Henry Bagenal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHenry Bagenal
Beathaisnéis
Breithc. 1556 (Féilire Ghréagóra)
Contae Lú Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Lúnasa 1598
41/42 bliana d'aois
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana
Feisire de Pharlaimint 1586-87

Toghcheantar: Anglesey
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Protastúnachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Íosa Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 16ú aois
Teaghlach
CéileEleanora Savage (1577 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAnne Bagenal, Eleanor Bagenal, Mary Bagenal, Elizabeth Bagenal, Roger Bagenal, Gryffyth Bagenal, John Bagenal, Arthur Bagenal, Jane Bagenal Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNicholas Bagenal (en) Aistrigh  agus Eleanora Griffith (en) Aistrigh

Marascal Airm Ríocht na hÉireann sa ré Eilíseach ab ea é Sir Henry Bagenal (c. 1556 – 14 August 1598).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é an mac ba sine dá cuid Eleanor Griffith, iníon Sir Edward Griffith as Penrhyn. Ba é Dudley Bagenal a dheartháir. Chláraigh Bagenal ó Jesus College, Oxford agus é 16 bliana d'aois (sa bhliain 1572 nó 1573), ach d'fhág sé gan chéim chun dul i bpáirt lena athair, Sir Nicholas, a bhí ina mharascal in Arm na hÉireann. I Mí Bealtaine 1577, ceapadh Sir Nicholas mar phríomhcheannasaí na hUladh, le Bagenal mar a chúntóir. Dheineadh ridire de Bagenal i 1578. Bhí sé páirteach in ana-chuid tubaistí míleata, mar an cliseadh Ghleann Molúra ar an 25ú lá de Mhí Lúnasa i 1580 nuair a chuaigh an Tiarna Grey lena cuid saighdiúraí in aghaidh Fiach mac Aodha Ó Broin agus Viscount Baltinglass i sléibhte Chill Mhantáin. I 1584, bhí Bagenal ina choirnéal an garastúin i gCarraig Fhearghais nuair a tháinig 1,300 Albanach fé smacht Somhairle Buí Mac Domhnaill ar Oileán Reachlainn. D’ionsaigh Bagenal iad ach do dhein na hAlbanaigh ruaig air i nGleann Arma agus bhí air tarraingt siar.[1]

I mBealtaine 1586, cuireadh Bagenal óna athair chun an chúirte tuairisc a thabhairt dóibh. Bhí sé ag iarraidh slí Aodh Ó Néill a lagaigh, níos mó cumhacht don mharascal, agus Uachtarán Uladh a bheith ann. D’fhill sé go hÉireann i Méan Fomhair 1587 ionadaíocht a dhéanamh ar son a athar. Chuaigh sé i gcomharbacht ar a athair mar mharascal arm na hÉireann agus mar phríomhcheannasaí na hUladh i Mí Samhna 1590. D’iarr Ó Néill deirfiúr Bagenal a phósadh. Níor ghlac sé leis, ach d’éalaigh siad in aon chor.[1]

I Mí Bealtaine 1595, agus é i gceannas fórsaí Shasana i Muineachán, d’ionsaigh Ó Néill fórsaí Bagenal agus ba air tarraingt siar go hIúr Cinn Trá. Fuair Banegal bás ag troid in aghaidh fórsaí Uí Néill i gCath Bhéal an Átha Buí.[1]

Teaglach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós sé Eleanor Savage, iníon Sir John Savage agus Elizabeth Manners, iníon Thomas Manners. Bhí triúr mac agus seisear iníonacha acu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Pollard, Albert Frederick (1901). "Bagnal, Henry" . Foclóir Beathaisnéis Náisiúnta (1st supplement) (in Béarla). London: Smith, Elder & Co.
  1. 1.0 1.1 1.2 McGurk, J. J. N (2004). "Bagenal, Sir Henry (c.1556–1598)". Foclóir Beathaisnéis Náisiúnta, Oxford (online ed.). Oxford University Press. doi:10.1093/ref:odnb/1034. Aisghafa 17 Lúnasa 2007. (Subscription or UK public library membership required.)