Ollamh Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ba theideal gairme don Ard-fhile na nGael ab ea Ollamh Éireann (Sean-Ghaeilge Ollam[1] Érenn).

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filebard na litríochta nó na staire ab ea ollam ('is mó' go litriúil). Bhíodh a ollamh féin ag gach taoiseach nó tuath. Bhíodh ard-ollamh i ngach cúige, mar shampla, cúige na nUladh, ar chomhchéim shóisialta le rí na cúige. Thar ollaimh na gcúigí, bhíodh Ard-Ollamh (Rí-Ollam, Rí-Eigeas, Príméces) nó "Ollamh Éireann" i réim, ó am go céile ar a laghad.

De ghnáth taobh istigh de ríocht Éireann, thagadh an Overking (Ruirí) agus an tArd-Ollamh don ríocht go léir as tuath ar leith, an ceann is cumhachtaí. I gcúige Uladh, bhítí in iomaíocht go dian le haghaidh na hard-chumhachta, agus ó am go céile malartaithe idir na sleachta iomaíocha clanna iomaíocha, Dál Fiatach agus Dál nAraidi.

Stádas sóisialta[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'ionann stádas sóisialta an Ollaimh Éireann agus an tArd-Rí, agus bhí aige féin a phálás agus lucht coimhdeachta, de ghnáth 30 ollamh i dteannta lena ngiollaí. De réir na dlíthe sómhara, bhí cead aige é féin a ghléasadh le héadaí sé-dhathach, maraon leis an rí. Choinnítí craobh óir thar chionn an ollaimh; bhíodh craobh airgid ag an ánradh, agus craobhacha cré-umha ag na filí eile.

Is léir gur leath-oidhreachtúil é an gairm, óir go ndeirtear i Uraicecht na Ríar ("Bunleabhar na gCoiníollacha", eag. Liam Breatnach, DIAS 1987) nach féidir ollamh a dhéanamh de dhuine acu amháin gurbh fhilí a ghealfhine (is é sin, dá mba fhilí iad a athair agus a sheanathair). Ar dtús, ceapadh an an t-ollamh ag an rí, ach faoin 6ú haois, thoghtaí é ag na hollaimh eile.

Seanscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa scéal de chuid na Rúraíochta, "Immacallam in dá Thuarad"[2] faightear tuairim is caint uaillmhianach an Ard-Ollaimh.

I scéal eile, "Tromdámh Guaire"[3] nó "Imtheacht na Tromdhaimhe",[4] tugtar cur síos glé ar an Ard-Ollamh i dteannta lena lucht coimhdeachta i mbun cuairt a thabhairt ar thaoisigh na dtuath.

I Leabhar Gabhála na hÉireann, insítear scéal faoi Ollamh Fodhla[5]

Dualgais agus táillí[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir nóis ársa, b'éigean do ríthe agus taoisigh bia agus síntiúis a thabhairt do bhuíonta fáin na n-ollamh, de ghnáth 30 ann, rud a bhíodh ina éire mór orthu. Dá ndiúltóidís, d'aorfaí iad.

Gaireadh Tionól Droma Ceat c. A.D. 575 chun dlíthe nua a chuir i bhfeidhm um na n-ollamh a smachtú. Deirtear i bhForas Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn go ndéana Naomh Colm Cille idirghabhail ar a son.

PríomhOllúna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ré réamhstairiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathmheánaois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meánaois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meánaois dhéanach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ollam ar eDIL
  2. "BlueDomino". Archived from the original on 30 May 2015.
  3. "Tromdámh Guaire".
  4. Connellan, T. (1860). "The Proceedings of the Great Bardic Institution". O'Daly. Retrieved on 29 May 2015. 
  5. "Genealogical tracts, lch. 6" (1932). Stationery Office. Retrieved on 28 November 2012.