Cairbre Cinnchait
Gníomhaíocht | |
---|---|
Gairm | rí |
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Cairbre Cinnchait nó Caitchenn. Tá éagsúlachta ar leith idir na foinsí maidir lena shinsearacht agus a áit i sraith na n-Ard-Ríthe.
De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i gcoróin tar éis dó Crimthann Nia Náir an t-iar-Ard-Rí, Conchobar Abradruad, a mharú, agus go raibh sé i réim ar feadh cúig bliana. Níltear cinnte sa Leabhar Gabhála maidir lena shinsearacht. Deir sé gurbh é an "meas léannta" é go raibh sé de shliocht nó Luaigne Teamhrach, na dTuath Dé Danann, Catraige na gConnacht, na gCorcortri (de shliocht an t-iar-ard-rí Cimbáeth), nó Ír mac Míl Espáine. Deirtear gurbh é Duthach a athair. Mani iníon rí na Uladh ab ea a bhean chéile, agus bhí mac acu, Morann mac Máin. Tháinig Feradach Finnfechtnach i gcomharbacht air.
De réir Annála na gCeithre Máistrí, tháinig Criomthann i gcoróin tar éis dó Conchúr a mharú, agus gur tháinig Cairbre i gcomharbacht ar Chriomthann "tar éis dó na huaisle go leor a mharú". Sa scéal seo, taoiseach éirí amach na n-aitheach tuath ab ea Cairbre. Níor tháinig slán ón ár ach triúr ban torrach na n uaisle: Baine, iníon rí na halban agus máthair Feradach Finnfechtnach; Cruife, iníon rí na Breataine agus máthair Corb Olum, sinsear na n-Eóganacht na Mumhan; agus Áine, iníon rí na Sacsanach agus máthair Tibraide Tirech, sinsear na nDál nAraidi. I rith réim Cairbre, loic na barra, ní raibh na ba ar a lacht, agus bhí na haibhneacha gan iasc. Bhí sé i réim ar feadh cúig bliana sula bhfuair sé bás. Tháinig Feradach Finnfechtnach i gcomharbacht air, a bhí níos lú ná cúig bliana d'aois, dá mba fhíor.
Aontaíonn Seathrún Céitinn gur tháinig Crimthann i gcomharbacht ar Conchúr, ach gur tháinig Feradach Finnfechtnach, Fíatach Finn agus Fíachu Finnolach rí ar rí ina dhiaidh. De réir Seathrúin, ba é Fiacha a cuireadh as cumhacht ag na haithneach-tuatha, agus ba iad na mná torraigh uaisle a d'éalaigh ná: Eithne bean chéile Fhiacha; Beartha iníon rí na Breataine; agus Áine iníon rí na Sachsanach. Deir Céitinn gur shliocht nó d'iarla Lochlannach, a tháinig go hÉirinn le Labraid Loingsech, nó de na Fir Bholg ab ea Cairbre. Bhí sé i réim ar feadh cúig bliana, sular éag sé de phlá. Tháinig Elim mac Conrach i gcomharbacht air, a chuirfeadh Tuathal mac Fiacha as cumhacht é i ndeireadh na dála.
Achar ama
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Gabhála na hÉireann: Impire na Róimhe, Domitian (AD 81–96).[1]
- Foras Feasa ar Éirinn: AD 55–60.[2]
- Annála na gCeithre Máistrí: AD 9–14.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 305
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, 1.38
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí M9-14
Réamhtheachtaí LGÉ Conchobar Abradruad FFÉ Fíachu Finnolach ACM Crimthann Nia Náir |
Ard-Rí na hÉireann LGÉ 1d aois AD FFÉ AD 55–60 ACM AD 9–14 |
Comharba LGE/ACM Feradach Finnfechtnach FFÉ Elim mac Conrach |