Cobthach Cóel Breg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Cobhthach Caol Bhreig (Sean-Ghaeilge Cobthach Cóel Breg) mac Úgaine Mór.

Tháinig sé i gcoróin tar éis dó a dheartháir Lóegaire Lorc a mharú.[1] Insítear go raibh sé chomh hite sin le héad as a dheartháir gur mheath sé go mór, agus dá bharr a bhua-ainm Caol Bhreig. Le comhairle draoi, lig sé air a bheith tinn, go dtuga Laoghaire cuairt air visit him. Lena theacht, lig sé air a bheith bás. Ina luí ar a chróchar, shléacht Lóegaire féin le dobhrón thar a chorp, agus sháigh Cobhthach é le miodóig. D'íoc Cobhthach le duine ansin, nimh a thabhairt Ailill Áine mac Laoghaire, agus chur sé iachall ar Labraid mac Ailella croíthe a athar agus a sheanathar, agus luch, a ithe. Chuir Cobhthach ar deoraíocht é Labraid, is amhlaidh toisc gurbh eisean an fear is fáiltí in Éirinn.[2]

Ní ba dhéanaí, rinne Cobhthach síocháin le Labraid (anois aitheanta as a bhua-ainm Loingseach, deoraí) agus bhronn sé Cúige Laighean air, ach chlis ar an gcaidreamh arís agus thárla cogadh eatarthu. Dhóigh Labraid chun báis Cobhthach agus a lucht leanúna i dtigh iarainn ag Dionn Rí, rud na chúis aighnis i ríshliocht Éireamhóin. Bhí Cobhthach i réim ar feadh tríocha nó caoga bliain.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 275-277
  2. Leabhar Laighneach, "The Destruction of Dind Rig"
  3. Foras Feasa ar Éirinn, 1.29
  4. Annála na gCeithre Máistrí, M4608 - 4658


Roimh
Lóegaire Lorc
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ1 3ú haois RC
LGÉ2 357–307 RC
FFÉ 409–379 RC
ACM 592–542 RC
Tar Éis
Labraid Loingsech