Latharna
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
| Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
| Contae i dTuaisceart na hÉireann | Contae Aontroma | |||
| Príomhchathair de | ||||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 18,853 | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Cód poist | BT40 | |||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
| Glaochód | 028 | |||
| Eile | ||||
| Logainm.ie | 1411592 | |||
| Suíomh gréasáin | larne.gov.uk | |||
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Litriú, srl
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Baile calafoirt i gContae Aontroma is ea Latharna (Béarla: Larne).[1] Bhí cónaí ar 18,228 daoine de réir na bhfigiúirí ó dhaonáireamh na Ríochta Aontaithe i 2001 (agus timpeall 30,000 duine ina gcónaí i gceantar Latharna).
Tá calafort ann, nasctha le Machair an Sgithich in Albain.

Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an Protastúnachas (80%) an príomhreiligiún. Ar an 11 Meitheamh 2025, ionsaíodh an t-ionad fóillíochta i Latharna, gortaíodh póilíní agus b’éigean mná agus páistí a thabhairt amach cúldoirse.[2] (Tharla an t-aighneas, nuair a sheol Gordon Lyons, an tAire Pobal in Stormont, teachtaireacht ar Facebook a deir seisean a bhí ag soiléiriú go raibh daoine a fuair tearmann san ionad fóillíochta i Latharna ansin imithe as. Níor ghlaoigh sé íobartaigh ar na daoine ab éigean a aistriú mar gur ionsaíodh a dtithe).[3]
Is é Lartharna príomhbhaile Chomhairle Buirg Latharna. Is mar chuid de Thoghcheantar Aontroma Thoir é mar aon le Carraig Fhearghais agus Baile na Mainistreach fá choinne olltoghchán do Pharlaimint Westminster agus do Chomhthionól Thuaisceart Éireann. Tá Latharna nasctha le Clover, South Carolina sna S-A.
Foirgnimh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá go leor foirgneamh suntasach ann, m.sh. Caisleán Olderfleet agus an Leacht Cuimhneacháin Chaine, macasamhail den Túr Cruin Gaelach Traidisiúnta.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba ríocht bheag áitiúil é Latharna tráth dá raibh. Thoisigh daoine ag cur an ainm seo ar an bhaile fhéin amháin cúpla céad bliain ó shin. Roimhe sin thugtí Inbhear an Latharna ar an bhaile bheag. Thugeadh lucht an Bhéarla Inver Larne nó go simplí Inver ar an áit chearna. An t-ainm ba shine do Loch Latharna ná Loch Ollarbha nó Inbhear nOllarbha, rud a tharrans bho Ollarbha a bhíodh ina ainm ársa ar an dobhar.
Le linn an 18ú haoise d’imigh cuid mhór daoine ar imirce go Meiriceá fríd an bhaile. Tá dealbh cuimhneacháin ina sheasamh i bPáirc Smiley in ómós don Friends Goodwill, .i. an chéad long imirce a seoladh ó Latharna i mí na Bealtaine 1717 agus é ar a thriail go Bostún sna Stáit Aontaithe. Is urrainn nascanna fada buana Bostúin le hÉirinn a rianú chuig Latharna.
Mar aon le hiarthar agus le deisceart na hÉireann bhí drochthionchar ag an Ghorta Mhór ar an bhaile i lár an 18ú haoise. Bhí sé mar áit a sheas amach i gcodarsnacht le contaetha Aontroma, an Dúin, Lú, Átha Cliath, agus Chill Mhantáin thoir.[fíoras?]
I 1914, d’ulmhaigh Dílseoirí a bhí curtha i gcoinne an Bhille Rialtas Dúchais 1914 le haghaidh frithbheartaíochta armtha. Tabhairt i dTír na nGunnaí i Latharna an téarma a thugtar ar thréimhse inar iompraíodh armáin agus lón lámhaigh ón Ghearmáin isteach chuig an chalaphort ar an bhaile i lár na hoíche, dáileadh iad ar fud Uladh.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Latharna/Larne | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Larne: Man speaks of fear during rioting at NI leisure centre" (en-GB). www.bbc.com (2025-06-12). Dáta rochtana: 2025-06-16.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (15 Meitheamh 2025). "Bithiúntas ciníoch atá ann agus meatacht is ea é aon rud eile a rá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-15.
- ↑ A. T. Q. Stewart: "The Ulster Crisis", London, Faber and Faber Ltd., 1967 SBN 571 08066 9
