Túathal Techtmar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Tuathal Teachtmhar (Sean-Ghaeilge Túathal Techtmar) mac Fíachu Finnolach.

Is amhlaidh go gciallaíonn a bhua-ainm reachtmhar, dlisteanach; nó bhféidir fréamhaithe ó teacht, le brí "de thuras mór", "turas ó fhad i gcéin", nó a leithéid; nó b'fhéidir fréamhaí Gaelach de Toutatis na nGallach, .i. Teuto-valos, 'Rialtóir na nDaoine'.[1][2][3]

Deirtear gur sinsear clann Uí Néill agus na gConnacht é, tríd a gharmhac Conn Cétchathach.

Seanscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caomhnaíonn dán den 9ú haois le Mael Mura d'Othain an leagan is sine de scéal Tuathail. Insítear sa dán gur cuireadh a athair, Fíachu Finnolach, as cumhacht i rith éirí amach na n-aitreach, ag ceathrar ríthe na gcúigí, Elim mac Conrach na nUladh, Sanbh (mac Cét mhic Mhágaigh) na gConnacht, Foirbre na Mumhan agus Eochaid Ainchenn na Laighean, agus ba é Elim a rinneadh ina Ard-Rí. IIDirbheart a réime chuir Dia pionóis ar Éirinn as ucht diúltú seo na ríochta dhlisteanaí, agus bhí gorta ar fud na tíre. Chuaigh Túathal, i dteannta lena bheirt dheartháireacha Fiacha Cassán and Findmall agus 600 dá ngaiscí, at mhírshiúl ar Theamhraigh, agus chloígh siad Elim i gcomhrac ag cnoc Aichle.[4] Bhuaigh sé cathanna in aghaidh na Ligmuini, na Gailión, na bhFear Boilg, na bhFear Domnann, na nUladh, na Mumhan, the Fir Ol nEchmacht agus na nÉrainn. Thug sé uaisle na hÉireann i gceann a chéile ag Teamhraigh dílseachta chur sé orthu dílseacht a mhionnú dó agus dá shliocht.[5][6]

I leaganacha níos déanaí den scéal, ceiltear ról na n-uaisle san éirí amach na n-aiteach. San Leabhar Gabhála na hÉireann[7] faightear scéal Tuathail ar deoraíocht. Bhí a mháthair Eithne Imgel, iníon rí na hAlban (ar dtús An Bhreatain go léir, níos dearanaí Alba amháin), torrach nuair a cuireadh Fíachu ag cumhacht, agus theith sí abhaile air a thóg sí Tuathal ar an saol. Fiche bliain ina dhiaidh sin, tháinig Tuathal agus a mháthair ar ais go hÉirinn, agus chuaigh le chéile le Fiacha Cassán agus Findmall ar mhórshiúl ar Teamhraigh agus thóg an coróin.

Tá éirí amach mar a leithéid in Annála na gCeithre Máistrí[8] cúpla glúin nis luaithe, agus Cairbre Cinnchait i gceannas in éadan an Ard-Rí Crimthann Nia Náir. An uair seo, ba é Feradach Finnfechtnach mac Crimthainn an rí le teacht a d'éalaigh agus é fós i mbroinn a mháthar, cé go ndeir na hAnnála gur d'fhill sé abhaile cúig bhliana i ndúradh sin chun an coróin a éileamh. Tá an t-athscéal ann cúpla glúin níos deireanaí, le héirí amach Elim in éadan Fhiacha, agus le deoraíocht agus filleadh Tuathail.

Chuir Seathrún Céitinn[9] an dá scéal le chéile i gceann amháin. Dar leis, thug Crimthann an coróin chuig a mhac Feradach, agus ba é Cairbre Cinnchait (de shliocht na bhFear Bolg), ceannaire an éirí amach a chuir Fiacha as cumhacht, á mharú ag fleadh. Theith Eithne agus í torrach maraon leis na foinsí eile. Bhí Cairbre i réim ar feadh cúig bhliana, d'éag de phlá agus tháinig Elim i gcomharbacht air. Tar éis fiche bliain agus Elim i réim, cuireadh ina luí ar Thuathal fiche nó chuig bhliana is fiche d'aois filleadh ar ais, ag teacht i dtír ag Inbhear Domnainn (Bá Mhullach Íde). I dteannta le Fiacha Cassán agus Findmall agus a n-óglaigh, chuaigh sé ar mhórshiúl ar Theamhraigh, áit a fógraíodh mar rí é. Chuaigh Elim i mbun catha ag cnoc Aichle, ach cloíodh agus maraíodh é.

Throid Túathal cúig chath Chatham fiche in éadan na nUladh, cúig is fiche in éadan na Laighean, cúig is fiche in éadan na gConnacht agus tríocha cúig in éadan na Mumhan.[10] Sa deireadh thiar agus an tír go léir faoi smacht, ghair sé tionól Teamhraigh. Rith sé reachtaíocht agus d'ionghabh sé críocha ó ghach cúige chun cúige lárnach na Midhe as chruthú thart timpeall ar Theamhraigh, mar dúiche an Ard-Rí. Thóg sé ceithre dhún sa Mhidhe; Tlachtga, agus a d'íobraíodh na draoithe ar oíche Shamhna, ar thalamh na Mumhan; Uisneach, áit a cheiliúradh féile na Bealtaine, Connachta thalamh na gConnacht; Tailte, áit a cheiliúradh Lúnasa ar thalamh na nUladh; and Teamhair from, ar thalamh na Laighean.

Chuaigh sé chun cogaidh in éadan na Laighean. Dhóigh sé Dún Ailinne agus chuir sé an bórama (cáin throm bólachta) i bhfeidhm ar an gcúige. De réir scéal amháin, ba é seo toisc gur phós rí na Laighean, Eochaid Ainchenn, iníon Tuathail, Dairine, ach dúirt sé le Tuathal go bhfuair sí bás, agus dá bharr tugadh a iníon eile Fithir dó. Nuair a tháinig Fithir ar an eolas go maireadh Dairine fós, d'éag sí de náire; agus nuair a chonaic Dairine a deirfiúr marbh, d'éag sí de bhrón.

Meastar gur thóg Tuathal nó a bhean chéile Baine, Ráth Mór, dún na hIarannaoise i suíomh créfoirt ag Clochar,[11] Contae Thír Eoghain.

Fuair Tuathal bás i mbun catha ón éadan Mhal mhic Rochraí, rí na nUladh, ag Mag Line[12] (gar do Latharna, Contae Aontroma). Bhain a mhac, Fedlimid Rechtmar, díoltas as a bhás in am trátha.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dátaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An chéad Goidheal?[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhol an scoláire T. F. O'Rahilly gur sheas Tuathal, maraon le scéalta dá leithéid maidir le "deoraí fillte", ar son ionraí go hiomlán iasachta a bhunaigh ríshleachta in Éirinn, agus a tugadh bunúis Ghaelacha dóibh chun dlisteanacht bhréagach a thabhairt. Mhaígh sé gurbh ionann scéal Tuathail, curtha siar go dtí an 1d nó 2a haois RC, agus ionradh na nGael, a lonnaigh fúthu thar na daonra dúchasacha agus a thóg isteach leo an teanga Q-Ceilteach a d'éireodh ina theanga Gaeilge. Thug a nginealeolaithe le chéile in aon mhiotaseolaíocht amháin gach uile ríshliocht, Goidealach nó eile, agus a ndéithe sinsireacha, ag dul siar thar míle bliain go Míl Espáine seanscéalach.[13]

Rómhánaigh in Éirinn?[cuir in eagar | athraigh foinse]

Más fíor gur cruinn iad na dátaí tradisiúnta, tagann teoiric eile chun cinn. Luann an staraí Rómhánach Tacitus go chuir gobharnóir na Breataine Agricola (idir AD 78 agus 84) fáilte roimh uasal Gaelach ar deoraíocht, ar intinn aige go mba leithscéal é chun Éire a chloí.[14] Níor threascair nó Agricola nó a chomharbaí Éire, ach le déanaí, thángthas ar fhianaise seandálaíochta a chaitheann amhras ar an gcreideamh nár leag na Rómhánaigh cos riamh ar an oileán.

Fuarthas déantáin Rómhánacha go háirithe i Laighin, ag dún ar Dhroim Meánach taobh ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath, uaigheanna ar Reachrainn (an dá áit seo gar do theacht i dtír mar dhea Tuathail), agus suíomhanna eile gaolta le Tuathal amhail is Teamhair agus Clochar.[15]

Ach is cúis conspóid é ámh, an é seo fianaise de trádála, taidhleoireachta nó gníomhaíochta mhíleata. D'fhéadfadh é gur thug na Rómhánaigh cabhair do Thuathal, nó duine dá leithéid, chun a choróin a athfháil, ar leas comharsa chairdiúla a bheith acu um buíonta chreiche Gaelacha a chosc.[6][16]

Scríobh Juvenal, file Rómhánach den 2a haois Roman poet a rinne b'fhéidir seirbhís sa Bhreatain faoi Agricola, gur "tógadh airm thar fharraige na hÉireann".[17]

Craobh ghinealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

 
 
 
Feradach Finnfechtnach
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Fíachu Finnolach
 
Eithne Imgel
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Túathal Techtmar
 
Baine
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Dairine
 
Eochaid Ainchenn
 
Fithir
 
Fedlimid Rechtmar
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Conn Cétchathach
 
Eochaid Finn
 
 
Fiacha Suigde
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Uí Néill
 
Connachta
 
*
 
*
 
Dal Fiachrach Suighe

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. O'Rahilly (1946), lch. 170
  2. Anne Ross Pagan Celtic Britain, Academy Chicago Publishers (1996), lch. 225.
  3. Teutates, Encyclopædia Britannica. Eanáir 07, 2018.
  4. An Scrín, Achall ar logainm.ie
  5. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946, ll. 154–161
  6. 6.0 6.1 R. B. Warner, "Tuathal Techtmar: A Myth or Ancient Literary Evidence for a Roman Invasion?", Emania 13, 1995, ll. 23–32
  7. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 307–321
  8. Annála na gCeithre Máistrí, M9 - 106
  9. Foras Feasa ar Éirinn, 1.38, 39, 40
  10. Tuathal Céad-is-a-deich-chathach?
  11. Clochar, Tír Eoghain, ar logainm.ie
  12. Moylinny, Ainm Gaeilge le deimhniú ar logainm.ie
  13. O'Rahilly 1946, ll. 161–170
  14. Tacitus, Agricola, 24
  15. Clochar ar logainm.ie
  16. Vittorio di Martino, Roman Ireland, The Collins Press, 2006
  17. Juvenal, Satires, 2.159–160


Roimh
Elim mac Conrach
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 2a haois AD
FFÉ AD 80–100
ACM AD 76–106
Tar Éis
Mal mac Rochride