Lóegaire Lorc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Laoghaire Lorc (Sean-Ghaeilge Lóegaire Lorc[1]) mac Úgaine Mór.

Instear i Lebor Gabála Érenn[2] gur tháinig sé go díreach i gcomharbacht ar a athair, a bhí maraithe ag Bodbchad, cé go ndeir Seathrún Céitinn[3] agus na Ceithre Máistrí[4] gur tháinig Badhbhchaid i gcoróin le lá go leith sular mharaigh Laoghaire é.

Bhí Laoghaire i réim ar feadh dhá bhliain. Shantaigh a dheartháir Cobthach Cóel Breg an coróin, agus de réir comhairle draoi, lig sé air a bheith tinn, go dtuga Laoghaire cuairt air. Lena theacht, lig Cobhthach air go raibh sé marbh. Nuair a chrom Laoghaire thar a chorp le dobhrón, sháigh sé é le miodóig. D'íoc Cobhthach le duine ansin, nimh a thabhairt Ailill Áine mac Laoghaire, agus chur sé iachall ar Labraid mac Ailella croíthe a athar agus a sheanathar, agus luch, a ithe. Chuir Cobhthach ar deoraíocht é Labraid, is amhlaidh toisc gurbh eisean an fear is fáiltí in Éirinn.[5]

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1 lorc ar eDIL
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 275-277
  3. Foras Feasa ar Éirinn, 1.28 - 1.29
  4. Annála na gCeithre Máistrí, M4606-4608
  5. Leabhar Laighneach, "The Destruction of Dind Rig"


Roimh
Úgaine Mór
Bodbchad
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 3ú haois RC
FFÉ 411–409 RC
ACM 594–592 RC
Tar Éis
Cobthach Cóel Breg