Ríocht na Mí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ríocht in Éirinn ón 1d go 12ú haois AD ab ea (Sean-Ghaeilge: Mide). Mar is léir óna hainm, "mí, meán", suite i lár na tíre a bhí sí.

Ríocht na Mí c. 900
Armas na Mí

Ag a fairsinge is mó, bhí inti Contae na Mí agus Contae na hIarmhí go léir, agus codanna de chontaetha Cabháin, Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, Longfort, agus Uíbh Fhailí.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear de réir sean-nóis gur bunaíodh an Mhí sa chéad aois ag Túathal Techtmar. Luath-rítheaghlachv sa cheantar ab ea Uí Enechglaiss. De réir fhianaise ar cloch oghaim duit raibh ó dheas den Bhaile Shláine, bhí siad i gceannas ann. I dteannta le hUí Fhailí agus Uí Bairrche, ball desna Laigin ab ea iad, ach b'fhéidir fosta go raibh gaol acu leis na hIverni. I rith na luath-6ú haoise, cuireadh an ruaig orthu ag Uí Néill as a dtír dhúchais i gCill Dara agus thar Sléibhte Chill Mhantáin. Go déanach sa ré stairiúil, bhí Uí Enechglaiss suite san tInbhear Mór agus mórthimpeall air.

I nÉirinn ná meánaoise, de Chlann Cholmáin a bhí Ríthe na Mí, géag de chlann Uí Néill. Bhí roinnt acu ina nArd-Ríthe na hÉireann.

I ndiaidh Ionradh na Normannach, bhronn Henry II Shasana, ina cáilíocht mar Thiarna na hÉireann, an ríocht ar Hugo de Lacy sa bhliain 1172, faoin teideal Tiarnas na Mí. Díbríodh Uí Mhaoil Sheachlainn siar agus lonnaigh siad ar bhruach oirthir na Sionainne.

Cúige agus deoise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar gur Cúigí na hÉireann ab ea an Mhí, i dteannta le Connachta, Laighin, Mumhain and Uladh. Tá teoranta an-chosúil leis an ríocht ag Deoise na Mí, bunaithe ag Sionad Ráth Bhreasail sa bhliain 1111.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Críocha an lae inniu:

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Clann Cholmain Kings of Mide 766–1184", ll. 195–196 in "A New History of Ireland", Iml. IX, eag. Byrne, Martin, Moody, 1984.
  • "Walsh, Paul (2003). "Irish Leaders and Learning Through the Ages". Four Courts Press. 
  • "King James II's Irish Army List", D'Alton, 18??

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]