Ros Mhic Thriúin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ros Mhic Thriúin

Baile in iardheisceart chontae Loch Garman i bPoblacht na hÉireann is ea Ros Mhic Thriúin. Tá an baile suite ar an abhainn. an Bhearú, gar do teorainn Chontae Chill Chainnigh.

The Barrow Bridge, New Ross - geograph.org.uk - 571170.jpg

calafort ann, agus is é an tríú bhaile sa chontae i ndiaidh baile Loch Garman agus Inis Córthaidh. Dar le daonáireamh 2016, bhí 8,040 duine ina gcónaí ann.

scéal na Nollag, scoil Our Lady of Lourdes, Ros Bearrcon (Ros Mhic Thriúin), Loch Garman, 1930

Is baile suite ar an taobh eile den Bearú é Ros Bearrcon.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cosúil go síolraíonn an chuid is sine den bhaile, an cuan, ón ré roimh-Mheánaoiseach. An chéad lonnaiocht a thagtar ar sna chúinsí staire ná mainistir de chuid Naomh Abbán sa 6ú haois san áit a thugtar an Baile Gaelach inniu air.[1]

Bhíodh Ros Mhic Thriúin mar chuid de chríoch Rí Laighean an lae Diarmaid Mac Murchadha agus tháinig an baile go mór chun cinn agus na hAngla-Normannaigh i mbarr a réime sa chearn seo den tír. Tháinig an ridire Normannach William Marshall agus a bhean chéile Isabella de Clare i dtír go luath sa 13ú haois.

Troideadh dhá chath aitheanta i stair na tíre sa bhaile. Sa bhliain 1643, d'éirigh le lucht an bhaile cur go láidir i gcoinne léigear de chuid James Butler, 1ú Diúc Urumhan le linn Chath Ros Mhic Thriúin (1643). Chuir Oilibhéar Cromail an baile faoi smacht na Sasanach in athuair, áfach, sa bhliain 1649.[2] Anuas ar sin, troideadh ceann de na cathanna ba fhuiltí d'Éirí Amach 1798 in Éirinn sa bhaile - Cath Ros Mhic Thriúin (1798).

Mikado, scoil Our Lady of Lourdes, Ros Bearrcon (Ros Mhic Thriúin), Loch Garman, 1930idí

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]