Uí Bairrche
Muintir Ghaelach ba ea Uí Bhairrche (níos sine Uí Bairrche) a bhíodh tailte acu timpeall Cheatharlaigh i ndeisceart na Laigean ársa. Fothairt ba ea dream eile as deisceart Laighean gaolmhar le hUí Bhairrche.
Bhí an ceantar úd faoi cheannas Uí Chinnsealaigh san 8ú haois. Agus iad ag síneadh, scaradh Uí Bhairrche. Choinnigh ar dream amháin i ngleann na Bearú, ach cuireadh an ruaig ar dream eile i dtreo chósta Loch Garman.
Tá ainm an dreama caomhnaithe i mbarúntacht Uí Bhairrche.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Más fíor iad na ginealaigh mheánaoiseacha (mar shampla Rawlinson B 502, ff. 121-2[2]) tá Uí Bairrche síolraithe ó Dháire Barrach mac Cathrach Mhóir, agus mar thoradh is de shliocht na Laigean iad. Chreid T. F. O'Rahilly, ámh, gur de shliocht na nÉarann agus a sinsir, Dáire (*Dārios), iad ar dtús, agus ionadaí stairiúla na mBrigantes, lonnaithe i gContae Loch Garman sa Geografaíocht le Tolamaes.
I measc mainistreacha na Laighean faoi cheannas Uí Bairrche, bhí Cill Uasaille, Sléibhte , Cill Uisean, Banbha Mór, Cill Molapóg agus Teach Moshagard.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- O'Rahilly, T. F. O'Rahilly (1946). "Early Irish History and Mythology". Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
- Ó Corráin, Donnchadh (1998). "Creating the Past: the Early Irish Genealogical Tradition". Peritia 12: 177–208. doi: .
- Rawlinson B 502, ll. 46-48
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Uí Bairrche (Leinster)". Tracey family.
- "Stair Ghearr na nUí Bairrche". Tracey family.