Úgaine Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Uaghaine Mór (Sean-Ghaeilge Úgaine Mór) mac Eochu Buadach mac Dui Ladgrach.[1]

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac altrama Cimbáeth agus Mhacha Moinge Rua ab ea Uaghaine, agus tháinig sé i réim tar éis dó a réamhtheachtaí, agus marfóir a mháthar altrama, Rechtaid Rígderg a mharú. Deirtear i Lebor Gabála Érenn go raibh sé i gceannas ar "Alba go dtí an Muir nIocht", .i. An Bhreatain go léir, agus "dar le roinnt", ar fud na hEorpa.[2]

Phós sé Cessair Chrothach, iníon rí na nGallach, a thug ar an saol leis beirt mhac is fiche agus triúr iníonacha. Deirtear gur roinn sé Éire dá pháistí. Mar shampla (agus féach thíos), thug sé Life dá mhac Lóegaire Lorc BregiaChobhthach Caol Breag. Bhí a iníon Muirisc i gceannas ar Mag Muirisce, Muraisc an lae inniu.[3] Mhair an roinn seo ar feadh trí chéad bliain go dtí ré na Cúigí a bhunaigh Eochaidh Feidhil.

Bhí Uaghaine Mór i réim ar feadh tríocha nó daichead bliain, sular mharaigh a dheartháir, Bodbchad, é. De réir an Leabhar Gabhála, tháinig a mhac Lóegaire Lorc díreach i gcomharbacht air, cé go n-insítear in Annála na gCeithre Máistrí[4] agus Foras Feasa ar Éirinn[5] go raibh Badhbhchad ina rí ar feadh lá go leith sular mharaigh Lóegaire é. Tháinig Cobhthach Caol Breag i gcomharbacht ar a dheartháir, Loegaire.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sliocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas sliocht Uaghaine, agus an talamh a thabhairt sé dóibh. Deirtear go raibh cúigear is fiche sa chlann, beirt mhac is fiche agus triúr iníonacha.[7] Is amhlaidh ámh go raibh iníon eile ann, darb ainm Lathar (gan bheith meascaithe le Latharn).

  1. Cobhthach Caol Breagh, Ard-Rí, "Breagh"[log 1]
  2. Cobhthach Minn, "Muirtheimhne i gContae Lú mar atá".
  3. Laeghair Lorc, Ard-Rí, "tailte abha Na Life, i Laighin".[log 2]
  4. Fuilne, "Magh-Fea, Contae Cheatharlach".
  5. Nar, "Magh-Nair".
  6. Raighne, "Maigh Roighne, i n-Osraí".[log 3]
  7. Narbh, "Magh-Narbh".
  8. Cinga, "Airgeadros, ar abhainn na Na Feoire".[log 4]
  9. Tair, "Magh-Tarra".
  10. Triath, "Treitherne".
  11. Sen, "Luachair-Deaghaidh, i gContae Chiarraí".
  12. Bard, "Cluain-Corca-Oiche, in Ui-Fodhgheinte".
  13. Fergus Gnoi, "Deisi an deiscirt".
  14. Orb, "Aidhne, i ndeoise Chill Mhic Dhuach".[log 5]
  15. Moen, "Moenmhag, in Clanrickard, i gContae na Gaillimhe mar atá".[log 6]
  16. Sanbh, "Maigh Aoi, i gContae Ros Comáin mar atá".[log 7]
  17. Muireadbach Mal, "Cliu-Mail".[log 8]
  18. Eochaidh, "Seolmhagh, i mbarúntacht an Chláir, Contae na Gaillimhe mar atá".
  19. Latharn, "Latharna, Contae Aontroma".[log 9]
  20. Mare, "An Mhí".[log 10]
  21. Laegh, "Line, or Magh-Line, Contae Aontroma".
  22. Cairbre, "An Corann, i gContae Shligigh mar atá".[log 11]
  23. Ailbhe, "Maigh Ailbhe, in the present county of Kildare".[log 12]
  24. Aoife, "Maigh Aoife, nó Maigh Fheimhin mar a thugtar air freisin, i gContae Thiobraid Árann".[log 13]
  25. Muirisc, "Maigh Muirisce".[log 14]
  26. Lathar, "Is cosúil gur bhronn Uaghaine ar Lathar sraith talún le taobh an chladaigh i gContae Aontroma, ó Gleann Arma go dtí an t-Inbhear; lá éigin, bheadh seo an Latharna".[log 15]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ugaine More/Hugonius, 66th King of Ireland" at Genealogy.com
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 267-275.
  3. Anne Chambers, Ireland's Pirate Queen: The True Story of Grace O'Malley, Nua Eabhrac : MJF Books, 2003, lch. 16.
  4. Annála na gCeithre Máistrí, M4566-4606
  5. Foras Feasa ar Éirinn,1.28 - 1.29
  6. Roderick O’Flaherty, Ogygia, or, a Chronological Account of Irish Events, Part III (1685), aistrithe le James Hely, Imleabhar II, Paris: 1793, lch. 400.
  7. Annals of the Kingdom of Ireland

Logainmneacha

  1. Breagh ar logainm.ie
  2. An Life ar logainm.ie
  3. Maigh Roighne ar logainm.ie
  4. An Fheoir ar logainm.ie
  5. Cill Mhic Dhuach (Gaillimh)(Maigh Eo) ar logainm.ie
  6. Keenagh (Clanrickard) ar logainm.ie
  7. Maigh Aoi ar logainm.ie
  8. Cluain Moil(?) ar logainm.ie
  9. Latharna ar logainm.ie
  10. An Mhí ar logainm.ie
  11. An Corann ar logainm.ie
  12. Maigh Ailbhe ar logainm.ie
  13. Maigh Fheimhin ar logainm.ie
  14. Muraisc ar logainm.ie
  15. Gleann Arma, Inver ar logainm.ie


Roimh
Rechtaid Rígderg
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 3ú haois RC
FFÉ 441–411 RC
ACM 634–594 RC
Tar Éis
Bodbchad
Lóegaire Lorc