Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ba é Gofraidh Fionn Ó Dálaigh († 1387) ardollamh na hÉireann lena linn agus an-mheas ag éigse na tíre ar a shaothar ar feadh na gcéadta bliain tar éis a bháis.

A bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Gofraidh Fionn le teaghlach cáiliúil filí. Tá a lán dá chuid dánta ar marthain fós agus iomrá le Filidh Éireann go haointeach, dán faoi thionól éigse a chuir Uilliam Buí Ó Ceallaigh ar bun ina chaisleán i gContae Ros Comáin um Nollaig sa bhliain 1351.[1]

Dán eile dá chuid is ea A chláirsioch Chnuic Í Chosgair.

A chláirsioch Chnuic Í Chosgair<br\>
chuirios súan ar síorrosgaibh,<br\>
a nuallánach bhinn bhlasda,<br\>
ghrinn fhuaránach fhorasda.<br\>
A chlár buadha as bláith mínlearg,<br\>
a mhonghárach mhéirfhírdhearg,<br\>
a cheóladhach do chealg sinn,<br\>
a dhearg leómhanach láinbhinn...[2]

Tá a fhógra mairbh le fáil in Annála Ríochta Éireann sa bhliain 1387 (M1387.4):

Goffraidh Fionn Ó Dalaigh ard-ollamh Ereann le dán & Ruaidhri Ó Cianáin saoi seanchadha, & ollamh Oirghiall eisidhe do écc.[3]

Liosta dánta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bean Torrach, fa Tuar Broide
  • Mairg mheallas muirn an tsaoghail
  • A chnuic thoir re taoibh Ealla
  • A chros thall ar an dtulaigh
  • A fhir théid i dTír Chonaill
  • A Ghearóid, déana mo dháil
  • Beir eolas dúinn, a Dhomhnuill
  • Do tógbhadh meirge Murchaidh
  • Fa ngníomhraidh measdar meic ríogh
  • Fuirigh go fóill, a Éire
  • Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill
  • Iongaibh thú orm, a Iarla
  • Maith an locht airdríogh óige
  • Teach carad do-chiu folamh

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Knott, Eleanor, “Filidh Éireann go haointeach,” Ériu 5 (1911): 50–69.
  2. http://celt.ucc.ie/published/G402214/index.html
  3. Annála Ríochta Éireann M1387.4: http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]