Cúán úa Lothcháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCúán úa Lothcháin
Beathaisnéis
Bás1024
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

File agus Ollamh Éireann ba ea Cúán úa Lothcháin (bás 1024) as Tethba, Contae na Mí.

Bhí Cúán ina bard agus bolscaire ar son Ardrí na hÉireann, Maol Seachnaill mac Domhnaill (bás 1022).

Tásca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuan H. Lothcan, prim-eices Erenn, do marbad i Tebtha d'Fearaibh Teabhtha fein. Brenait a n-aen-uair in lucht ro marb. Firt filed innsein
Cuán ua Lothcháin, príomh-éigeas Éireann, do mharú i dTethba ag fir Tethba féin. D'éirigh bean in aon uair an lucht a mharbh. Feart file ansin.
  • Annála Inis Faithlinn, AIF 1024.6: Cuan h-Ua Lothcháin, ardfile h-Erend & senchaid, a marbad do feraib Tethba; ocus in fer ro m-marb do marbad fo chétoir,[1] .i. mc. Gillai Ultain m. Roduib
  • Annála Loch Cé, ALC 1024.4:
Cúan .H. Lócháin .i. prímh-éigess Erenn, do mharbadh lá Tethfa. Do-ríghne Dia firt filedh co follus ar an lucht ro mharbh, óir ro bássaiged a n-droch-oighed[2] iad, & ni ro h-adhnuiced a cuirp gur fhoghuil[3] foeil & foluámain íad.
Cuán Ua Locháin, .i. príomh éigeas Éireann, do mharú ag fir Tethfa. Rinne Dia fearr file go follasach ar an lucht a mharaigh é, óir gur éag siad de dhroch-anbhás, agus níor adhlacadh a gcoirp gur ith feoil (.im mic thíre) agus foluana (.i. éin).
  • Chronicon Scotorum, CS 1024: Cuan h. Lothcain primecius Erenn & saoí senchusa do marbadh i tTeathba & brenait a naonmur {no aonur} an lucht ra marp & as fiort filedh sin
  • Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1024.4: Cuán, ua Lothcháin, primh-écces Ereann, & saoi-senchaidh, do mharbhadh i t-Tethbha, & brénaitt a n-aon-uair an lucht ro marbh, & is firt filidh indsin.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Clodagh Downey, The Life and work of Cúán ua Lothcháin, in Ríocht na Midhe Journal, iml. XIX, 2008
  • Robert Welsh, Oxford Concise Companion to Irish Literature, 1996. ISBN 0-19-280080-9
  • Seán Duffy, Ailbhe MacShamhráin, James Moynes, Medieval Ireland: an encyclopedia, lch. 118, 2005.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. fo cétóir, gan mhoill, ar eDIL
  2. aided, anbhás, ar eDIL
  3. fodail, le brí ith, ar eDIL


Réamhtheachtaí
Clothna mac Aenghusa
Ollamh Éireann
1008–1024
Comharba
Cú Mara mac Maic Liac