Crimthann Nia Náir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCrimthann Nia Náir
Beathaisnéis
Bás9

Binn Éadair Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteFeradach Finnfechtnach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLughaidh na Riabh Dearg  agus Cloithre

I Miotaseolaíocht na nGael, Ardrí seanscéalach na hÉireann ba ea Criomhthann Nia Náir (Sean-Ghaeilge Crimthann Nia Náir) mac Lugaid Riab nDerg. Deirtear gur chinn Lugaidh é ar a mháthair féin, Cloithre, iníon Eochada Fheidhleach.[1] Dá bharr, ba sheanmháthair agus máthair Criomthainne ab ea Cloithre.

Insítear i Leabhar Gabhála na hÉireann gur chuir sé an t-Ardrí Conchobar Abradruad as cumhacht, ach ní deirtear conas ar éirigh sé féin ina Ard-Rí. San fhoinse seo, tháinig Cairbre Cinnchait i gcomharbacht ar Chonchúr.[2]

Aontaíonn Seathrún Céitinn[3] agus na Ceithre Máistrí[4] gur tháinig Criomthann i gcomharbacht ar Conchúr mar Ard-Rí, agus go raibh sé i réim ar feadh sé bliana déag. Deirtear go ndeachaigh sé ar turas lena aintín Nár, bansidhe, ar feadh míosa is coicíse, agus gur fhill sé le maoine, ina measc carbad óraithe, clár óir fichille, fallaing óir-bhróídnithe, claíomh iontlaise le nathracha óir, sciath cabhartha le hairgead, ga agus crann tabhaill nár theip a dtargaid riamh, agus dhá chú le sleabhra airgid eatarthu. Ar ball beag tar éis a fhillte, thit sé dá chapall agus d'éag sé ag Binn Éadair. De réir Ceitinne, tháinig a mhac Feradach Finnfechtnach i gcomharbacht air, de réir na gCeithre Máistrí, ba é Cairbre Cinnchait a rinneadh ina rí.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. A dictionary of Celtic mythology, James MacKillop, lch. 111
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 303-305
  3. Foras Feasa ar Éirinn, 1.37 - 1.38
  4. Annála na gCeithre Máistrí, M5192 - 9


Réamhtheachtaí
Conchobar Abradruad
Ard-Rí na hÉireann
FFÉ 12 RC – AD 5
ACM 8 RC – AD 9
Comharba
Cairbre Cinnchait
Feradach Finnfechtnach