Dallán Forgaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Dallán Forgaill
DallanForghaill.jpg
Saol
Eolas breithe 530 (Gregorian)
Náisiúntacht Éire
Bás Dún na nGall, 598 (Gregorian)
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (decapitation (en) Aistrigh)
Oideachas
Teangacha An Ghaeilge
Gairm
Gairm file
Féile
29 Eanáir

Ardollamh agus scoláire ba ea Dallán Forgaill (c. 530–598). Glactar leis gurb eisean a chum an saothar iomráiteach Amra Choluim Chille (Amhra Cholm Cille). Baisteadh é mar Eochaid Forchella agus tugadh Dallán air tar éis dó radharc na súl a chailleadh, rud a tharla, más fíor, de dheasca an dianstaidéir a bhí á dhéanamh aige.[1] Rugadh é i Maigen (Nua-Gh. Maighean), áit a dtugtar Béal Átha Conaill air anois, agus í le fáil i gContae an Chabháin ar imeall thoir de chríocha Mhasraí (Sean-Gh.: Masraige) Mhá Shléacht. Bhain sé féin le craobh Oirialla a dtugtaí Fir Lorg orthu.[2]

Fuair sé bás, más fíor, nuair a chreach foghlaithe mainistir Inis Caoil i nDún na nGall. Deirtí gur baineadh an ceann de agus gur chuir Dia ar ais ar a cholainn é.[3] Gairmeadh naomh de go luath sa 11ú haois le linn Mhaoil Sheachlainn mac Dhomhnaill (Máel Sechnaill mac Domnaill).[4] I Leabhar Bhaile an Mhóta (lch 38, 26) deirtear: "Dallán hua Forgaill in fil ut .i. Dallan mac Alla meic Eirc, meic Feradaigh gan tinii ardollam Erenn gan on...".

Luaitear roinnt bheag dánta leis ach is é “Amra Choluim Chille” an ceann is mó clú díobh. Deirtí gur scríobhadh é go gearr i ndiaidh bhás Cholm Cille sa bhliain 597 de bharr a ndearna an naomh chun filí na hÉireann a chosaint ar dhibirt ag comhdháil Dhroma Ceat sa bhliain 575.[5] Glactar leis anois nár cumadh an dán níos déanaí ná an 7ú haois. Tá sé ráite gurb é an t-aon téacs amháin a thugann fianaise dhíreach dúinn faoi conas a chuaigh Colm Cille i gcion ar mhuintir a linne. Tá an dán scríofa i bhfriotal casta léannta, agus shíl sanasánaithe an 11ú haois féin gur shaothar an-deacair é.[6]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Réamhrá, J. O’Beirne Crowe (eag.), Dallán Forgaill (bunleagan, astriúchán Béarla agus nótaí, ó Lebor na hUidre), Glashan and Gill, Baile Átha Cliath 1866 http://archive.org/stream/cu31924029424797/cu31924029424797_djvu.txt
  2. T. M. Charles-Edwards, Dallán Forgaill (beo 597), Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004,
  3. Féach “Dallàn's death and burial," 'The Bodleian Amra Choluimb Chille' in Revue Celtique. Iml. 21 (Páras 1900), ll. 133-136.
  4. DNB
  5. Féach cuntas Chéitinn in Foras Feasa ar Éirinn, Athnua 1, lch 36; Athnua 2, lch 50: Pádraig de Bharra (eag.), Foilseacháin Náisiúnta Tta. 1983.
  6. Charles-Edwards, T.M.. Early Christian Ireland. Cambridge University Press 2007, lch 285. ISBN-10: 0521037166 / ISBN-13: 978-0521037167

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]