Flann mac Lonáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFlann mac Lonáin
Beathaisnéis
Breith9 haois
Bás896 (Féilire Ghréagóra)
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

File agus Ollamh Éireann ba ea Flann mac Lonáin (bás 896). File mór le rá agus uaireanta conspóideach ba ea é.

Is amhlaidh go rugadh Flann in oirthear an Chláir nó in iarthar Thiobraid Árann.

Dhéantaí staidéar ar a chuid saothar agus thugtaí iad mar eiseamláirí i ndréachtaí mheánaoiseacha.

Ina shaothar a foilsíodh tar éis a bháis, The Irish Tradition (1946), scríobh Robin Flower alt fada faoin bhfear agus na seanscéalta faoina bheatha.

Luaitear Flann sa litir pearsanta is sine as Éirinn atá ar marthain, a théann siar go dtí lár na 12ú haoise, seolta chuig Áed Ua Crimthainn, tiomsaitheoir den Leabhar Laighneach, ag Find easpag Cill Dara, a scríobh:[1]

Let the poem book of Mac Lonáin be brought to me so that we may study the meanings of the poems that are in it, et vale in Christo.

Rainn annálacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear i nAnnála na gCeithre Máistrí dhá rann de chaoineadh a chum Flann tar éis do Tresach, mac Becáin, flaith Ua m-Bairrche Maighe, do mharbhadh la h-Aodh, mac Iolghuine sa bhliain 884:[2]

Trom-cheó for chóiceadh m-Bresail,
ó at-bath leo i Liphi lessaigh,
tromm essnadha[3] Assail,
do brón tesbhadha Tressaigh.

Scith mo mheanma, muad[4] mo ghnas,
ó l-luidh Treassach i tiughbhás
osnadh Oenaigh Lifi láin,
Laighin co muir mac Becáin


Trom-cheo ar chúige Bhreasail
ó básadh i Life leasa
trom osnaí Assail
do bhrón easpa Threasaigh.

Scíth mo mheamna, dubhach mo ghnás,
ó luí Treasach i dtiugh-bhás[5]
osna Aonaigh Life lán
Laighin go muir, mac Beacáin.

Chum Flann na rainn a leanas chun bás Cheallaigh mhic Fhlannagáin, rí Bhreá sa bhliain 890 a chomóradh:

Amhra[6] tréceng,
trí meic Flainn
im-luaidhet Odhba,
Congalach Cuilt,
Ceallach Cerna
is Cionaodh Cnodhbha.

Ma ro bith Ceallach
cintach dirsan[7]
a dith ba belchath,
Moruar
ba rom[8] a bhoeghal,
nad rumalt saeghal
seanchadh.


Amhra ceirdeanna
triúr mac Fhlainn
iomluaigh Óbha
Congalach Choilt
Ceallach Chearna
is Cionaoth Chnóbha.

Má bhásaigh Ceallach
ciontach, ochón
go dtitfeadh ag béalchath
faraor!
ba luath a bhaol;
nach mairfeadh sé saol
seanchaí.

Tásca[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éag sé i bPort Láirge.

  • Annála Uladh, AU 896.10: Flann m. Lonain .h. Ghuaire do ghuin lasna Deise Muman.
  • Annála Inis Faithlinn, AIF 896.3: Guin Flaind meicc Lonáin, rí filed n-Erend, la h-úa Fothaid Tíre.
  • Chronicon Scotorum CS 896: Flann mac Lonain Firgil Gaedeal .i. primfile Gaoideal do marbadh d'Uíbh Cuirrbuide .i. o hUibh Fothaidh ag Loch da Caoch a n-Desibh Muman.
  • Annála na gCeithre Máistrí, M891.14: Flann mac Lonáin, Uirghil Shil Scota primh-fhileGaoidheal uile, file as deach baí i n-Erinn ina aimsir, do mharbhadhla macaibh Cuirbhuidhe, do Uibh Fothaith iat-sen, h-in-duinetaidhe h-ic Loch Dá Caochi n-Deisibh Mumhán.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Robert Welsh, Oxford Concise Companion to Irish Literature, 1996. ISBN 0-19-280080-9
  • Moore, Norman (1893). "Maclonan, Flann". In Lee, Sidney (eag.). Dictionary of National Biography. 35. Londain: Smith, Elder & Co.
  • Robin Flower, The Irish Tradition, 1946.
  • J. G. O’Keeffe (eag.), Irish Texts, 1 (1931), ll. 22–24, 54–62
    • ‘Flann Mac Lonain in Repentant Mood’ agus ‘Eulogy on Ecnechan son of Dálach Kingof Tír Conaill' le Fland mc Lonain ollam Connacht
    • ‘Ard do scela a meic nacuach’
  • A Story of Flannmac Lonáin, tras-scríofa ag O. J. Bergin, Anecdota from Irish Manuscripts, iml.1, lch. 45
  • Ubink, Jeanette, Poems attributed to Flann mac Lonáin: including a critical edition of Maiccni Echach ard a nglé Curtha i gcartlann 2021-11-02 ar an Wayback Machine, University of Utrecht. 2015.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. O'Sullivan, William, 'Notes on the scripts and make-up of the Book of Leinster', in Celtica 7 (1966) ll. 1-31
  2. Annála na gCeithre Máistrí ACM 884.11
  3. esnad, dos, dordán, ar eDIL; cf. Esnada Tige Buchet
  4. 1 muad, ar eDIL
  5. tiugh-, réimír Lit. deireanach, ar teanglann.ie
  6. amrae, amhra, iontas, ar eDIL
  7. dirsan, ochón, ar eDIL
  8. rom, moch, luath


Réamhtheachtaí
Máel Muire Otháin
Ollamh Éireann
887–896
Comharba
Torpaid mac Taicthech