Feradach Finnfechtnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFeradach Finnfechtnach
Ardrí na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteFíachu Finnolach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCrimthann Nia Náir

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Fearadhach Fionnfeachtnach (Sean-Ghaeilge Feradach Finnfechtnach) mac Crimthann Nia Náir.

Níl na foinsí ar chomh intinn faoi sraith chomharbas na n-Ard-Ríthe, agus áit Fhearadhacha ann. De réir Leabhar Gabhála na hÉireann[1] agus Annála na gCeithre Máistrí[2] tháinig sé i gcoróin tar éis bás Cairbre Cinnchait. Sna hannála, deirtear go raibh a máthair Baine torrach leis nuair a chuir Cairbre a athair as cumhacht, ach más fíor bheadh sé nós lú ná a cúig bliana d'aois ag teacht i gcoróin. Is amhlaidh gur ath-insint é seo de scéal faoi Ard-Rí níos deireanaí, Túathal Techtmar.[3] Deir na hAnnála freisin gur thorthúil í Éire i rith a réimis, i gcodarsnacht leis réimeas gortach an fhorghabhálaí, Cairbre. Deir Seathrún Céitinn[4] gur tháinig Fearadhach i gcomharbacht ar a athair, Crimthann, agus réim Cairbre ina dhiaidh.

Insíonn Céitinn gur mhair an breitheamh Morann mac Máin le linn réimeas Fhearadhaigh (i Leabhar Gabhála agus na hAnnála, ba mac Cairbre agus a bhean chéile Mani é). Bhí torc draíochta le Morann, darbh ainm id[5][6] Morainn, a theannadh thar muineál breithiúna a tugfadh míbhreith go dtí go dtógfadh cóirbhreith, nó finné a thóg bréagfhianaise go dtí go n-inseodh an fhírinne.

Bhí Fearadhach i réim ar feadh fiche bliain de réir an Leabhar Gabhála agus Foras Feasa, dhá bhianna is fiche de réir na n-Annáil, sula bhfuair sé bás le hadhairt ag Liathdroim (aon ársa ar Theamhair.[7][8] I ngach foinse, tháinig Fíatach Finn i gcomharbacht air.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 305
  2. Annála na gCeithre Máistrí, M14-36
  3. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946, ll. 159-161
  4. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1.38
  5. 1 id (c) ar eDIL
  6. idhe ar teanglann.ie FGB
  7. Keating 1908, pp. 237.
  8. Connellan 1846, pp. 246, notes.


Réamhtheachtaí
LGÉ/ACM Cairbre Cinnchait
FFÉ Crimthann Nia Náir
Ard Rí na hÉireann
LGÉ 1d aois AD
FFÉ AD 5–25
ACM AD 14–36
Comharba
Fíatach Finn