Jump to content

Oirialla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilOirialla

Suíomh
Daonra
Teanga oifigiúilan Mheán-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú331
Díscaoileadh1585
Aitheantóir tuairisciúil

Ard-ríocht nó 'cúige' in Éirinn na meánaoise ba ea na hOirialla[1] (Sean-Ghaeilge Airgíalla, Béarla Oriel) maraon le hainm na cónaidhme faoina bonn. Bhíodh naoú bhfo-ríocht sa chónaidhm, neamhspleách eatarthu féin ach gafa le chéile de bharr ardfhlaithiúnais ainmniúil tugtha do rí ruire, de ghnáth den rítheaghlach is cumhachtaí.[2]

Ag barr a mhéide, b'ionann beagnach críocha Oiriall agus deoisí Ard Mhacha agus Clochair, ina luí le codanna de chontaetha Ard Mhacha, Mhuineachán, , Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire.[2] Ba iad a phríomhchathair ná Ard Mhacha agus Clochar. Faightear an t-ainm fós sa bhéaloideas i n-oirdheisceart na nUladh agus Contae Lú taobh leis.

De réir an tseanchais, bunaíodh an tOirialla ag na Trí Cholla,[2] a deirtear gur chloígh siad lár na nUladh óna hUlaid féin. Tharla an bua cinntitheach ag Cath Achadh Leithdheirg, a mheastar gur tharla sé timpeall na bliana 331. Creidtear anois ámh gur ficsean é an scéal seo den chuid is mó, Ní fios dá laghad conas nó cathain a bunaíodh cónaidhm an Oirialla.

Faoi cheannas na nUlad san oirthear a cheaptar a bhíodh siad ó thús, ach ón 6ú haois ar aghaidh, bhain de réir a chéile Uí Néill an Tuaiscirt ó thuaidh dá gcuid críoch,[3] chomh maith le hUí Néill an Deiscirt ó dheas. Ón bhliain 735, thit siad faoi cheannas an Cenél nEógain, agus faoin mbliain 827, bhí siad ina vasáilligh.[3]

Bhain Ríocht na nOiriall barr a réime amach sa 12ú haois faoi rí Donnchad Ua Cerbaill. Mhair ríocht laghdaithe fós i Muineachán faoi Mhic Mhathghamhna go dtí deireadh ré na nGael in Éirinn.[2]

Is dócha gurb é brí le Airgíalla ná "iad a thugann gialla ar láimh". Cuireann an t-ainm i leith idir Ríocht na nOiriall agus an cónaidhm treibheanna as a cruthaíodh é.[2][4] I luath-lámhscríbhinní, tugadh Easpag Oiriall ar Easpag Chlochair.

Bunúis seanscéalacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag tús na 4ú haoise, bhain triúr deartháireacha trodacha aitheanta mar na Trí Colla, le strócántacht sraith mhór na nUladh ó na hUlaid féin. Sa Chath Achadh Leithdheirg c. an bhliain 331, chloígh siad airm Fhearghasa Fhogha, Rí na nUladh a maraíodh, agus dódh Eamhain Mhacha, príomhchathair ársa na nUlad, go talamh. Ba é tar éis an chatha seo a bhunaigh siad ríocht na nOiriall.[5][6] Scríobhadh an seanscéal bunúis seo áfach sa dara ceathrú den 8ú haois, chun a comhaontas le hUí Néill an Tuaiscirt a dhaingniú.

Teacht chun cinn stairiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is i nAnnála Tiarnaigh a fhaightear an tagairt is luaite faoi Airgialla, don bhliain 677:

Duncadh mac Ulltain rí Oirgiall occisus est (maraíodh) la Mael Duin mac Maeli Fithrigh.[7]

Meastar áfach gur idirshliocht iardhearcach é seo. Is dócha ámh gur fíor é an iotráil a fhaightear i nAnnála Uladh don bhliain 697:

Mael Fothartaigh m. Mael Duibh, rex na n-Airgialla, moritur.[8]

Deirtear gur ráthóirí iad Maol Fothartaigh agus a mhac Eochu Lemnae (bás 704), de Cháin Adhamhnáin den bhliain 697. Creidtear dá bharr go raibh na hOirialla ar marthain leis an am sin, nó cinnte faoi thús na 8ú haoise.

8ú–12ú haoiseanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Le déanamh

13ú–16ú haoiseanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Le déanamh

Treascairt na ríochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thug Rossa Buí a ríocht, Oirialla, suas don Fhear Ionaid, John Perrot.

Tháinig ríocht na nOiriall chun deiridh sa bhliain 1585 nuair a thoiligh Rossa Buí Mac Mathúna a chuid críoch a chur faoi pholasaí 'Géilleadh agus Athbhronnadh' na dTúdar, as sin amach Contae Mhuineacháin i Ríocht na hÉireann.

Tháinig Rossa Buidhe i gcoróin sa bhliain 1579, ach ba léir dó go raibh sé i bponc ó thaobh geopholaitíochta de, suite mar a bhí sé idir na Túdaraigh agus Uí Néill. Ar dtús, phós Rossa Buí iníon Aodha Uí Néill, rud a molann gurbh fhearr leis comhaontas le Tír Eoghain. I ndeireadh na dála ámh, bhuail sé le John Perrot, Fear Ionaid na hÉireann agus thoiligh sé dul i ríocht na hÉireann. Is léir gur theastaigh uaidh go ligfí leis, siúd is dílseacht a ghealladh do mhonarc i bhfad i gcéin, Éilis I.[9] Roinnigh Oirialla ina chúig bharúntacht faoi cheannas taoisigh Gaelacha, go formhór as Mic Mhathúna féin.

Ní raibh sin deireadh an scéil, ámh. Agus imní air faoi chúngach na Sasanach, thug Aodh Ó Néill iníon eile aige do Bhrian mac Aodha Óig, tánaiste Dairtre, chun pósta, ag iarraidh ríocht sheachmall na nOiriall a thabhairt ar ais lena thaobh ar bhás Rossa Bhuí. Ar a shon féin, bhí Rossa Buí ag iarraidh comharbas ar thaobh na Sasanach a shocrú trína dheartháir, Aodh Rua Mac Mathúna. Nuair a thosaigh an Fear Ionaid nua, William FitzWilliam, ag cur Ard-Sirriam Sasanaigh chun cinn, cothaigh Ó Néill cúr ina choinne óna mhuintir i Mhuineachán. Dá bharr, cuireadh arm i gceannas Henry Bagenal sa chontae isteach go luath sa bhliain 1589, chun an sirriam a bhrú. Le deireadh an tsamhraidh úd, bhí Rossa Buí marbh.

Seo a leanas naoi bhfo-ríochtaí na nOiriall, ainmnithe as a rítheaghlaigh:[3]

  1. Uí Thoirtre (Uí Tuirtri): lonnaithe taobh thoir de Shliabh Speirín, in oirthear an Doire agus Tír Eoghain. Ón mbliain 776, bhog Uí Thoirtre soir thar an mBanna agus i ríocht na nUlaid isteach into the over-kingdom of Ulaid. Faoin mbliain 919, bhí gach naisc leis an Oirialla caillte acu.[3]
  2. Uí Mhic Cairthinn (Uí Maic Cairthinn): lonnaithe taobh ó dheas de Loch Feabhail i n-iarraidh an Doire.
  3. Uí Fiachrach Arda Sratha: lonnaithe i nArd Sratha i dTír Eoghain. Faoin 12ú haois, bhí siad faoi smacht Chineál Eoghain, agus chuir siad leo ó dheas i Fir Luírg i bhFear Manach isteach.[10]
  4. Uí Cremthainn: lonnaithe i gcodanna d'Fhear manach, Muineachán agus Tír Eoghain.
  5. Uí Méith: lonnaithe i Muineachán.
  6. Na hOirthir (Ind Airthir):[3] Lonnaithe that timpeall chathair Ard Mhacha. Bhí oifigí na heaglaise ann, a raibh is a bhfuil cáil ar leith acu in Éirinn, i bhfeighil acu siúd.[3]
  7. Múrna (Mugdorna): lonnaithe ó dhúchas i Muineachán, ach faoin 12ú haois, bhí siad lonnaithe i gcríocha Boirche, i ndeisceart an Dúin, agus d'ainmnigh siad an áit astu féin.[11] Tá an dá ainm ar mharthain fós: Beanna Boirche as Gaeilge, ach as Béarla, the Mourne Mountains.[11]
  8. Fir Chraíbe (Fir Craoibhe):[12] lonnaithe taobh thiar den Bhanna, i n-oirthuaisceart an Doire. Faoin 9ú haois, faoi cheannas Chineál Eoghain ab ea iad.[12]
  9. Fir Lí: lonnaithe taobh thiar den Bhanna i lár-oirthear an Doire. Faoin 9ú haois, faoi cheannas Chineál Eoghain ab ea iad ab ea iad fosta.[12]
Luath-dhreamanna in Éirinn agus seacht 'gcúige', mar a fhaightear i Leabhar na gCeart den 11ú haois. Sa léarscáil seo, feictear Uí Thuirtre, Uí Cremmthain, Airthir, Uí Méith, Mughdorna laistigh de Airgialla; feictear Fir Lí lasmuigh; ní fheictear Uí Mhic Cairthinn, Uí Fiachrach Arda Sratha, Fir Chraíbe; ach feictear Dairtre, Fir Rois laistigh fosta.

Bhí comhainm ag Uí Thoirtre, Uí Mhic Cairthinn, agus Uí Fiachrach Arda Sratha, mar a bhí Uí Mhic Uais (Uí Moccu Úais), toisc gur mhaígh siad gur shliocht de Cholla Uais iad.[3] e reir an ghinealaigh sa Leabhar Laighneach bhí berit mhac ag Colla Uais, Earc agus Fiachra Tort. De shilocht Fiachra Tort iad Uí Tuirtri. Bhí beirt mhac ag Erc, darbh ainm Cairtheann agus Fiachra, agus sinsir ab ea iadsan d'Uí Mhic Cairthinn agus Uí Fiachrach Arda Sratha. Mhaígh na Fir Lí gur shliocht d'Fhiachra Tort, cé go bhfaightear i bhfoinsí áirithe gur shliocht de mhac eile Cholla Uais darbh ainm Faradach.

Fuarthas Uí Mhic Uais fosta sa Mhí,[3] ar a glaodh orthu Uí Moccu Úais Midi agus Uí Moccu Úais Brega.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • "Oxford Companion to Irish History" (2007). Oxford University Press. 
  • "A New History of Ireland, II Medieval Ireland 1169-1534" (2008). Oxford University Press. 
  • Duffy, Seán (2005). "Medieval Ireland an Encyclopedia". Routledge. 
  • MacCaffrey, Wallace T (1994). "Elizabeth I: War and Politics, 1588-1603". Princeton University Press. 
  • Morgan, Hiram (1999). "Tyrone's Rebellion: The Outbreak of the Nine Years War in Tudor Ireland". Boydell & Brewer. 
  • Palmer, William (1994). "The Problem of Ireland in Tudor Foreign Policy, 1485-1603". Boydell & Brewer. 
  • Smith, Brendan (1999). "Colonisation and Conquest in Medieval Ireland". Cambridge University Press. 
  • Warner, R. (1973–1974). "The Re-Provenancing of Two Important Penannular Brooches of the Viking Period". Ulster Journal of Archaeology 36-37: 58–70. Ulster Archaeological Society. 

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • The Kingship and Landscape of Tara, eag. Edel Bhreathnach, 2005, ISBN 1-85182-954-7
  • Early Modern Ireland
  • The Three Collas Curtha i gcartlann 2020-11-09 ar an Wayback Machine
  • DNA of the Three Collas
  • "A Hidden Ulster" Curtha i gcartlann 2006-10-21 ar an Wayback Machine le Pádraigín Ní Ullacháin, 2003, Four Courts Press ISBN 1-85182-685-8 & ISBN 1-85182-738-2
  • "Songs From A Hidden Ulster", RTÉ Raidió 1, 2006, le Pádraigín Ní Ullacháin
  1. Oirialla ar logainm.ie
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Connolly, lch. 12.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 3.7 Duffy, lch. 14.
  4. Duffy, lch. 13.
  5. John O'Donovan (1856). "Annla Rioghachta Éireann: Introductory remarks. Annals, to A.D. 902": 124–. Hodges, Smith and Company. 
  6. Michael O'Cleary (1d Márta 2003). "The Annals of Ireland by the Four Masters Translated Into English by Owen Connellan": 3–. Irish Roots Cafe. 
  7. AT677.2
  8. AU697.2
  9. "The Fall of the MacMahons and the End of Oriel". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Samhain 2020. Dáta rochtana: 19 Aibreán 2020.
  10. Cosgrove, p. .
  11. 11.0 11.1 The Mughdorna ar Magoo
  12. 12.0 12.1 12.2 Warner, lch. 60.