). "Ollamh agus file Brendan Kennelly tar éis bháis" (as ga). 
  3. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-10-19.