Bodbchad
Cuma
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Náisiúntacht | Éire |
Muintir | |
Athair | Eochu Buadach |
Daoine muinteartha | Dui Ladgrach |
Eile | |
Cúram | Ardrí na hÉireann |
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Badhbhchaid (Sean-Ghaeilge Bodbchad) mac Eochaid Buadach mac Dui Ladgrach ach ar feadh seal gairid.
Insítear i Leabhar Gabhála na hÉireann gur mharaigh Badhbhchaid a dheartháir, an t-Ard-Rí Úgaine Mór, agus gur tháinig a mhac Lóegaire Lorc go díreach i gcomharbacht air.[1] De réir Seathrún Céitinn[2] agus na Ceithre Máistrí[3] ámh, tar éis dó Uaghaine a mharú, tháinig Badhbhchaid i gcoróin le lá go leith, sular mharaigh Laoghaire é.
Achar ama
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Gabhála na hÉireann: Ptolemy II Philadelphus (281–246 RC).
- Foras Feasa ar Éirinn: 411 RC.
- Annála na gCeithre Máistrí: 594 RC.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 267-275
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, 1.28
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M4606
Réamhtheachtaí Úgaine Mór |
Ard-Rí na hÉireann LGÉ 3rd century RC FFÉ 411 RC ACM 594 RC |
Comharba Lóegaire Lorc |