Labraid Loingsech

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Labhraid Loingseach (Sean-Ghaeilge Labraid Loingsech) aitheanta chomh maith mar Labhraid Maon[1] agus Labhraid Lorc mac Ailealla Áine mhic Laoghaire Lorc.

Meastar gur sinsear na Laigean é, a bhfuil cúige Laighean ainmnithe astu.[2] Tá dán ríoraíoch ann deir go bhfuil sé "dia i measc déithe", a mholann gur shinseardhia na Laighean ab ea é tráth.[3]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na seanscéalta, maraíodh sheanathar Labraid, Lóegaire Lorc go fealltach ag a dheartháirse, Cobthach Cóel Breg. D'íoc Cobhthach duine éigin chun nimh a thabhairt do Ailill Áine, mac Laoghaire, a raibh riocht na Laighean tóghta aige,[4] agus thug sé ar mac óg Ailella croíthe a athar agus a sheanathar a ithe, agus luch a shlogadh.[5] Ina bhalbhán anois tar éis an tráma, aithníodh an buachaill mar Mhaon-Ollamh[6] (Sean-Ghaeilge Móen Ollom). Níos faide anonn, buaileadh é ar a lorga i rith cluiche iománaíochta, agus scairt sé "Táim gortaithe!" As sin amach, glaodh Labraid (labhraíonn (sé)) air.

Deoraíocht agus filleadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Insítear i Leabhar Gabhála na hÉireann gur cuireadh Labraid ar deoraíocht thar lear. Sa Leabhar Laighneach, tá scéal próis ann ina insítear gur fhógair Cobhthach tionól ag Teamhair, agus d'fhiafraigh sé cé an té is féile in Éirinn. D'fhreagair a fhile Ferchertne, agus a chláirsí, Craiftine, ar an dtoirt "Labhraid". Dá bharr, chuir Cobhthach an triúr acu ar deoraíocht. Thug Scoriath, rí Fhir Morca na Mumhan, tearmann dóibh. Bhí iníon ag Scoriath darb ainm Moriath, a thit i ngrá le Labhraid, ach bhíodh a máthair ina codladh agus súil amháin ar oscailt. Chan Craiftine fonn codlata ar a chláirseach chun í a mhealladh, agus chaith Labhraid Moriathann oíche le Moriath. Nuair a dheisigh a máthair, ba léir sí céard a tharla, d'admhaigh Labhraid, agus phós an lánúin. Tríocha bliain níos déanaí, le cabhair airm Scoriatha agus cláirseach Chraiftine, tháinig sé ar ais go hÉirinn, rinne sé suíocháin le Cobthach agus bronnadh Cúige Laighean air.[7].[4]

Insíonn Seathrún Céitinn scéal eile. Tar éis tamaill caite le Scoriath i Mumhain, chuaigh Labraid go dtí an mhór-roinn. Bhain sé clú agus cáil amach mar cheannaire cosantóirí Rí na Francach, a raibh gaol aige le seanmháthair Labhraidhe, Cessair Chrothach (iníon rí na Francach, de réir an Leabhar Gabhála). Nuair a tháinig sí art eolas a mhórbheart, thit Moriath iníon Scoriatha, i ngrá leis i bhfad uaithi. Scríobh sí fonn grá dó, agus chuir sí Craiftine chun na Gaille, chun é a chanadh dó. Bhí Labhraid thar a bheith sásta leis an amhrán, agus shocraigh sé filleadh ar ais go hÉirinn agus a thailte a ath-fháil. D'fheistigh rí na Fraince é le cabhlach long agus 2,200 fear.

Cogadh agus síocháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor mhair an síocháin idir Labhraid agus Cobhthach. Insítear sa Leabhar Gabhála gur tharla cogadh eatarthu.[7] Sa leagan sa Leabhar Laighneach, thug Labraid cuireadh do Cobhthach, i dteannta le tríocha rí na hÉireann, cuairt a thabhairt air. Thóg sé ar feadh bliana teach iarainn ag Dinn Rí chun iad a fháiltiú. Dhiúltaigh Cobhthach dul isteach sa teach, mura rachadh máthair agus crosán Labhraí os a chomhar. Chuaigh siad. Chuir Labraid bia agus leann ar an mbord dá aíonna, ach dhún sé an teach le slabhraí, agus le cead is caoga boilg, dóigh sé an teach chun talaimh. D'éag sa tine Cobhthach agus seacht gcéad dá ghaiscí of his men, i dteannta le máthair agus crosán Labhraidhe. Bhí a mháthair sásta bás a fháil ar son onóir a mhic; agus gealladh don chrosán go shaorfaí a theaghlach.[4]

Cluasa capaill Labhraid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Insítear scéal, amhail scéal rí na Gréige, Midas, go raibh cluasa capaill ag Labraid, rud gur bhreá leis a choinnigh faoi rún. Toghadh bearbóir ar crannchur uair sa bhliain chun a chuid gruaige a bhearradh, agus cuireadh chun báis é ar an dtoirt. Chuala baintreach tráth go raibh a haonmhac tofa mar bhearbóir, agus d'impigh sí ar an rí gan é a mharú. Thoiligh sé, fad is go gcoinní an bearbóir an rún. Bhí eire an rún chomh trom sin ámh gur éirigh an bearbóir tinn. Thug draoi comhairle dó dul go crosaire, agus a rún a insint don chéad chrann a bhfaca sé; mhaolódh a eire, agus thiocfadh feabhas air. D'inis sé an rún do chrann mór sailí. Ar ball beag ina dhiadh sin, bhris Craiftine a chláirseach, agus rinne sé ceann nua le hadhmad an chrainn úd. Pé uair a sheinneadh sé í, chanadh an chláirseach "Tá cluasa capaill ag Labraid Lorc". D'inis Labraid a rún, agus rinne sé aithrí i ngach bearbóir a chuir sé chun báis.[5]

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé í réim ar feadh a deich, naoi déag nó tríocha bliain, ah braith ar fhoinse, agus bhain sé díoltas amach ar pháistí Chobhthaigh, sular mharaigh Meilge Molbthach mac Chobhthaigh é.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí aitheanta ar a lucht leanúna mar Laighin as na claimhte leathana liathghorma iarainn a bhí acu,[5] dárbh ainm láigen[9] as Sean-Ghaeilge.

Rinne T. F. O'Rahilly iarracht an mearbhall a bhí ar áit deoraíocht Labhraidhe a mhíniú. Mhol sé gur thruailliú de Armorica i n-iardheisceart na Fraince ab ea an t-ainm Fir Morca, dream na Mumhan sa Leabhar Laighneach.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. maen ar eDIL, balbh
  2. 2.0 2.1 T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946, ll. 101-117
  3. "Móen óen", in John T. Koch & John Carey (eag.), The Celtic Heroic Age, Celtic Studies Publications, 1997, lch. 46
  4. 4.0 4.1 4.2 Leabhar Laighneach: "The Destruction of Dind Rig"
  5. 5.0 5.1 5.2 Foras Feasa ar Éirinn, 1.29 - 1.30
  6. maon ar teanglann.ie
  7. 7.0 7.1 R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 275-277
  8. Annála na gCeithre Máistrí, M4658 - 4677
  9. láigen ar eDIL


Roimh
Cobthach Cóel Breg
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ1 3ú haois RC
LGÉ2 307–288 RC
FFÉ 379–369 RC
AFM 542–523 RC
Tar Éis
Meilge Molbthach