Lugh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó )
Jump to navigation Jump to search
Lugh agus a shleá draíochta i mbun cogaidh

Dia Gaelach is ea Lugh (nó Lug agus ) a léirítear mar laoch agus Ard-Rí ón am atá thart i miotaseolaíocht na nGael.

Ainmneacha eile a thugtar air ná Lámhfhada, mar aitheantas ar a chumas le sleá, nó Ildánach, Samhildánach, Lonnbeimnech, agus Macnia ("laoch-bhuachalla").

Saol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Mac Chian ó Thuatha Dé Danann agus Ethniu (iníon Bhalar na bhFomórach) atá ann. I Leabhar Gabhála na hÉireann, tugann Cian an buachaill óg Lugh do Tailtiu, banríon na bhFear Bolg, mar mhac altrama.

Ina fhear óg dó, téann Lugh go Teamhrach chun dul isteach i gcúirt ríoga Nuada, rí Thuatha Dé Danann, agus i gceann tamaill tagann sé isteach mar cheannaire orthu.

Dia tríshleasach, "Lugus", iarsmalann Carnavalet, Páras.

Tionchar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí Lugh nó Lú ar dhuine de na déithe ba thábhachtaí a bhí ag na sean-Cheiltigh[1], ní amháin in Éirinn ach ar fud na hEorpa. Bhí baint ag Lugh leis an ghrian agus leis an samhradh.

Ní nach ionadh mar sin gur thug sé a ainm don mhí is teo san fhéilire in Éirinn, mí Lúnasa.

Thug muintir na Breataine Bige Lleu Llaw Gyffes uirthi.

Ainmníodh Léon na Spáinne as Lugh, chomh maith le Lyon na Fraince agus Londain fosta, síltear.

Lugh, Ard Rí

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. bbc.co.uk (27 D.F. 2011). "Féilte na SeanGhael". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.