Somhairle Buí Mac Domhnaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSomhairle Buí Mac Domhnaill
Beathaisnéis
Breith1505 (Féilire Ghréagóra)
Bás1590
84/85 bliana d'aois
Dún an Aenaighe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMáire Ní Néill Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRandal MacDonnell, Céad Iarla Aontroma, Aonghus Mac Domhnaill, iníon anaithnid Nic Dhomhnaill, Sir Seumas Mac Somhairle Mac Domhnaill, Alastar Mac Domhnaill, Áine Nic Dhomhnaill Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAlexander MacDonald, 5th of Dunnyveg (en) Aistrigh  agus Katherine MacDonnell
SiblínColla Mac Domhnaill

Bhí Somhairle Buí Mac Domhnaill (c. 1505-1590), ar a dtugtar Sorley Boy MacDonnell as Béarla, ina thaoiseach ar Chlann Domhnaill sna Glinne agus sa Rúta i gContae Aontroma. Mac é le hAlastair Carach Mac Domhnaill a bhí ina thaoiseach ar shliocht Eoin Mhóir de Chlann Domhnaill, agus a bhí i gceannas ar Íle, Cholbhasa, Diúra agus ar Chionn Tíre, agus le Caitríona Nic Eoin. Tá cáil air toisc gur éirigh leis greim a choinneáil ar an gceantar sin beag beann ar mhóriarrachtaí Shasana é a chur dá sheilbh.

An Saighdiúir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith sé a óige idir Íle agus Glinne Aontroma. Cailleadh Alastair Carach i 1538 agus tháinig an mac ba shine, Séamas Íleach, i gcomharbacht air. Fuair Somhairle Buí seilbh ar thailte sna Glinne. Tar éis briseadh a airm i gCath Ghleann Seasc i 1565 maraíodh Séamas Íleach agus thóg Ó Néill ina phríosúnach é agus coinníodh i dTír Eoghain é gur maraíodh Ó Néill i mBun Abhann Doinne i 1567. Ceaptar go raibh Somhairle Buí i gcomhcheilg go rúnda lena dheartháir Alastair Óg Mac Domhnaill agus na Sasanaigh chun Ó Néill a mharú.

An Taoiseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d'fhill Somhairle ar a mhuintir ghabh sé ceannas ar thailte an teaghlaigh in Éirinn. In ainneoin ionsaithe Shasana ar na Glinne d'éirigh le Somhairle greim daingean a choinneáil ar a chuid tailte, agus ceantar an Rúta a bhaint de Mhic Uilín agus seilbh a ghlacadh air.

Banríon Shasana, Eilís I

I ndeireadh a shaoil, tar éis bhás a mhná, agus nuair a bhí radharc na súl ag teip air, rinne Somhairle síocháin le Sasana. Gheall sé dílseacht do Bhanríon Shasana, Eilís I, agus ghéill Sasana an Rúta agus cuid mhór de na Glinne air.

Iarla Aontroma[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a cailleadh Somhairle i 1590 d'fhág sé a bheirt mhac Séamas agus Raghnali seilbh go láidir ar a gcuid tailte. Bronnadh teideal ríoga ar Raghnal nuair a tháinig Séamas i gcumhacht i Sasana agus rinne sé Iarla Aontroma de.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]