Dubhthach moccu Lughair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDubhthach moccu Lughair
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Dlíodóir, file agus Ollamh Éireann seanscéalach ba ea Dubthach maccu Lugair[1] (beo 5ú haois). Meastar gur mhair sé agus Naomh Pádraig ag soiscéalú i nÉirinn. Bhí sé ina ardfhile agus breitheamh ar son Laoghaire mhic Néill, Ardrí na hÉireann. Murab ionann is an rí agus a draoithe, deirtear gur glac sé go fonnmhar leis an reiligiúin nua. I bhfoinsí Gael-Laidine agus Gaeilge, bhí ról mór aige in imeascadh léinn Ghaelaigh le creideamh Críostaí.

Naoimhsheanchais[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir naoimhsheanchas, bhí Dubhthach, a nia Naomh Fiach as Sléibhte, agus Earc dlí-eolaí, i láthair ag cúirt Laoghaire nuair a thug Pádraig cuairt ar Theamhraigh. Níor sheas ach Dubhthach chun fáilte a chur roimhe. D'iompaigh Dubhthach and Fiach beirt ar an gCríostaíocht agus beannaíodh a shliochtaigh dá bharr. Deirtear go raibh Dubhthach i láthair nuair a rinne Pádraig easpag d'Fhiach.

Seanchas Már[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Dubhthach breithiúnas in aghaidh Laoghaire de bharr dúnmharú Odhráin, carbadóir Phádraig. Mar thoradh, athraíodh Féineachas na nGael págánach. Coinníodh pé rud a bhí oiriúnach leis an gCríostaíocht, baineadh gach eile amach. Bhí Dubhthach ar dhuine as naonúir a rinne an obair seo.

Dánta ar marthain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceithre dhán ann le Dubhthach atá ar marthain.

Tá ceann amháin i Leabhar na gCeart, dán de dhá líne is tríocha maidir le cáilíochtaí an fhile léannta.

Tá trí cinn sa Leabhar Laighneach, maidir le cogaí agus caithréimeanna Éanna Cinnsealaigh agus a mhic Criomhthann, ríthe na Laighean.[2]

Déanann Edward O'Reilly chur síos orthu ina saothar Irish Writers.[3]

Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'fhéidir é go bhfuil Dubhthach gaolmhar le Mo Laisse maccu Lugair, a bhfuil lá féile aige ar an 16ú Meán Fómhair i bhFéilire Thamhlachta agus Féilire Aonghasa. Insítear sna féilirí go raibh a chill i gcríocha Uí Fhairchealláin, gar de Mhaighean Rátha, Contae Laoise.[4]

I nós níos deireanaí, deirtear gur chuir Dubhtach ceiliúr pósta ar Naomh Bríd. Dhiúltaigh sí é, ach chabhraigh sí leis um chéile a fháil. Bhí roinnt mac aige, iad uile ina naoimh agus ina mbunaitheoirí ceall, go formhór i gLaighean, ina measc Fachtna Chill Tuama i mBaile Fhobhair, Barúntacht, Contae na hIarmhí; agus Trian, Naomh Gabhrán, Naomh Euhel, Moninne, Lonán agus Naomh Molaisse mac Uí Lugair. Bhí a ghariníon, Deidiu ní Thriain, ina máthair a deirtear Naomh agus filí, ina measc Naomh Seanan Láithreach Briúin mac Fiontán, Naomh Diarmaid the Just mac Lugna, Naomh Caillin mac Niata, Naomh Féilim Chill Mhóire mac Cairill, Naomh Daigh mac Cairill, Saint Femia ní Chairill, Naomh Mainchin Chollan mac Corainn agus Senchán Torpéist, ollamh Éireann eile.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Charles-Edwards, T. M.. "Dubthach maccu Lugair (supp. fl. 432)". Oxford Dictionary of National Biography. Oxford University Press.
  • Irish writers, Edward O'Reily
  • Dictionary of Christian Biography and Literature to the End of the Sixth Century,
  • McCone, Kim (1986). "Dubthach maccu Lugair and the pseudo-historical prologue to the Senchus Mar". Peritia 5: 1–35. doi:10.1484/J.Peri.3.126. 
  • Dictionary of Irish Biography, ll. 494–95, Cambridge, 2009.
  • Shearman, John Francis (1874). "Loca Patriciana. No. V. The Druids, Dubhtach Mac Ui Lugair and His Sons". The Journal of the Royal Historical and Archaeological Association of Ireland. 
  • "The Martyrology of Tallaght: From the Book of Leinster and MS. 5100–4 in the Royal Library, Brussels" (1931). Harrison and Sons. 
  • Olden, Thomas. "Dubthach Maccu Lugir" 16: 83–84. 
    • Ussher, Works, vi. 400-1
    • Curry, Manuscript Materials, ll. 482-93
    • Lanigan, Eccl. Hist. i. 273-303
    • O'Reilly, Irish Writers, pages xxvii-viii
    • Calendar of Oengus, ll. 8, xiii
    • Book of Rights, ll. xxxiv, 236–8
    • Hogan, Vita Patricii, ll. 104–6
    • Senchus Mor, Rolls eag. ll. 5–16.
  • Muirchú, Vita S. Patricii, eag. Bieler
  • Córus Béscnai, eag. "Corpus Iuris Hibernici" (1978). Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  • Vita tripartita Sancti Patricii
  • Pseudo-historical prologue to the Senchas Már
  • Chéad Beatha Naomh Bhríde
  • Carey, John (1990). "The two laws in Dubthach's judgment". Cambridge Medieval Celtic Studies 19: 1–18. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. níos deireanaí mac Uí Lugair; Olden, 1888, lch.83}}
  2. Eoghan Ó Comhraí, Manuscript Materials of Irish History
  3. "Transactions of the Iberno-Celtic Society for 1820" (1820) Vol. I (Part I). Baile Átha Cliath: Iberno-Celtic Society. 
  4. Charles-Edwards, "Dubthach maccu Lugair"
Réamhtheachtaí
Adna mac Uthidir
Ollamh Éireann
c. 432
Comharba
Dallán Forgaill