Brigantes (Éire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dream lonnaithe idir i nÉirinn agus sa Bhreatain ba ea na Brigantes luaite le Tolamaes ina shaothar, Geografaíocht, den dara haois AD.[1] Ní léir é ámh an nasc eatarthu, dá mbeadh nasc ann in aon chor.

Mhol T. F. O'Rahilly gur bhunaigh an géag Éireannach an chlann Uí Bairrche. De réir a shamhala stairiúla, ba bhaill desna hÉarainn (Iverni Tholamaes) ba ea iad, de shliocht na mBelgae as an mBreatain agus ar an nGaill ó dhúchas.[2] Measann Professor John T. Koch go bhfuil nasc idir na dreamanna na hÉireann agus na Breataine, ag samhlú an bandia Brigantia leis an mbandia Gaelach, Brigit. I dteannta sin, cuireann sé in iúl tuama Rómhán-Bhriotanach mar ab fhéidir i nÁth Stúin, Contae Chill Chainnigh. Aithníonn sé na Brigantes Éireannacha le clann luathmheánaoiseach, Uí Brigte.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tolamaes, Geografaíocht, 2.1, 2.2, le Bill Thayer
  2. O'Rahilly, T. F. (1946), Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath
  3. Koch, J.T., Celtic Culture: A Historical Encyclopedia, Iml. I, ll. 312-313