Naomh Aodhán (Maodhóg)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Naomh Aodhán, Wexford Church of the Assumption, South Aisle, Harry Clarke

Is i mBréifne[1], i gContae an Chabháin, a rugadh Naomh Aodhán (nó Áedan, Aidan, srl[2]) timpeall 550-558. Aodh an t-ainm baiste a bhí air (nó Aedh, Aed srl nó Hugh i mBéarla). Thugtaí M’AodhógMo Aodh Óg mar ainm ceana air (nó Saint Máedóc of FernsMogue i mBéarla uaireanta[3]). Is ó na focail ar ‘tine’ nó ‘solas’ a tháinig an t-ainm Aodh is cosúil.[4]

Ceiliúrtar a lá féile ar 30 Eanáir.

Ardeaglais Naomh Aodhán in Inis Córthaidh

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug a athair é mar ghiall do Ainmire, Rí na hÉireann, a bhí chomh sásta sin leis gur thug sé a saoirse dó féin agus do na gialla eile. Rinne sé staidéar faoi Naomh Dáibhí sa Bhreatain Bheag.

Ceannaire reiligiúnach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d’fhill Aodhán, bhunaigh sé mainistir i bhFearna. Rinneadh easpag ansin de, an chéad easpag ar Fhearna, agus bhí cáil na naofachta agus na féile air. Níos déanaí bhunaigh sé mainistir i nDroim Leathan agus ceann eile i Ros Inbhir.

D’éag sé sa bhliain 626. Dearbhaíonn na Beathaí a scríobhadh faoi gur mhór an urraim a bhí ag an bpobal dó i ndeoisí Chille Móire agus Fhearna.

Enniscorthy St. Aidan's Cathedral East Aisle Fifth Window Saint Aidan Detail 2009 09 28.jpg

Piseoga[cuir in eagar | athraigh foinse]

• Rinne Aodhán troscadh ar uisce agus ar arán eorna amháin ar feadh seacht mbliana agus dúirt 500 salm in aghaidh an lae,deirtear.

• Ghléas daoine mar bhacaigh le cluain a chur ar Aodhán agus cabhair a lorg uaidh. Thuig Aodhán an méid a bhí déanta acu agus bhronn sé a gcuid éadaí ar bhochtáin a raibh sé tuillte acu.

• Lá agus é ag guí is ag staidéar, rith fia ina threo agus dídean ó chú á lorg aige. Leag sé clár scríofa a bhí aige anuas ar cheann an fhia, agus d’imigh sé ó radharc go dtí gur imigh an cú.

• Bhí amhras ann go raibh beirt fhear a thit san abhainn báite, ach rug Aodhán beo as an uisce orthu.

• Rinne a lucht leanúna gearán faoi nach raibh go leor uisce sa mhainistir acu. Thug sé treoir dóibh crann a leagadh, agus nuair a rinneadar amhlaidh tháinig brúcht uisce ón gcrann. Tugadh tobar Aodháin ina dhiaidh sin air.

• Nuair a bhí gá ann mainistir a thógáil, bheannaigh sé lámha fhir gan oiliúint agus rinneadh saor cloiche as, duine a rinne tógáil agus maisiú ar mhainistreacha Aodháin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Naomh Aodhán (Maodhóg), easpag: Eanáir 30 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2019-01-30.
  2. Revolvy LLC. ""St. Aidan's Cathedral" on Revolvy.com" (en). www.revolvy.com. Dáta rochtana: 2019-01-30.
  3. "Máedóc of Ferns" (in en) (2018-08-11). Wikipedia. 
  4. dioceseofkerry.ie (2012). "Seachtain Na Scoileanna Caitliceacha 2012". Dáta rochtana: 2019.