Hibernia
Ainm as Laidin Chlaisiceach is ea Hibernia a tugadh ar oileán na hÉireann.

Is é *Īweriū an fhréamh Q-Celtic, as ar tháinig in am trátha na h-ainmneacha Gaeilge Ériu agus Éire.
Thug Pytheas, agus é ar turas i iarthuaisceart na hEorpa (c. 320 RC), an t-ainm Iérnē (Ἰέρνη) ar an oileán; agus thug Tolamaes, in a shaothar Geografaíocht (c. 150 AD), an t-ainm Iouerníā (Ἰουερνία) air.
Athraíodh an t-ainm i Laidin, faoi thionchar an fhocail hibernus, i leith is gur "tír an gheimhridh" a bhí ann, cé go raibh ī (i-fada) san fhocal úd.[1] Faighter Hibernia sa leabhar Agricola (c. 98 AD) leis an staraí Rómhánach, Tacitus.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |