Elim mac Conrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Eilimh (Sean-Ghaeilge Elim) mac Conrach.

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, chuir sé an t-iar-ard-rí Fíachu Finnolach as cumhacht i n-éirí amach na n-aitheach-tuath. Rinneadh sléacht ar uaisle na hÉireann, agus níor é éalaigh ach triúr ban ag iompar clainne: Eithne Imgel, bean chéile Fhiacha agus iníon rí na Alban; Gruibne, bean chéile rí na Mumhan agus iníon rí na Breataine; agus Áine, bean chruinne rí na nUladh agus iníon rí na Sacsanach. Máthair Corb Olom, sinsear na n-Eoghanacht na Mumhan ab ea Gruibe; sinsear na Dál nAraidi na nUladh ab ea Tibraide Tírech mac Áine; theith Eithne go hAlbain áit a thóg sí Túathal Techtmar mac Fiacha ar an saol. Bhí Eilimh i réim ar feadh fiche bliain, sular tháinig Tuathal i dtír ag Inbhear Domhnainn agus forógraíodh ina rí é. Mháirseáil sé go Teamhair agus chloígh agus mharaigh sé Eilimh i gcomhrac ar an gcnoc Cnoc Achaill in aice láimhe.[1]

Aontaíonn na Ceithre Máistrí ar an iomlán leis an Leabhar Gabhála, ag cur leis ach amháin go raibh ríthe na gcúigí i gceannas éirí amach na n-aitheach-tuatha; go raibh Eilimh rí na nUladh; agus nach raibh grán, toradh, bainne nó iasc i rith a réime, toisc go raibh Dia ag cur pionós ar na haithigh-tuatha faoina ndonas.[2]

Insíonn Seathrún Céitinn scéal beagáinín éagsúil, ag rá gurbh é Cairbre Cinnchait ceannaire an éirí, agus gur tháinig Eilimh i gcomharbacht air.[3]

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 307-311
  2. Annála na gCeithre Máistrí, M56 - 76
  3. Foras Feasa ar Éirinn, 1.38


Roimh
LGE/AFM Fíachu Finnolach
FFE Cairbre Cinnchait
Ard Rí na hÉireann
LGÉ 2a haois AD
FFÉ AD 60–80
ACM AD 56–76
Tar Éis
Túathal Techtmar