Cead Mac Mágach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cet mac Mágach)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCead Mac Mágach
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathagaiscíoch Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht, ba laoch na gConnacht é Cead Mac Mágach (Sean-Ghaeilge Cet mac Mágach). Bhí dianchoimhlint ann idir é agus laoch na nUladh, Conall Cearnach.

De réir seanscéalta éagsúla, deirtear gur dheartháir mháthair Chonaill é, agus dá bharr a uncail.

Mac Dá Thó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag fleadh eagraithe ag Mac Dá Thó, ríbhrú Laighean, bhí laochra Connacht agus Uladh ag déanamh gaiscí chun an churadhmhír a bhuachan. Chuir Cead cách ina thost, ag cur i gcuimhne dóibh gur chloígh sé iad go léir i gcomhrac aonair. Bhí Cead ar tí a mhír a ghlacadh nuair a tháinig Conall Cernach ar an bhfód. Chuir gaiscí Chonaill Cead féin ina thost. Ghéill Cead, ach mhaígh go gcloífeadh Anluan, a dheartháir, Conall, ach go raibh sé ann. Chaith Conall mar fhreagra ceann úrbhainte Anluain isteach ina ucht.

Conchúr mac Neasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Cead na chúis bháis de rí na nUladh, Conchúr mac Neasa. Ghoid sé inchinn chailcithe Mhes Gegra, rí Laighean (a bhí tógtha ag Conall Cearnach mar chorn catha), agus chaith lena thabhall, á leabú go domhain i gcionn Chonchúr. Níorbh fhéidir le dochtúírí Chonchúir í a thógaint amach gan é a mharú, mar sin d'fhuaigh siad an chneá isteach, agus dúirt leis go mairfeadh sé fad is gur lig sé a scíth. Seacht mbliana síochána ina dhiaidh, chuala Conchúr scéala bás Chríost, bhuail taom feirge é, phléasc an inchinn as a chionn, agus fuair sé bás.

Anbhás Chet[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lá geimhridh éigin, agus mharaigh sé seachtar is fiche, ag baint a gceann. Chuaigh Conall Cearnach ar a thóir, ag leanúint a rian tríd an tsneachta. D'aimsigh sé é, ach bhí drogall air é a throid, go dtí gur cháin a charbadóir é de bharr a easpa misnigh. Bhuail siad ag áth, agus mharaigh Conall Cead i gcomhrac aonair fiachmhar, agus Conall féin i mbaol báis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]